Cathaoirleach eile in áit Tubridy ag ócáid faoi JFK

Ryan Tubridy a bhí ceaptha a bheith ina chathaoirleach ar ócáid atá á reáchtáil amárach ag an Kennedy Memorial Library

Cathaoirleach eile in áit Tubridy ag ócáid faoi JFK

Níl Ryan Tubridy le bheith ina chathaoirleach ar ócáid faoi John F Kennedy atá ar siúl san EPIC Centre i mBaile Átha Cliath amárach.

An Kennedy Memorial Library ar Colombia Point in Boston, an séadchomhartha oifigiúil ar an Uachtarán John Fitzgerald Kennedy, atá ag eagrú na hócáide dhá lá i mBaile Átha Cliath an tseachtain seo.

Mar a tuairiscíodh ar an suíomh seo, Ryan Tubridy a bhí ceaptha a bheith ina chathaoirleach ar an ócáid san Ionad EPIC idir 1.30-3.30pm amárach.   ‘Homecoming- JFK in Ireland’ an téama atá ag an ócáid.

Tá sé deimhnithe ó shin gurb í Dearbhail McDonald, an t-iriseoir agus craoltóir, a bheidh ina cathaoirleach in áit Tubridy.

Go hiondúil, ní thabharfaí suntas ar bith dó go mbeadh Ryan Tubridy, a scríobh leabhar faoin iar-uachtarán ar Stáit Aontaithe Mheiriceá, ag a leithéid d’ócáid san Ionad Taispeántais don Imirce as Éirinn, ach tá an craoltóir sáinnithe i gconspóid mhór faoi íocaíochtaí breise a fuair sé ó RTÉ nár thuairiscigh RTÉ iad mar ba chóir.

Fág freagra ar 'Cathaoirleach eile in áit Tubridy ag ócáid faoi JFK'