Ceannaire Shinn Féin ag súil go dtiocfaidh sé sa saol go mbeidh cur chuige ‘réasúnach’ ann i leith na Gaeilge

Deir Mary Lou McDonald go bhfuil súil aici go dtabharfar reachtaíocht don Ghaeilge isteach in Westminster ‘sna seachtainí romhainn amach’

Ceannaire Shinn Féin ag súil go dtiocfaidh sé sa saol go mbeidh cur chuige ‘réasúnach’ ann i leith na Gaeilge

Deir ceannaire Shinn Féin Mary Lou McDonald go bhfuil sí ag súil go dtiocfaidh sé saol go mbeidh cur chuige “réasúnta” ann sa Tuaisceart i leith cearta teanga agus ceisteanna eile.

Ag labhairt di ag seimineár i gColáiste na Tríonóide i mBaile Átha Cliath, dúirt McDonald go raibh súil aici go dtabharfar reachtaíocht don Ghaeilge isteach in Westminster “sna seachtainí romhainn amach”.

Tá geallta ag Rialtas na Breataine go dtabharfaí an reachtaíocht teanga agus chultúir isteach in Westminster mí Dheireadh Fómhair mura ndéanfaí an cúram in Stormont roimh dheireadh mhí Mheán Fómhair.

“Bíodh cearta teanga nó ceisteanna eile i gceist, tá sé an-tábhachtach sa saol poiblí, go háirithe leis an socrú ar leith i dtaobh roinnt na cumhachta atá againn sa Tuaisceart, go gcuirfí na comhaontuithe a shínítear i bhfeidhm.

“Tá súil agam go dtiocfaidh sé sa saol go mbeimid ábalta argóint réasúnta a bheith againn, dul i mbun idirbheartaíochta, teacht ar chomhréiteach agus rud a chur i bhfeidhm. Sin an t-aon slí réasúnta ar féidir linn ár gcuid gnó a dhéanamh.”

Dúirt Mary Lou McDonald ag an ócáid chéanna go dtacódh sí le lá saoire bainc a dhéanamh den 12 Iúil in Éirinn aontaithe.

Súil le dáta do reachtaíocht don teanga agus an Ghaeilge faoi chaibidil laistigh agus lasmuigh de Westminster

Pléadh Dé Máirt i bParlaimint Westminster gealltanas Rialtas na Breataine go dtabharfaí an reachtaíocht teanga agus chultúir isteach in Westminster mí Dheireadh Fómhair mura ndéanfaí an cúram in Stormont roimh dheireadh mhí Mheán Fómhair.

Bhí gníomhaithe Gaeilge agus feisirí parlaiminte i mbun léirsithe le chéile lasmuigh de pharlaimint Westminster le brú a chur ar Rialtas na Breataine cloí lena ngealltanas reachtaíocht don Ghaeilge a thabhairt isteach mura ndéantar an beart in Stormont

Sa pharlaimint féin, cuireadh brú ar Conor Burns, aire stáit in Oifig Thuaiscirt Éireann, a dheimhniú cén uair a thabharfaí an reachtaíocht isteach ach dhiúltaigh sé an cheist sin a fhreagairt.

Mar sin féin, ag labhairt di i mBéal Feirste roimh chruinniú le Státrúnaí an Tuaiscirt Brandon Lewis tráthnóna, dúirt Michelle O’Neill go raibh súil aici go dtabharfaí an reachtaíocht isteach an tseachtain seo chugainn.

Fág freagra ar 'Ceannaire Shinn Féin ag súil go dtiocfaidh sé sa saol go mbeidh cur chuige ‘réasúnach’ ann i leith na Gaeilge'