Céim sa treo ceart ag Gaillimh, moladh do na Cláirínigh agus dua curtha ar fhoirne a chloígh le rialacha CLG

Caitheann Tuairisc.ie súil siar ar na scéalta is mó ón tSraith Náisiúnta Peile an deireadh seachtaine seo

Céim sa treo ceart ag Gaillimh, moladh do na Cláirínigh agus dua curtha ar fhoirne a chloígh le rialacha CLG

Robert Finnerty, Bernard Power agus Paul Kelly. Pictiúr: INPHO/Tommy Dickson

Céim sa treo ceart tógtha ag Gaillimh

Bhí dhá rud ag déanamh imní do lucht tacaíochta na Gaillimhe i ndiaidh dóibh cliseadh go náireach in aghaidh Chiarraí ag tús na sraithe. D’fhág taispeántas leamh na foirne go raibh údar imní acu ach ábhar iontais a bhí ann freisin nach raibh aon cheacht foghlamtha ag an bhfoireann bainistíochta ón ngreadadh a fuair Gaillimh ó Mhaigh Eo sa tsraith anuraidh. Tá feabhas tagtha ar an scéal le cúpla cluiche anuas, áfach.

Cé go bhfuair Áth Cliath an ceann is fearr ar Ghaillimh i dTuaim inné, beidh Pádraic Joyce sásta go maith le hiarrachtaí na Gaillimhe. Cinnte, ní raibh seaimpíní na hÉireann faoi lánluas, ach bhí údar misnigh ag foireann an iarthair.

Ar an gcéad dul síos, bhí cosantóirí na Gaillimhe i bhfad níos díograisí ná a bhí siad in aghaidh Chiarraí coicís ó shin nuair a tugadh cead a gcinn d’imreoirí na Ríochta scrios a dhéanamh. Ní raibh rudaí chomh héasca céanna ag fir Átha Cliath. Cé gur annamh a bhí na Gaillimhigh chun tosaigh ar fhir na príomhchathrach, rinneadh gach iarracht lámh a leagan ar thosaithe Átha Cliath agus iad a chur dá mbuille.

Ní hin le rá go raibh na Gaillimhigh gan locht agus ní i gcónaí a bhí an déine le feiceáil ina gcuid imeartha. Sa chéad 10 nó 15 nóiméad den dara leath, bhí cosantóirí na Gaillimhe céim chun deiridh ar a gcéilí comhraic agus thapaigh Con O’Callaghan, Cormac Costello agus Ciarán Kilkenny an deis chun Áth Cliath a chur chun cinn. Beidh na Gaillimhigh sásta go bhfuil siad ag dul sa treo ceart, mar sin féin.

Is díol suntais freisin go bhfuil córas cosanta na Gaillimhe athraithe ag Pádraic Joyce óna gcliseadh in aghaidh Chiarraí. Tá an t-imreoir óg Gaeltachta, Finnian Ó Laoi, curtha siar mar fhear sa bhreis sa chosaint le cúpla cluiche agus an bainisteoir ag iarraidh ruainne cúnaimh a thabhairt do chosantóirí na Gaillimhe.

Níl an bainisteoir ag géilleadh don chosantóir le cois go hiomlán. Is i lár na páirce nó i measc na dtosaithe is mó a imríonn Ó Laoi don Spidéal agus is léir go bhfuil Joyce ag iarraidh coisíocht Uí Laoi a úsáid agus Gaillimh ar an bhfrith-ionsaí.

Bainisteoir an Chláir, Colm Collins.Pictiúr: INPHO/Ryan Byrne

Moladh tuillte ag Collins agus na Cláirínigh

Ceann de na foirne is mó a bhfuil gaisce déanta acu i rith na sraithe seo ná foireann an Chláir. Cé gur chaill foireann Colm Collins in aghaidh Chorcaí inné, tá áit fós bainte amach ag an gClár i mbabhtaí leathcheannais na sraithe agus deis acu ardú céime a fháil go dtí Roinn 1. Cé nach bhfuil mórán ag tuar go bhfaighidh siad an ceann is fearr ar Mhaigh Eo sa chéad chluiche eile, tá an moladh go léir atá ag á fháil ag Collins agus a fhoireann tuillte acu.

Bhí foireann an Chláir i Roinn 4 nuair a ceapadh Collins ina bhainisteoir roimh thús an tséasúir in 2014. Bhí Roinn 2 bainte amach aige taobh istigh de thrí bliana, agus cé go bhfuil Ard Mhacha, Doire, an Dún agus Corcaigh tar éis titim go dtí Roinn 3 ó shin, d’éirigh leis an gClár teacht slán bliain i ndiaidh bliana.

An chéad chéim eile don Chlár anois ná dul chun cinn a dhéanamh sa chraobh. Údar díomá dóibh nár éirigh leo cluiche ceannais na Mumhan a bhaint amach go dtí seo faoi Collins, go háirithe le linn tréimhse a raibh Corcaigh in ísle brí. Faraor, bhí sé de mhí-ádh ar na Cláirínigh gurbh iad Ciarraí a bhí rompu i gCraobh na Mumhan cúig huaire le seacht mbliana anuas.

Fir na Ríochta atá roimh an gClár arís i mbabhta ceathrú ceannais an chúige i mbliana agus gach cuma ar an scéal gur bliain ghearr eile a bheidh i ndán do na Cláirínigh.

Imreoirí Mhuineacháin. Pictiúr: INPHO/Tommy Dickson

Dua curtha ar fhoirne a chloígh le rialacha CLG

Is iad Áth Cliath, Corcaigh, an Dún agus Muineachán na ceithre fhoireann ar rugadh orthu agus iad i mbun traenála ag tús na bliana nuair nach raibh a chead sin acu. Is léir nár chabhraigh an traenáil bhreise sin rómhór leo agus iad uile, seachas Áth Cliath, i mbaol ísliú céime anois.

Chinn Cumann Lúthchleas Gael na cluichí sraithe a bhí le bheith ag na foirne sin a bhogadh go dtí páirceanna neodracha mar phionós as a bhfeall, ach,aisteach go leor, seasfaidh an cinneadh sin dóibh anois.

Tá sé fógartha go mbeidh Muineachán, Corcaigh agus an Dún ag imirt a gcluichí dícháilithe sa bhaile toisc nach raibh aon chluichí baile acu le linn na sraithe.

Agus Gaillimh le haghaidh a thabhairt ar Mhuineachán, léirigh Pádraic Joyce iontas faoin gcinneadh agus thuigfeá dó.

Is deacair rá cén tairbhe a bhíonn le baint ag foireann as cluiche a imirt sa bhaile gan slua i láthair chun tacaíocht a thabhairt dóibh ach is cinnte go gcuirtear dua ar an bhfoireann eile a mbíonn orthu taisteal chuig cluiche, go háirithe in aimsir an Covid-19.

Nuair a chuaigh Ciarraí chomh fada le hInis Caoin chun aghaidh a thabhairt ar Mhuineachán anuraidh agus an tsraith á tosú arís, bhí ar na himreoirí a gcarranna féin a thabhairt leo don turas fada ó thuaidh agus fanacht in óstán an oíche roimh ré. Níl aistear na nGaillimheach chomh fada céanna ach beidh costais bhreise le híoc nach mbeidh ar Mhuineachán ná ar na foirne eile sin a bhris rialacha CLG níos túisce i mbliana.

Fág freagra ar 'Céim sa treo ceart ag Gaillimh, moladh do na Cláirínigh agus dua curtha ar fhoirne a chloígh le rialacha CLG'