‘Caithfidh an tAire Stáit nua seasamh ar son cearta na n-oileánach’ – Sinn Féin

Breis acmhainní, an Straitéis 20 Bliain, agus maoiniú d’eagraíochtaí Gaeilge i measc na ndúshlán roimh an Aire Stáit Seán Kyne, dar le Peadar Tóibín agus Trevor Ó Clochartaigh

catherine-connolly-trevor-o-clochartaigh-sean-kyne
Catherine Connolly TD, An Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh agus an tAire Stáit Gaeltachta, Seán Kyne

Tá “géarghá” go seasfadh Aire Stáit na Gaeltachta, Seán Kyne, “go láidir ar son cearta n-oileánach a thagann faoina chúram” , dar le hurlabhraithe Gaeilge agus Gaeltachta Shinn Féin.

Dúirt an Teachta Dála Peadar Tóibín agus an Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh an méid sin agus iad ag cur fáilte roimh cheapachán Kyne ina Aire Stáit don Ghaeltacht.

“Mar is eol dó, tá gá le hacmhainní breise, ‘Straitéis’ nua, maoiniú d’eagrais phobalbhunaithe agus d’Údarás na Gaeltachta. Tá cinnteacht ag teastáil ó thaobh seirbhísí aeir agus iompair go hÁrainn. Tá géarghá go seasfaidh an tAire Stáit nuacheaptha go láidir ar son chearta na n-oileánach a thagann faoina chúram freisin,” a dúirt siad.

Dúradh sa ráiteas céanna go raibh “práinn ann le fada an lá” le foilsiú na reachtaíochta chun leasú a dhéanamh ar Acht na dTeangacha Oifigiúla ar mhaithe leis an Acht sin a neartú.

Dúirt Tóibín agus Ó Clochartaigh go raibh siad ag súil le bualadh leis an Aire Kyne go luath chun ceisteanna Gaeilge agus Gaeltachta a phlé agus go raibh siad “ag tnúth le bheith ag comhoibriú leis” ar mhaithe leis an teanga agus leis na ceantair Ghaeltachta.

Fág freagra ar '‘Caithfidh an tAire Stáit nua seasamh ar son cearta na n-oileánach’ – Sinn Féin'