Self-Publish, Be Free! an teideal atá ar zine (irisín lámhdhéanta) leis an gcartúnaí as Meiriceá, Isabella Rotman, a cheannaigh mé i siopa leabhar i gcathair Denver anuraidh.
Teideal saghas gáifeach – ach go deimhin leath mothúchán saoirse, ní hea, faoisimh tríom agus mé ag rothaíocht ar ais ón siopa priontála, 200 cóip de dhá ghearrscéal de mo chuid i mo mhála droma. Ní raibh le déanamh anois ach iad a fhilleadh ina leabhairíní beaga – agus iad a dhíol.
Is é an chaoi go bhfuil saol na foilsitheoireachta ag bogadh i bhfad rómhall dom faoi láthair – ag fanacht le míonna fada ar scéala maidir le húrscéal a scríobh mé – agus chinn mé beart a dhéanamh mé féin.
San irisín sin le Isabella Rotman, tháinig mé ar chaoi le leabhairín beag (páipéar-mhéid A6) a dhéanamh as leathanach A4 amháin, gan stáplaí: díreach a dhóthain spáis do ghearrscéal 1,500 focal móide clúdach agus blurba.
Chuimhnigh mé ar thraidisiún litríochta an cordel as an mBrasaíl, mar a mbíodh cónaí orm ar feadh na mblianta: scéalta seanchais clóite ar phaimfléid agus á ndíol ag aonaigh agus ag margaí sráide, crochta ar línte le pionnaí éadaigh.
Rith sé liom freisin go bhfuil cónaí orm faoi láthair ar bhóthar a mbíonn an dúrud daoine ag rothaíocht agus ag spaisteoireacht ann, go háirithe sa samhradh.
Rinne mé seastán as seanbhord, maidí bambú agus téada agus chroch suas mo chuid litríochta; chuir mé cabáiste agus luibheanna úra ó mo cheapach ghlasraí ar an mbord.
€2 ar ghlasraí, €1 ar ghearrscéal.
Margadh maith, nach ea?
Níor chosain sé ach €47 orm an 200 leabhairín sin a phriontáil amach, agus dá ndíolfainn ar fad iad dhéanfainn brabús deas, ach ní chuige sin atá mé dáiríre.
Beart féinfhógraíochta atá ann. Sa lá atá inniu ann, anseo san Ísiltír pé scéal é, ar an drochuair ní leor leabhar a bheith go maith; caithfidh an t-údar féin a bheith spéisiúil sodhíolta. Caithfear aird a tharraingt ort féin.
Cén fáth nach gcruthaíonn tú cuntas Insta do do sheastán, a deir na comharsana, ach deirim leo gur seastán old skool atá ann – airgead tirim amháin, le do thoil. D’fhág mé slán ag na meáin shóisialta bliain nó dhó ó shin agus níl sé i gceist agam filleadh.
Déanta na fírinne tá an seastán ag tabhairt taomanna imní dom cheana féin, díreach mar a dhéanadh na meáin shóisialta. Níl mórán difir idir ‘ar bhreathnaigh éinne ar mo sheastán le 10 nóiméad anuas?’ agus ‘an bhfuair an phostáil sin “is maith liom” go fóill?’
An fiú an tairbhe an trioblóid? In imeacht dhá lá níor dhíol mé luach 10 euro féin de scéalta fós – ach ‘lean leis, lean leis!’ a deir na daoine a bhíonn ag dul an bealach, agus leanfaidh: b’fhearr liom seo ná an fanacht díomhaoin.
Fág freagra ar 'Cé a cheannódh dán (ar thaobh an bhóthair)?'