Céasta ag ceisteanna i mórshiopa leabhar ar Shráid Dásain…

LÉAMH AGUS SCRÍOBH: Ar cheart úrscéalta áirithe a sheachaint nuair atá ceann á chumadh agat féin?

Céasta ag ceisteanna i mórshiopa leabhar ar Shráid Dásain…

Thug mé cuairt sciobtha ar Éirinn an tseachtain seo caite. I siopaí leabhar a chaith mé cuid mhór den am sin, agus chaith mé cuid mhór den am a chaith mé sna siopaí leabhar sin ag déanamh mo mhíle dícheall gan leabhar áirithe a cheannach. 

Is é an chaoi go bhfuil craos orm What Belongs to You, úrscéal mórdhíola leis an údar as Meiriceá, Garth Greenwell, a léamh ó foilsíodh é nach mór trí bliana ó shin.

Ach is é an chaoi freisin go bhfuil go leor i gcoitinne ag leabhar Greenwell, ó thaobh ábhair agus téama de, leis an úrscéal atá idir lámha agam féin le nach mór trí bliana anuas: scéal grá idir beirt fhear a bhfuil drochíde shíceolaíoch agus mhothúchánach mar chuid lárnach de. Nó ar aon chaoi, sin mar a fheictear dom ó bhlurba leabhar Greenwell agus ó na léirmheasanna ar What Belongs to You.

Ar cheart dom leabhar Greenwell a cheannach agus a léamh lena chinntiú nach scríobhfainn úrscéal a bheadh róchosúil leis trí thimpiste?

Nó ar cheart dom fanacht glan ar an leabhar ar eagla go gcuirfeadh pé iarracht a dhéanfainn cosúlachtaí a sheachaint mo shaothar féin as a riocht?

Sin iad na ceisteanna a bhí do mo chéasadh, ar feadh uaire an chloig nach mór, i mórshiopa leabhar ar Shráid Dásain. Bhí castacht eile sa scéal: tá cónaí orm sa Bhrasaíl, i gcathair nach bhfuil fáil ar leabhair i mBéarla. Ar cheart dom an leabhar a cheannach agus a thabhairt liom, ar eagla na heagla? D’fhéadfainn rogha a dhéanamh ar mo shuaimhneas ansin é a léamh nó gan é a léamh – ach ansin rith sé liom nach mbeadh suaimhneas aigne ar bith agam dá dtabharfainn liom an leabhar agus dá gcuirfinn an cinneadh faoin léitheoireacht ar an méar fhada.

Agus mé i lár na géarchéime sin bhreathnaigh mé ar an gclog agus rith sé liom go gcaillfinn traein nach bhféadfainn a chailleadh dá bhfanfainn sa siopa oiread agus soicind eile. D’fhág mé What Belongs to You ar ais ar an tseilf agus thug aghaidh ar Stáisiún na bPiarsach faoi dheifir.

Seachtain ina dhiaidh sin agus mé ar shiúlóid trí chathair Amsterdam le mo dheartháir mór, tuigeadh dom nach raibh gá ar bith, dáiríre, leis an ngéarchéim mhothúchánach sa siopa leabhar ar Shráid Dhásain.

D’iarr mo dheartháir mór orm cur síos a dhéanamh ar an úrscéal atá idir lámha agam féin faoi láthair, rud a rinne mé, go hachoimreach, nó chomh hachoimreach is a d’éirigh liom.

‘An bhfuil a fhios agat an rud is spéisiúla ar fad faoi seo?’ a dúirt mo dheartháir a luaithe is a bhí mé críochnaithe le mo scéal. ‘Seo leabhar nach bhféadfadh ach duine amháin ar domhan a scríobh: tusa.’

Bhí fírinne mhór sna focail sin. Tá úrnuacht ag baint le chuile dhuine beo againn; agus chomh fada is go mbímid ionraic agus dílis dúinn féin, ní fhéadfadh beirt an leabhar céanna a scríobh. 

Fág freagra ar 'Céasta ag ceisteanna i mórshiopa leabhar ar Shráid Dásain…'