Caithfidh líne lánchúil Átha Cliath srian a choinneáil ar Hayes, Horgan agus Connolly

Tá beagnach ceithre scór bliain ann ó bhuaigh iománaithe Átha Cliath ar Chorcaigh go deireanach sa gcraobh agus cé nach bhfuil foireann an lae inniu gan seans, beidh orthu go leor a dhéanamh i gceart

Caithfidh líne lánchúil Átha Cliath srian a choinneáil ar Hayes, Horgan agus Connolly

Dé Sathairn, 5 Iúil

Craobh Shinsir Iomána na hÉireann – Babhtaí Leathcheannais

Corcaigh v Áth Cliath – Páirc an Chrócaigh, 5.00in (Beo ar RTÉ & BBC)

Tar éis dóibh cluiche ceannais na hÉireann a bhaint amach anuraidh, bhí tuairim láidir ann go mbeadh Corcaigh ar ais i bPáirc an Chrócaigh mí Iúil na bliana seo. Ní hamháin go bhfuil an gaisce sin déanta ach tá na babhtaí leathcheannais bainte amach ag Corcaigh tar éis dóibh Craobh na Mumhan a bhuachan agus brú mór orthu anois dul céim níos faide ná mar a d’éirigh leo anuraidh.

Is beag duine lasmuigh d’Áth Cliath, agus laistigh de chomh maith seans, a cheap go n-éireodh le Niall Ó Ceallacháin foireann an chontae a thabhairt chomh fada leis na cluichí leathcheannais ach sin go díreach atá déanta ag fear na bhFianna.

An dúshlán atá anois roimhe féin agus a chuid imreoirí ná an sárthaispeántas a thugadar chun Luimneach a chloí cúpla seachtain ó shin a thabhairt arís. Is mór an dúshlán é sin agus é níos deacra fós orthu mar go bhfuil foláireamh tugtha do Chorcaigh faoi mhianach fhir na príomhchathrach.

Dhá athrú atá déanta ag Ó Ceallacháin ar an bhfoireann a bhuaigh sna babhtaí ceathrú ceannais. Tagann Conor Donohue isteach in áit chaptaen na foirne Chris Crummey, a cuireadh den pháirc in aghaidh Luimnigh, agus tá Conor Burke bogtha siar go dtí an líne leathchúil. Sna tosaithe, tá Darragh Power ainmnithe in áit Dhiarmaid Uí Dhúlaing.

Má tá seans le bheith ag Áth Cliath tráthnóna, beidh taispeántas den scoth eile ag teastáil ó Conor Burke. D’aimsigh sé cúig phointe in aghaidh Luimnigh ach seans go mbeidh air níos mó oibre a dhéanamh sa gcosaint inniu chun súil a choinneáil ar Shane Barrett.

Beidh na coimhlintí i líne lánchúil Átha Cliath cinniúnach chomh maith. Tá Paddy Smyth ar dhuine de na himreoirí is fearr a bhí ag Áth Cliath le roinnt blianta anuas ach beidh air a bheith i mbarr a mhaitheasa chun Brian Hayes a choinneáil ciúin agus is é an scéal céanna é ag Conor McHugh agus John Bellew má bhíonn siad ag marcáil Alan Connolly agus Patrick Horgan.

Trí athrú atá déanta ag Pat Ryan ón bhfoireann a bhuaigh ar Luimneach le pocanna éirice i gcluiche ceannais na Mumhan. Tháinig Niall O’Leary agus Rob Downey isteach sa gcluiche sin mar ionadaithe agus iad ag teacht ar ais ó ghortuithe ach beidh siad istigh ón tús tráthnóna agus iad ainmnithe in áit Damien Cahalane agus Cormac O’Brien, faoi seach.

Fear amháin nach mbeidh ag imirt ná Séamus Harnedy agus gortú i dteannán na hioscaide ag cur as dó ach tá Declan Dalton tagtha ar ais ón ngortú a bhí ag cur as dósan agus é ainmnithe sa líne leatosaithe. Tá Ger Millerick ar ais ar an mbinse chomh maith tar éis dó méar a bhriseadh níos luaithe sa mbliain.

Beidh Áth Cliath ag súil go gcruthóidh neart agus fisiciúlacht John Hetherton deacrachtaí do líne lánchúil Chorcaí má thosaíonn sé nó má thagann sé isteach agus seans go mbeidh ar a laghad cúl nó dhó ag teastáil ó Áth Cliath má tá siad chun an cluiche seo a bhuachan agus cluiche ceannais na hÉireann a bhaint amach den chéad uair ó 1961.

Fág freagra ar 'Caithfidh líne lánchúil Átha Cliath srian a choinneáil ar Hayes, Horgan agus Connolly'