Cé a dhéanfaidh cinneadh faoi cheist nua ar bith in Stormont feasta?

Tá cúrsaí in Stormont imithe ó mhaoil go mullach tar éis cinneadh Ardchúirte

Cé a dhéanfaidh cinneadh faoi cheist nua ar bith in Stormont feasta?

Cé a dhéanfaidh cinneadh faoi cheist nua ar bith in Stormont feasta? Mar is eol don saol ní raibh Feidhmeannas ná Tionól ann ó Eanáir 2017. D’fhan rialtas Theresa May glan ar riail dhíreach ó Westminster agus is ar éigean a fhreagraíonn siad iarratais na hÉireann ar chomhdháil idir-rialtasach, ní áirím comhriail. Sa bhfolús, fágadh an obair faoi státseirbhísigh.

An tseachtain seo fuair riail na státseirbhíse buille trom a mbeidh ciallachais thromchúiseacha aige i ngach gné den saol poiblí.

Údar gairdis ag pobal thuaisceart Bhéal Feirste, ag polaiteoirí agus lucht feachtais eile in aghaidh loisceoirí ab ea cinneadh na hArd-Chúirte Dé Luain. Ba é breith na cúirte gur sháraigh státseirbhíseach a údarás nuair a cheadaigh sé, gan treoir ó aire, loisceoir conspóideach a thógáil i Maigh Bhloisce, bruachbhaile ó thuaidh den chathair.

Ós ar státseirbhísigh a thit an t-ualach le 16 mí Stormont a rith, ní fios cé aige a mbeidh an t-údarás feasta chun cinntí nua a dhéanamh. Seans go ndéanfar achomharc in aghaidh an bhreithiúnais, ach ba dheacair áibhéil a dhéanamh faoin éiginnteacht in Stormont.

I measc na gceisteanna atá tagtha chun solais cheana féin tá cad atá i ndán do Staid Mhic Easmainn, do stáisiún cumhachta i gcalafort Bhéal Feirste agus don idirnascaire thuaidh/theas a bhfuil feachtas láidir ar siúl ina éadan.

An Roinn Infreastruchtúir a cheadaigh an loisceoir a raibh cead pleanála diúltaithe dó ag Mark H Durkan ón SDLP nuair a bhí sé ina Aire Comhshaoil. Baineadh siar as daoine nuair a cheadaigh Peter May, Ard-Rúnaí na Roinne an tionscnamh i mí Mheán Fómhair seo caite. Cinneadh dána ab ea é ach bhí tacaíocht aige ó ranna eile agus ón gCoimisiún um Achomharc Pleanála.

Tionscnamh fadtéarmach conspóideach a bhí i gceist. Bhí 4,000 duine de phobal an cheantair ina mbeadh sé lonnaithe dubh, dóite ina choinne, mar a bhí formhór na bpolaiteoirí. Chuaigh duine de mhuintir na háite i muinín an dlí agus lorg athbhreithniú breithiúna ar an gcinneadh. Dé Luain d’eisigh an Breitheamh Siobhán Keegan a breithiúnas – 19 leathanach a dhírigh ar údarás na státseirbhíse agus an gá le freagracht dhaonlathach.

Go bunúsach, chinn an Breitheamh go gcaithfeadh státseirbhísigh feidhmiú ar bhonn polasaithe a bhí leagtha síos cheana féin ag airí. Ní bheadh aon locht ar pholasaithe réamhbhunaithe a leanacht ach ní bheadh an t-údarás ag feidhmeannach beart a dhéanamh as a stuaim féin.

Nuair a thit Stormont i mí Eanáir anuraidh bhí drogall ar fheidhmeannaigh tabhairt faoi chinneadh nach raibh faofa roimhe sin ag airí. Ach le himeacht aimsire, nuair ba léir go raibh athnuachan Stormont curtha ar an méar fhada thosaigh státseirbhísigh ag éirí níos treallúsaí. Rinne siad roinnt cinntí as a gconlán féin, ar mhaithe leis an leas poiblí, a dúradh. Bhí ceadú an loisceora ina measc sin agus tá cinneadh na hArd-Chúirte soiléir sa chás sin– chuaigh an tArd-Rúnaí níos faide ná mar a cheadaíonn an chumhacht atá aige dó.

Tá an rialú á scrúdú ag an gcomhlacht agus ag comhairlí áitiúla a thacaigh leis féachaint an ndéanfar achomharc. Tá sé á scrúdú ag an Roinn freisin agus ag Oifig Thuaisceart Éireann. Bhí an Breitheamh soiléir faoin tionscnamh áirithe seo ach níor leag sí amach téarmaí tagartha do státseirbhísigh. Ní hé sin a gnó.

An cheist anois ná, an ndéanfar athbhreithniú breithiúna ar gach cinneadh de chuid na státseirbhíse feasta?

Dúshlán mór é don Státrúnaí Karen Bradley ar sceith bhéil í as easpa gnímh. Is léir don dall nach dteastaíonn uaithi aon bheart a dhéanamh. Tá liosta d’éilimh ag na páirtithe uirthi i bhfianaise an bhreithiúnais seo – riail dhíreach ó Westminster ón DUP, comhriail idir an Bhreatain agus Éire ó Shinn Féin, cruinniú de Chomhairle Idir-Rialtais ón SDLP agus dreas nua cainteanna uile-pháirtí ó Alliance. Sin iad na héilimh chéanna a bhí ag na páirtithe cheana. Fiú má thugann an Státrúnaí an chluas bhodhar do na polaiteoirí, seans go gcaithfidh sí a dhul i ngleic le hiarratais ón státseirbhís.

Má mheasann feidhmeannaigh go dtabharfar dúshlán a gcinntí sa chúirt luíonn sé le réasún go mbeidh siad ag éileamh sciath chosanta ón Státrúnaí. É sin nó pairilis a bheidh ann ag an leibhéal riaracháin mar atá sa pholaitíocht.

Mar a dúirt, Hardy le Laurel – praiseach bhreá eile.

Fág freagra ar 'Cé a dhéanfaidh cinneadh faoi cheist nua ar bith in Stormont feasta?'