Céard a dhéanfaidh an Gael anocht, Oíche Chultúir?

Rogha Tuairisc.ie de scoth na n-imeachtaí Gaeilge  a bheidh ar siúl ar fud na tíre agus na Gaeltachta anocht

Céard a dhéanfaidh an Gael anocht, Oíche Chultúir?

1) ‘Mná an Mhisnigh’/Gaeláras Mhic Ardghail, Iúr Chinn Trá ag a 8pm.

Déanfar comóradh ar mhná a raibh ról lárnach acu i scéal athbheochan na Gaeilge i gceantar an Iúir anocht. Beidh taispeántas staire agus seimineár á reáchtáil mar chuid den ócáid.

2) ‘Réalta, ceol agus neart eile’/ Áras Éanna, Inis Oírr ag a 7.30pm- 11.00pm www.araseanna.ie

Amuigh faoin spéir a bheas cuid de na himeachtaí cultúrtha in Inis Oírr anocht, tráth a dtabharfaidh baill chlub réalteolaíochta an oileáin deis do dhaoine breathnú ar na réalta agus foghlaim faoina mbeidh le feiceáil acu. Beidh ceol, filíocht agus scéalaíocht ar siúl in Áras Éanna chomh maith. 

 

Conor Caldwell

3)  ‘Maol’/Áras Mhic Reachtain, Béal Feirste ag a 5pm

Tá scoth an cheoil geallta i dteach Mhic Reachtain tráthnóna ó bheirt cheoltóirí ón chathair cois cuain, an fidléir Conor Caldwell agus an píobaire Cormac ‘Buzz’ Ó Briain, atá tagtha le chéile sa ghrúpa Maol.

4) ‘Cuislí Ceoil’/Seanscoil Sailearna, Conamara ag 8pm

Beidh ceoltóirí óga as Gaoth Dobhair agus an Spidéal i mbun ceoil agus amhránaíochta ar an sean-nós i gCois Fharraige anocht. Seo an dara huair a mbeidh an dream óg seo le feiceáil ar ardán le chéile mar chaith siad tréimhse anuraidh i nGaeltacht Mhúscraí ag ullmhú don seó ‘Sean-Nós na nÓg’ a léiríodh d’Oíche Chultúir na bliana seo caite.

 

Ceara Conway, ‘Dóchas’

5) ‘Dóchas’ le Ceara Conway agus daoine eile, Teach Ormston, Cathair Luimnigh ag 9.30in.

Léireofar saothar nua gutha agus físe le Ceara Conway, ‘Dóchas’, atá coimisiúnaithe ag Oireachtas na Gaeilge, mar chuid de thaispeántas ilmheán an Water Ensemble i dTeach Ormston anocht. Beidh deis ag daoine cuairt a thabhairt ar Iarsmalann na mBeithíoch Miotaseolaíochta Mara chomh maith. Beidh an iarsmalann ar oscailt don phobal ó 6-10pm. 

 

Eoghan Mac Giolla Bhríde

6) Oíche filíochta agus cheoil, Amharclann Ghaoth Dobhair, Dún na nGall 8.30-10.30pm 

Idir fhilí, cheoltóirí agus amhránaithe ar an sean-nós, tá oíche den scoth beartaithe i nGaoth Dobhair anocht. I mbun ceoil beidh: Cathal Ó Curráin, Carl Doherty, An Crann Óg, Cór na Meánscoile le Brídín Ní Bhraonáin, Banna Céilí An Strand agus cluinfear dánta agus amhráin ó Mháire Wren agus Eoghan Mac Giolla Bhríde, Maria Ní Cumhaill, Noeleen Ní Cholla agus Noel Ó Dúgáin. 

7) ‘Club Leabhar an Chonartha’, An Siopa Leabhar, Uimhir 6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath ag 7pm-9pm

Mar chuid den cheiliúradh ar 125 bliain den athbheochan, tá tús á chur ag an An Siopa Leabhar le grúpa léitheoireachta nua. Beidh ‘cur is cúiteamh á dhéanamh ar iontaisí na nualitríochta’ agus deirtear go mbeidh an teacht le chéile oiriúnach do dhuine ar bith a dtaitníonn leabhair leis nó léi. Beidh blaiseadh le fáil dá bhfuil le léamh sa siopa.

8) ‘Pilleadh an Phíobaire’/Teach Mhicí Mhic Gabhann, Machaire Rabhartaigh, Dún na nGall ag 7pm-10pm.

Beidh ceol binn na bpíob le cluinstin i dTeach Mhicí Mhic Gabhann, teach beag ceann tuí ag bun Chnoc na Naomh i Machaire Rabhartaigh. Suas le céad bliain ó shin bhíodh na tithe beo le comhluadar agus ceol agus daoine ag airneál san oíche agus déanfar an seanspiorad a mhúscailt anocht arís. Beidh seisiún ceoil agus amhránaíochta le sólaistí ar fáil agus fáilte roimh cheoltóirí a gcuid uirlisí a thabhairt leo.

 

9.) Gearrscannán Rince, Mo Spiorad Eilifinte / Pictiúrlann an Phoenix an Daingean ag 6pm

Beidh gearrscannán rince, faoi stiúir Maria Svensson, á thaispeáint anocht sa Daingean. I measc na rinceoirí agus na haisteoirí a bheidh páirteach sa ghearrscannán tá Siobhán Ní Dhuinnín, Isabella Oberländer, Áine Moynihan, Silke Michels, Siobhán De Paor, Diarmuid Lyng, agus Maggie Breen.   

10) Eachtra Ealaíne/Ionad Rúnda ar an Daingean ag 8.45pm – 10:30pm

Tá ‘turas mistéireach’ lán ceoil agus ealaíne beartaithe in ionad ‘faoi rún’ ar an Daingean. Is comhfhiontar é seo idir Féile na Bealtaine agus An Lab. Beidh turas gairid bus nó siúlóid threoraithe le déanamh chun teacht ar an ionad. Gabh i dteagmháil le hÁine ag 087 8546572 má tá spéis agat ann.

11.) Turais Treoraithe/An Taibhdhearc, Gaillimh ag 4.30pm go 6.30pm.

Beidh turais threoraithe á reáchtáil san amharclann gach 20 nóiméad agus léargas á thabhairt do chuairteoirí ar stair na háite agus ar chuid de na drámaí a léiríodh ann. Glaoigh ar 091 562 024 le ham a chur in áirithe.

 

Irial Ó Ceallaigh

12.) Oíche Amhránaíochta i gClub Áras na nGael ag 7pm – 11pm

Beidh seisiún amhránaíochta á reáchtáil sa chlub anocht, faoi stiúir Irial Ó Ceallaigh. Is amhránaí aitheanta as an Rinn é Ó Ceallaigh agus beidh neart amhránaithe eile atá ag cur fúthu sa chathair le cloisteáil chomh maith.

13) Ceolchoirm na nDéise/Halla Cholmáin, An Sean-Phobal, Dún Garbhán, Co. Phort Láirge ó 8pm – 10pm

Beidh ceoltóirí óga agus ceoltóirí aitheanta le feiceáil ar ardán halla an tSean-Phobail anocht, ina measc Dónal Clancy, Mary Clancy, Ciarán Ó Gealbháin and ceoltóirí óga Húlaí. 

14) Ceiliúradh ar bhannaí nua/ Nelliefreds ar an Daingean ó 6pm – 12pm

Déanfar ceiliúradh ar bhannaí ceoil nua agus ar cheoltóirí áitiúla i Nelliefreds anocht. Beidh ceol le cloisteáil ó leithéidí Third Smoke, Dréimire, Mattie Barker, Clare Sands, Martin Schärer agus Ben Janning. Cuirfidh Dónal Dineen críoch leis an oíche agus é ag casadh a rogha rianta óna oíche chlub ‘Backstory’. 

15) Scléip Mhúscraí/ Áras Éamoinn Mhic Suibhne, Halla Chúil Aodha, Cúil Aodha ag 7.30pm – 9:30pm

Beidh Céilí Mór á reáchtáil don dream óg i nGaeltacht Mhúscraí anocht le ceol ó cheoltóirí óga Chraobh Lachtaín.

Fág freagra ar 'Céard a dhéanfaidh an Gael anocht, Oíche Chultúir?'