Cás le freagairt ag RTÉ faoi scála pá oibrithe Raidió na Gaeltachta – Bakhurst

Cuirfear athbhreithniú faoi scálaí pá agus gráid in RTÉ faoi bhráid fhoireann an chraoltóra ag tús mhí an Mhárta

Cás le freagairt ag RTÉ faoi scála pá oibrithe Raidió na Gaeltachta – Bakhurst

Deir Kevin Bakhurst, ceannasaí RTÉ, go bhfuil cás le freagairt ag an gcraoltóir faoin neamhréir idir scálaí pá i Raidió na Gaeltachta agus RTÉ.

Ag cruinniú le foireann RTÉ tráthnóna inné faoi róil agus gráid san eagraíocht, thagair an tArd-Stiúrthóir go sonrach do chás oibrithe RnaG.

Tá ceist an phá ina cnámh spairne le fada ag lucht ceardchumainn sa stáisiún Gaeltachta.

D’fhógair RTÉ in 2021 go raibh tús á chur le hathbhreithniú ar na scálaí pá ar fad atá i bhfeidhm san eagraíocht. Beagnach 170 grád ar fad atá ann i láthair na huaire.

Dúradh go dtabharfaí aghaidh sa tuarascáil sin ar cheist na neamhréire idir an pá a fhaigheann oibrithe Raidió na Gaeltachta agus oibrithe RTÉ.

Dúradh ag an gcruinniú inné go gcuirfí tuarascáil Willis Towers Watson faoi bhráid na foirne ag tús mhí an Mhárta.

Dúirt Kevin Bakhurst nach bhféadfadh sé labhairt faoi mholtaí na tuarascála nó go mbeadh scagadh déanta aige orthu.

Ábhar dóchais mar sin féin d’oibrithe RnaG é go bhfuil an tArd-Stiúrthóir den tuairim go bhfuil cás le freagairt ag RTÉ faoi cheist an phá.

Níl an leagan amach céanna ar struchtúr foirne RnaG agus atá ar struchtúr foirne RTÉ, ach maítear, mar shampla, gur chóir go mbeadh Clár-Reachtaire i RnaG ar an scála céanna pá is a bheadh léiritheoir in RTÉ toisc na freagrachtaí céanna a bheith orthu.

Idir €45,000-€64,000 a fhaigheann Clár-Reachtaire in RnaG, grád nach ann dó aon áit eile in RTÉ.

Le linn a thréimhse dheireanach in RTÉ, bhí caidreamh maith ag Bakhurst le roinnt mhaith d’iriseoirí agus lucht bainistíochta Nuacht TG4 agus RTÉ Raidió na Gaeltachta agus ba mhinic é ar cuairt sa dá stáisiún.

Fág freagra ar 'Cás le freagairt ag RTÉ faoi scála pá oibrithe Raidió na Gaeltachta – Bakhurst'