Ceantar Gaeilge a bhunú i mBaile Átha Cliath i measc spriocanna scéim nua

€325,000 a d’fhógair Aire Stáit na Gaeltachta Jack Chambers don scéim 'Baile Átha Cliath le Gaeilge’, a bheidh á cur i bhfeidhm ag Conradh na Gaeilge

Ceantar Gaeilge a bhunú i mBaile Átha Cliath i measc spriocanna scéim nua

Tá scéim nua seolta ag Aire Stáit na Gaeltachta chun an Ghaeilge a chur chun cinn i mBaile Átha Cliath agus ceathrú nó ceantar Gaeilge a fhorbairt san ardchathair.

€325,000 a d’fhógair Aire Stáit na Gaeltachta Jack Chambers don scéim ‘Baile Átha Cliath le Gaeilge’, a bheidh á cur i bhfeidhm ag Conradh na Gaeilge.

Is iad na spriocanna atá á lua le ‘Baile Átha Cliath le Gaeilge’ ná gnólachtaí a spreagadh chun an Ghaeilge a úsáid ar chomharthaí, ar láithreáin ghréasáin, ar fhógraí agus ar bhiachláir i gcaiféanna agus i mbialanna; líonra Gaeilge a fhorbairt do ghnólachtaí i mBaile Átha Cliath; agus ceannáras Chonradh na Gaeilge a úsáid mar ionad eolais agus tacaíochta don phobal.

Tá sé mar aidhm freisin ag an scéim “oibriú chun Ceathrú/Ceantar Gaeilge a fhorbairt” agus obair le Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath le plean teanga a fhorbairt don chathair amach anseo.

Dúirt an tAire Stáit Jack Chambers go raibh áthas air an maoiniú a chur ar fáil do Chonradh na Gaeilge chun an ceantar Gaelach a fhorbairt agus dúirt go bhfuil “tábhacht ar leith ag baint leis an tionscadal seo ionas go mbeadh an Ghaeilge beo beathach sa chathair, í a chur chun cinn san earnáil ghnó agus aitheantas eacnamaíochta a thabhairt di. Tá sé go maith go mbeidh an obair seo á déanamh i gcomhpháirtíocht le Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath chomh maith”.

Dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge go bhfuil borradh faoin spéis sa teanga agus úsáid na Gaeilge i mBaile Átha Cliath, go háirithe i measc daoine óga. Mheas sé go gcinnteodh BÁC le Gaeilge go mbeidh an Ghaeilge le feiceáil, le cloisteáil agus in úsáid níos mó i ngnáthshaol na cathrach.

“I measc na ngníomhartha éagsúla a bheidh idir lámha ag BÁC le Gaeilge, cuirfear na buntáistí a bhaineann le húsáid na Gaeilge os comhair lucht gnó na cathrach agus meallfar iad le seirbhísí as Gaeilge a chur ar fáil amach anseo.”

Mar chuid den scéim tá sé i gceist ardoifig Chonradh na Gaeilge ag Uimhir 6 Sráid Fhearchair mar lárionad tacaíochta agus eolais do ghnólachtaí agus don phobal.

Chuir Alison Gilliland, Ardmhéara Cathair Bhaile Átha Cliath fáilte mhór roimh an scéim freisin agus mhol sí obair Fhochoiste Gaeilge na Comhairle Cathrach as “an dul chun cinn” a rinneadh anuraidh ó thaobh na Gaeilge.

Dúirt Niamh O’Kennedy, urlabhraí de chuid Murphy’s Ice Cream, gnólacht atá luaite cheana le Baile Átha Cliath le Gaeilge gur scéim í a bhí á seoladh “ag an am ceart”.

“Tá méadú mór tagtha ar an spéis atá ag ár gcustaiméirí agus ár bhfoireann sa Ghaeilge. Ar an ábhar sin tá seans á thabhairt againn dár bhfoireann go léir freastal ar cheachtanna Gaeilge saor in aisce. Le tacaíocht ó eagraíochtaí ar nós Bhaile Átha Cliath le Gaeilge creidimid gur féidir le gach duine an Ghaeilge a úsáid agus taitneamh a bhaint aisti.”

Dúirt an comhlacht freisin go bhfuil sé beartaithe acu i mbliana níos mó Gaeilge a úsáid ina gcuid ábhar margaíochta miondíola ar líne agus sa siopa.

Fág freagra ar 'Ceantar Gaeilge a bhunú i mBaile Átha Cliath i measc spriocanna scéim nua'