Cás faoi fhíneáil pháirceála i mBéarla amháin caite amach sa chúirt

Dúirt gníomhaí teanga sa Bhreatain Bheag go gcosnódh sé níos lú litir a aistriú go Breatnais ná mar a chosain sé ar chomhlacht eisean a thabhairt chun cúirte

Cás faoi fhíneáil pháirceála i mBéarla amháin caite amach sa chúirt

Pictiúr: Twitter/@Cymdeithas

Caitheadh amach sa chúirt sa Bhreatain Bheag cás in aghaidh gníomhaí teanga a dhiúltaigh fíneáil pháirceála a íoc mar gur i mBéarla a bhí sé.

Ghearr One Parking Solution fíneáil £70 ar Toni Schiavone, ar ball den ghrúpa Cymdeithas yr Iaith é, in Llangrannog, in Ceredigion in iarthar na Breataine Bige in 2020.

Cuireadh an pionós ar ceal in 2022 nuair nár tháinig an comhlacht i láthair na cúirte.

Rinne an comhlacht an cás a thógáil arís in aghaidh Toni Schiavone, áfach, agus bhí éisteacht nua ann mhí seo.

Ag an éisteacht chúirte sin in Aberystwyth, dúirt an breitheamh go raibh iarratas One Parking Solution lochtach.

Dúirt an Breitheamh Owen Williams go ndearnadh an t-iarratas bunaithe ar riail nach raibh aon bhaint aici le mionéilimh.

D’ordaigh an Breitheamh do One Parking Solution costais taistil £27.90 Toni Schiavone a íoc. Dúirt an gníomhaí teanga go dtabharfadh sé an t-airgead sin do charthanacht ailse.

Dúirt sé gur díol trua go raibh air teacht chun cúirte chun cás chomh “suarach” sin a throid.

“Chosnódh sé níos lú litir a aistriú go Breatnais ná mar a chosain sé ar lucht an ionchúisimh teacht anseo chun an cás seo a thabhairt.”

“Léiriú ar easpa measa ar an mBreatnais agus ar an mBreatain Bheag é go raibh an comhlacht chomh tógtha sin le dul sa tóir ormsa seachas rud an-simplí a dhéanamh agus litir a chur ar fáil i mBreatnais.”

Tá feachtas bunaithe ag Cymdeithas yr Iaith bunaithe ar an gcás agus iad ag impí ar dhaoine gan fíneálacha páirceála a íoc i gcás carrchlóis nach mbíonn comharthaí dátheangacha acu.

Dúirt Sian Howys, cathaoirleach an ghrúpa teanga go raibh comhlachtaí príobháideacha áirithe sásta airgead a lorg ó mhuintir na Breataine Bige ach gan a dteanga a úsáid.

Dúirt sí go gcaithfeadh Rialtas na Breataine caighdeáin teanga a thabhairt isteach do chomhlachtaí príobháideacha sa Bhreatain Bheag amhail bainc agus ollmhargaí.

Fág freagra ar 'Cás faoi fhíneáil pháirceála i mBéarla amháin caite amach sa chúirt'