Ryan Tubridy in ainm is a bheith ina chathaoirleach ar ócáid faoi JFK

Tá Ryan Tubridy ceaptha ina chathaoirleach ar ócáid san Ionad EPIC i mBaile Átha Cliath –‘Homecoming- JFK in Ireland’

Ryan Tubridy in ainm is a bheith ina chathaoirleach ar ócáid faoi JFK

Tá Ryan Tubridy in ainm is a bheith ina chathaoirleach ar ócáid faoi John F Kennedy atá ar siúl san EPIC Centre i mBaile Átha Cliath an tseachtain seo.

Go hiondúil, ní thabharfá suntas ar bith dó go mbeadh Ryan Tubridy, a scríobh leabhar faoin iar-uachtarán ar Stáit Aontaithe Mheiriceá, ag a leithéid d’ócáid san Ionad Taispeántais don Imirce as Éirinn, ach tá an craoltóir sáinnithe i gconspóid mhór faoi íocaíochtaí breise a fuair sé ó RTÉ nár thuairiscigh RTÉ iad mar ba chóir.

An Kennedy Memorial Library ar Colombia Point in Boston, an séadchomhartha oifigiúil ar an Uachtarán John Fitzgerald Kennedy,  atá ag eagrú na hócáide dhá lá i mBaile Átha Cliath an tseachtain seo.

Is é Ryan Tubridy atá ceaptha a bheith ina chathaoirleach ar an ócáid san EPIC idir 1.30-3.30pm De Céadaoin seo chugainn.   ‘Homecoming- JFK in Ireland’ an téama atá ag an ócáid.

Scríobh Tubridy leabhar faoi thuras JFK ar Éirinn i 1963 – JFK in Ireland: Four days that changed a President.

Seasca bliain ó shin, taca an ama seo, a thug Kennedy an chuairt sin ar an tír seo.

Is iad na cainteoirí a bheidh ar an  bpainéal don seisiún a bhfuil Tubridy le bheith ina chathaoirleach air, An Tánaiste, Micheál Martin, Claire Cronin, Ambasadóir Mheiriceá go hÉirinn, Maura T. Healey, an Gobharnóir ar Stát Massachusetts agus Stephen Kennedy-Smith, ball d’Fhondúireacht an John F. Kennedy Library in Boston agus mac le Jean Kennedy-Smith, iar-ambasadóir Mheiriceá go hÉirinn.  Labhróidh Stephen Kennedy-Smith faoi chuairt Kennedy ar Éirinn 60 bliain ó shin agus faoin gcaidreamh idir Éirinn agus na Stáit Aontaithe.

Ar ndóigh, ní raibh eolas ar bith ag an Kennedy Memorial Library ar na maidhmeanna a bheadh tarlaithe i gcúrsaí craoltóireachta na hÉireann nuair a socraíodh gurb é Tubridy a bheadh sa gcathaoir.

Níl aon bhaint ar chor ar bith ag an ócáid seo le cúrsaí RTE faoi láthair ach scéal mór a bheadh ann dá mbeadh Tubridy i láthair. Nil sé ceadaithe don chraoltóir a bheith ag craoladh in RTÉ an tseachtain seo amach romhainn.  Dúirt sé féin go bhfuil díomá air faoi sin agus gur mhaith leis a bheith ar ais ag craoltóireacht arís a luaithe agus is féidir.  Ó tharla gur mar sin atá a dhearcadh ar an gconspóid, ní cosúil go mbeadh aon drogall air a bheith ag gníomhú go poiblí ag an ócáid ‘Homecoming – JFK in Ireland’ Dé Céadaoin.

Ach mura bhfógraíonn Ryan Tubridy roimh ré nach mbeidh sé ann is cinnte go mbeidh scuaine mór tuairisceoirí agus lucht ceamara ansin roimhe.  Thiocfadh brú mór air ráiteas a dhéanamh faoi chonspóid na n-íocaíochtaí, go háirithe mura mbeadh aon rud ráite go poiblí aige faoin scéal idir seo agus sin.

Ar ndóigh, níl a fhios cén dearcadh atá ag lucht an Kennedy Memorial Library ar an scéal uilig, ná ar an mbaol go laghdódh sé an bhéim ar an ócáid atá beartaithe acu dá mbeadh an iarláithreoir The Late Late Show ann.

Ar ndóigh, tá scéal agus stair ag baint leis an ócáid féin freisin.

Ina leabhar maíonn Ryan Tubridy gur athraigh an chuairt sin ar Éirinn i mí an Mheithimh 1963 dearcadh John F Kennedy ar Éirinn agus gur fhág an turas lorg ar leith ar a intinn sa tréimhse ghearr saoil a bhí aige ina dhiaidh sin.   Ce nach dtuigtear é seo go minic, bhí John F. Kennedy in Éirinn roimh 1963 – i 1947 mar Fheisire Comhdhála agus mar Sheanadóir i 1955.  Ach, bhí cineál coimhthíos ag roinnt mhaith Éireannach agus Gael-Mheiriceánach sna Stáit Aontaithe leis na Cinnéidigh.  Ceapadh go raibh siad  bainteach leis na ‘lace curtain-Irish’, daoine de bhunadh na hÉireann a raibh roinnt éirí in airde ag baint leo, agus cuirtíní níos faiseanta acu ar a gcuid fuinneog.

Creideann Tubridy de bharr an taighde a rinne sé go raibh John F Kennedy ag fáil níos mó tuisceana, de réir a chéile, ar a chúlra agus gur fáisceadh ceangal do-scaoilte idir é féin agus muintir na hÉireann le linn an turais sin i Meitheamh 1963.

Ach in Éirinn an lae inniu tá an cheist faoi chúrsaí airgeadais in RTÉ ar bharr a dteanga ag cuimse daoine agus fiosrúchán neamhspleách le déanamh faoi chonspóid na n-íocaíochtaí breise. D’fhéadfadh an cheist sin lorg nach beag a fhágáil ar an ócáid chuimhneacháin ar chuairt an Uachtaráin Kennedy go hÉirinn ar an gCéadaoín beag seo san EPIC.

Fág freagra ar 'Ryan Tubridy in ainm is a bheith ina chathaoirleach ar ócáid faoi JFK'