Céard a d’fhoghlaim muid ó chluichí na gcúigí?

Cé gur tharraing cluiche na hÉireann ár n-aird uile an deireadh seachtaine seo, bhí cúpla toradh tábhachtach do na chúigí sa tsraith Pro12 ag an am céanna

Earls ag déanamh a mhíle dhícheall chun áit a fháil ar fhoireann na hÉireann an athuair

Keith Earls and Fraser Lyle 28/2/2015
Keith Earls ag éalú ó chosantóir Glasgow, Fraser Lyle, an Satharn seo caite. Pictiúr: INPHO/Ryan Byrne

An fhaid is a bhí cuid dá chomhghleacaithe ar nós Paul O’Connell agus Peter O’Mahony ag fáil faoi réir do chluiche na hÉireann in aghaidh na Sasanach, bhí Keith Earls ag imirt ar pháirc eile ag taispeáint cén fáth ar cheart deis a thabhairt dó i bpainéal Joe Schmidt arís.

Thug Earls léiriú ar na scileanna uile atá aige i mbua na Mumhan i gcoinne Glasgow oíche Dé Sathairn, é ag aimsiú úid agus é roghnaithe mar laoch na himeartha. Ní raibh anseo ach ceann de na sárthaispeántais atá tugtha uaidh ag Earls ó tháinig sé ar ais ó ghortú thart ar aimsir na Nollag.

Is é an fhadhb do Earls maidir le foireann na hÉireann ná nach mbíonn aon imreoir láir ar an mbinse ag Joe Schmidt do chluichí na Sé Náisiún. Níl d’ionadaithe cúil ainmnithe ag Schmidt go dtí seo ach Isaac Boss, Eoin Reddan, Ian Madigan agus Felix Jones, ach le taithí Earls mar chliathánaí agus lánchúlaí in éineacht, caithfidh sé a dheis a fháil am éigin.

Bua ag na Connachtaigh ach níl an beart déanta fós

Imreoir Chonnacht, John Muldoon, agus Jason Qualter breá sásta le obair an deireadh seachtaine.Pictiúr: INPHO/Mike Shaughnessy
Imreoir Chonnacht, John Muldoon, agus Jason Qualter breá sásta le obair an deireadh seachtaine.Pictiúr: INPHO/Mike Shaughnessy

Bhí an slua ag an Sportsground i nGaillimh fós ag ceiliúradh úd Robbie Henshaw san Aviva nuair a chuaigh Connacht chun páirce an Domhnach seo caite. Níor baineadh dá gcúis áthais puinn le linn na 80 nóiméad i gcoinne Treviso. Chríochnaigh na Connachtaigh le seacht n-úd agus bua le pointe bónais a mhéadaigh an bhearna idir iad féin agus Scarlets le sé phointe.

Bhí an bua mór seo ag teastáil go géar d’fhoireann Pat Lam mar, cé nach bhfuil ach sé chluiche fágtha sa tsraith acu, beidh ceithre cinn acu i gcoinne foirne atá fós ag imirt d’áiteanna sna babhtaí leathcheannais. Tá críoch i bhfad níos éasca ag na Scarlets agus dá bhrí sin, breathnaíonn sé go gcaithfidh siad rud éigin a fháil ó na cluichí baile i gcoinne Uladh agus Glasgow.

Cúlaithe Uladh ar an ionsaí ag an am ceart

Luke Marshall ag ceiliúradh a húd lena comhghleacaí ar fhoireann Uladh.Pictiúr: INPHO/Presseye/Russell Pritchard
Luke Marshall ag ceiliúradh a húd lena comhghleacaí ar fhoireann Uladh.Pictiúr: INPHO/Presseye/Russell Pritchard

Leis an mbua 25-20 in aghaidh na Scarlets an Aoine seo caite, tá ceithre chluiche buaite as a chéile ag na hUltaigh agus muid ag druidim le deireadh na sraithe. Níl cúige Uladh ach pointe amháin ó bharr an tábla faoi láthair agus is iad na cúlaithe is cúis cuid mhaith leis an ndul chun cinn atá déanta acu.

D’aimsigh na hUltaigh trí cinn eile d’úid ar an Aoine, iad uile ag teacht ó chúlaithe, Craig Gilroy, Luke Marshall agus Ruan Pienaar ag fáil ceann an duine. Tá Cúige Uladh ar comhchéim le Cúige Mumhan mar an fhoireann is mó a bhfuil úid scóráilte acu sa tsraith i mbliana agus is é sin, gan dabht, ceann de na cúiseanna go bhfuil siad san áit a bhfuil siad faoi láthair sa tábla. Le trí chluiche i gcoinne na bhfoirne Éireannaigh fós le teacht, chomh maith le ceann as baile in aghaidh Glasgow, beidh Neil Doak ag iarraidh go gcoinneoidh siad orthu.

Jimmy Gopperth kicks a penalty 27/2/2015
Jimmy Gopperth ag slánú an cic uile-thábhachtach a chinntigh an comhscór do na Laighnigh.Pictiúr: INPHO/Craig Thomas

Gopperth fós ag taispeáint a mhianach

Is féidir a rá nár éirigh chomh maith le Jimmy Gopperth i ngeansaí Chúige Laighean is a bheadh sé ag súil tar éis dó áit Johnny Sexton a thógáil i mBaile Átha Cliath. Bhí an Nua-Shéalannach i gcónaí san iomaíocht le Ian Madigan do gheansaí uimhir a 10 agus is minic nár éirigh le Gopperth sa chath áirithe sin.

Agus Sexton ar fáil arís do na Laighnigh, beidh Gopperth ag imirt le Wasps i Sasana tar éis dheireadh an tséasúir seo. Fós féin, thug sé ceann dá thaispeántais is fearr, go háirithe lena bhróg, d’fhoireann Matt O’Connor an deireadh seachtaine seo.

Gan ach cúpla nóiméad fágtha sa chluiche, dhealraigh sé go raibh na Ospreys chun léim thar na Laighnigh sa tábla le bua tábhachtach, ach shlánaigh Gopperth cic pionóis deacair ag an deireadh chun an cluiche a fhágáil cothrom.

D’aimsigh Gopperth na pointí uile do Chúige Laighean ar an oíche agus fágann an toradh go bhfanann siad sa spota cáilithe deireanach do na babhtaí leathcheannais.