Ceapairí sa Rob Roy, stéig sa Victoria, agus an onóir!

Ó na seachtóidí luatha go dtí 2013 bhí sé de phribhléid agam blaiseadh de dhraíocht chraobh na hÉireann

Ceapairí sa Rob Roy, stéig sa Victoria, agus an onóir!

An Satharn seo caite scríobh mé faoi shéasúr an chraobhchomórtais agus cé chomh tábhachtach is a bhíonn sé i saol an imreora.

Maidir le mo scéal féin, bhí blaiseadh beag éigin agam den séasúr sin gach deich mbliana ó na seachtóidí luatha go dtí 2013. Dar ndóigh tharla mórán athruithe san achar ama sin agus tá cuid mhaith athruithe tagtha ó shin.

I 1973 bhíos ar an bpainéal peile agus iomána do mhionúir an chontae agus cé go raibh an-rath ar Chorcaigh roimhe sin agus ina dhiaidh sin, ní raibh agam ach bonn peile na Mumhan ag deireadh na bliana.

Ach ba dheas an réamhbhlaiseadh é sin den draíocht a bhaineann le baint a bheith agat le ceann de laethanta móra CLG, cluiche ceannais peile na Mumhan. Sa tseanPháirc Uí Chaoimh a bhí an ceann áirithe sin agus an tsean-namhaid, Ciarraí, inár gcoinne sa dá cluiche. Bhí an lá sin ar cheann den bheagán laethanta nuair a thug an fhoireann shinsir s’againne léasadh don Ríocht.

Cúig chúl a chuireamar in eangach Éamoinn FitzGerald an lá san. Bhraitheamarna, na boic óga, an-tábhachtach an lá sin agus sin ag teacht go dtí an staid i gceann de na tacsaithe oifigiúla a d’úsáideadh bord an chontae na blianta sin.

Ó thaobh ullmhú don chluiche bhí difríocht mhór amháin ann ó thaobh na traenála i gcomparáid leis an méid a bhíodh ar siúl again go dtí sin. An t-athrú mór? Fuaireamar ceapairí i ndiaidh na traenála i dteach tábhairne an Rob Roy sa chathair (pub a bhí oscailte i gcónaí go dtí gur tháínig an Covid -19).

Ceapairí sa Rob Roy, a dhuine!

Fuaireamar stocaí agus bríste imeartha roimh chraobh na Mumhan agus ar ndóigh, an rud ba thábhachtaí, an onóir iontach a bhain leis an ngeansaí dearg a chaitheamh.

Ní cuimhin liom mórán traenála a dhéanamh sa ghrád faoi-21, toisc, mar atá amhlaidh inniu, go mbíodh imreoirí sa ghrád sin ag imirt ar mhórán foirne eile agus gur bheag teacht le chéile a bhíodh ag an bpainéal a mbíodh gach imreoir i láthair ann.

Ach bhí bród ag baint leis an turas ar ais ó Pháirc an Bhreatnaigh Meán Fómhair 1976 agus an corn mór ina ghlac ag an gCaptaen Tadghie Murphy.

An bhliain chéanna, bhíos ar an bpainéal sinsir don chraobhchomórtas agus is beag difríocht a bhí idir cás na sinsear agus na mionúr ó thaobh ullmhúcháin seachas rud amháin.

Ba é sin go raibh béile ceart againn, bhuel béile a bhí ceart seachas ó thaobh sláinte an lúthchleasaí.

Bhí rogha again – stéig agus sceallóga nó griolladh measctha agus sceallóga.

Ach ag an am sin cheapamar go rabhamar an-tábhachtach go deo agus muid ag taisteal suas go dtí an chathair go dtí Óstán an Victoria chun an béile te seo a ithe.

Dáileadh amach stocaí agus brístí roimh an gcéad bhabhta agus roimh chluiche ceannais na hÉireann. Bhí bléasar oifigiúil le fáil ag gach duine den dream a bhí ag taisteal chuig Baile Átha Cliath agus do gach ball de Bhord an Chontae.

Agus bhí cead againn na léinte a choimeád i ndiaidh na craoibhe.

Is beag é sin i gcomparáid leis an bhfearas a fhaigheann imreoirí na linne seo.

Ach bhí an-bhród orainn a bheith ar phainéal sinsir an chontae agus an traein ag bogadh amach ó stáisiún Ceannt an Satharn fómhair sin.

Sna laethanta sin ní bhíodh na himreoirí idirchontae in aon chontae leath chomh eagraithe agus atá siad inniu. Dar ndóigh ní thiocfaidís le chéile leath chomh minic agus a bhíonn siad anois agus maidir le leath díobh bhíodh an séasúir críochnaithe i ndiaidh cluiche amháin ag tús na tsamhraidh.

Chaitheas go dtí lár na n-ochtóidí ag imirt le foireann pheile an chontae agus is minic a caitheadh linn mar a bheadh saoránaigh den dara grád ionainn, go háirithe ó thaobh ionaid traenála agus béilí.

Ach bhí athrú ag teacht ar chúrsaí ag deireadh na nóchaidí nuair a bhíos tagtha ar ais arís ach ról difriúil agam an babhta seo.

Beidh tuilleadh agam faoi sin againn an tseachtain seo chugainn.

Fág freagra ar 'Ceapairí sa Rob Roy, stéig sa Victoria, agus an onóir!'