Cathaoirleacht coiste Oireachtais bainte de Maria Bailey ach í le fanacht i bhFine Gael

Tá pionós gearrtha ag Fine Gael ar Maria Bailey mar gheall ar an éileamh cúitimh a rinne sí i dtaobh timpiste ar luascán agus dheimhnigh an Taoiseach gur thug Aire na Gaeltachta Josepha Madigan comhairle dlí don Teachta Dála faoin gcás

Cathaoirleacht coiste Oireachtais bainte de Maria Bailey ach í le fanacht i bhFine Gael

Maria Bailey. Pictiúr: RollingNews.ie

D’fhógair an Taoiseach tráthnóna go raibh cathaoirleacht Choiste Tithíochta an Oireachtais bainte den Teachta Dála Maria Bailey de bharr na conspóide ach go bhfágfaí aici fuip an pháirtí.

Fuarthas i bhfiosrúchán inmheánach a rinne Fine Gael go ndeachaigh an Teachta Dála thar fóir sa chur síos a rinne sí ar na gortuithe a bhain di san eachtra sa Dylan Hotel, mar a raibh timpiste aici ar luascán in óstán in 2015.

Tá sé deimhnithe ag an Taoiseach Leo Varadkar chomh maith gur chuir an tAire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta Josepha Madigan comhairle dlí ar Maria Bailey i dtaobh a cás cúitimh conspóideach i gcoinne óstáin i mBaile Átha Cliath.

Dúirt Maria Bailey tráthnóna gur ghlac sí le cinneadh an Taoisigh. Thug sí suntas don scéala go ndeirtear sa tuarascáil nach éileamh bréagach ar chúiteamh a bhí san éileamh a rinne sí agus “nach dóigh go gcinnfí i gcúirt gur iarracht a bhí ar siúl aici an fhírinne a chur as a riocht”.

“Ní dhearna mé aon iarracht aon duine a chur amú,” a dúirt Maria Bailey tráthnóna.

Dúirt an Taoiseach ina ráiteas tráthnóna gur léir dó go ndearna an Maria Bailey “go leor botún” sa tslí ar dhéileáil leis an gcás seo agus an chonspóid a lean é. Dúirt sé go raibh a cur chuige “ag teacht salach” ar pholasaí an rialtais maidir le híocaíochtaí cúitimh i gcás gortuithe pearsanta a laghdú.

Fuarthas sa bhfiosrúchán chomh maith gur chuir an tAire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta Josepha Madigan bunchomhairle dlí ar Bailey nuair a tharla an timpiste ar dtús. Bhí Madigan ina dlíodóir agus ina cúlbhinseoir sa Dáil ag an am.

Níor cuireadh aon bheart diúltach i leith Josepha Madigan sa tuarascáil a rinne an t-abhcóide sinsearach David Kennedy don pháirtí.

Dúirt an Taoiseach tráthnóna go raibh baint ag an Aire Gaeltachta leis an gcéad chéim den phróiseas dlí agus an chéim sin amháin.

“Thug an tAire Madigan (cúlbhinseoir ag an am) comhairle bhunaidh dlí, treoir agus tacaíocht don Teachta Bailey agus chuidigh sí léi chun iarratas a dhéanamh ar an mBord Measúnaithe Díobhálacha Pearsanta (PIAB). “Céim thosaigh a bhíonn anseo agus is minic a thagtar ar shocrú cairdiúil dá barr, ach níor phléigh an t-óstán leis an PIAB. Ní raibh aon bhaint ag an Aire Madigan leis an bpróiseas dlí ina dhiaidh sin. Dlíodóir eile as an gcomhlacht a bhí ag plé an cháis ar threoracha an Teachta Dála Bailey,” arsa an Taoiseach i ráiteas a eisíodh tráthnóna.

Fág freagra ar 'Cathaoirleacht coiste Oireachtais bainte de Maria Bailey ach í le fanacht i bhFine Gael'