Ceannródaí iomána agus fear uasal ab ea Ned Power, laoch na nDéise

Is iomaí Déiseach atá imithe i bhfeidhm orainn ar pháirc na hiomána thar na blianta, Ned Power ina measc

Ceannródaí iomána agus fear uasal ab ea Ned Power, laoch na nDéise

Thart ar thríocha bliain ó shin, bhí sé de phribhléid agam bualadh le fear uasal as Port Láirge. Sea, tá a fhios agam gur daoine uaisle iad an chuid is mó de mhuintir na nDéise, ach fear speisialta a bhí anseo.

Bhíomar ag cúrsa cóitseála iomána agus bhí seisean ina oiliúnóir.

Ned Power a bhí air agus nuair a cuireadh in aithne dúinn é, dúradh go raibh sé ar dhuine de na cúil bháire ab fhearr a d’imir riamh. Chomh maith leis sin, dúradh linn go raibh bonn Sinsir Uile-Éireann ina ghlac aige. Dar ndóigh, bhí a ainm cloiste agam ach ní raibh mórán eolais agam faoi.

I ndiaidh an chúrsa, rinneamar cur agus cúiteamh faoi mhórán rudaí a bhain leis an iománaíocht. Bhíos an-tógtha leis mar dhuine agus bhíos an-tógtha leis na smaointe go léir a bhí aige faoin iomáint.

Is iomaí Déiseach atá imithe i bhfeidhm orainn ar pháirc na hiomána thar na blianta. Le linn mo ré féin mar imreoir, meantóir agus leantóir, chonacthas dom go raibh rud amháin i gcoitinne acu ar fad, agus is é sin nach bhfuil aon bhonn Sinsir Uile-Éireann buaite ag aon duine acu.

Bheadh áit tuillte i measc na n-imreoirí is fearr riamh ag leithéidí Ken McGrath, Dan Shanahan, John Mullane, Brick Walsh, Paul Flynn, Eoin Kelly, Fergal Hartley, Tony Browne, Paudie Mahony agus mórán eile. Ach níl aon bhonn Uile-Éireann ina bpóca cúil, mar a deirtear, ag aon duine acu.

Caithfear dul siar chomh fada le ré Ned Power agus a chomhghleacaithe chun ceiliúradh a dhéanamh ar fhoireann as Port Láirge a bhuaigh Corn Liam Mhic Cárthaigh.

Sea, sa bhliain 1959, i ndiaidh cluiche athimeartha, d’ardaigh captaen na nDéise, Frankie Walsh, an corn luachmhar sin. Geansaí uimhir a haon a bhí ar fhear Thulach an Iarainn, Ned Power, an lá stairiúil sin.

Ócáid stairiúil d’iománaithe Phort Láirge a bhí ann, ach bhí orthu fanacht go dtí tús mhí Dheireadh Fómhair don athimirt chun an corn a bhuachan, an dara huair a ndearna siad an gaisce sin.

Lá stairiúil a bhí ann nuair a imríodh an chéad chluiche ar chúis eile. Rinne an BBC taifeadadh an lá céanna ar an gcluiche do chlár teilifíse a chuaigh amach i lár na seachtaine dár gcionn. Sé phingin a chosain sé freastal ar an gcluiche!

Blianta ina dhiaidh sin, scríobh Conor Power, mac le Ned, an leabhar beathaisnéise The Life and Times of Ned Power. Ar chlúdach an leabhair bhí grianghraf stairiúil atá feicthe agam go minic thar na blianta.

Sa phictiúr tá Power go hard sa spéir, an sliotar ina dhorn aige. Tá Christy Ring Chorcaí agus lánchúlaí na nDéise, Tom Cunningham, san aer chomh maith agus dianiomaíocht eatarthu. Scríobh Conor gur tógadh an pictiúr i gcluiche leathcheannais na Mumhan in 1962.

Tugadh bata agus bóthar do Ned an bhliain roimhe agus é i ndiaidh piolla a thógáil díreach roimh chluiche i gcoinne Thiobraid Árann, cluiche ina ndearna sé cuid mhaith botún, rud ab annamh don chúl báire cumasach seo.

Ní raibh sé ar an bpainéal i 1962, ach i lár na seachtaine roimh an gcluiche in aghaidh Chorcaí fuair sé glaoch ó bhall de bhord an chontae agus é ag tabhairt cuireadh ar ais dó.

“Ned would you ever come along on Sunday? We’ve no one…” a dúirt an t-oifigeach.
Bhuel, rinne Ned a dhualgas agus is as sin a tháinig an pictiúr aitheanta.

Le linn ré órga Phort Láirge, bhuaigh Ned trí cinn de bhoinn na Mumhan, bonn Uile-Éireann agus bonn sraithe.

Bhí sé ina cheannródaí iomána ina dhiaidh sin agus é tugtha do dhul chun cinn, fás agus forbairt an chluiche ársa.

Fear uasal ab ea laoch na nDéise, Ned Power.

Fág freagra ar 'Ceannródaí iomána agus fear uasal ab ea Ned Power, laoch na nDéise'

  • Aine ni Fhiannusa

    Sin an griangraf is fearr a chonaic mé riamh mar tógadh é ag am nach raibh an teicneolaíocht mar atá sé inniu. Ba laoch mor é Ned Power sna Déise, agus tá an íomhá seo in ábhar cré uamha lasmuigh de Tulach an Iarainn agus beanaím dó gach uair atáim ag gluaiseacht an treo san.