‘Caithfidh an chéad rialtas eile an ghéarchéim sa Ghaeltacht a aithint’ – Catherine Connolly

Dúirt an té a bhí ina cathaoirleach ar Choiste Gaeilge agus Gaeltachta an Oireachtais le linn an 32ú Dáil gur gá don chéad rialtas eile an ghéarchéim “shoiléir” sa Ghaeltacht a aithint

‘Caithfidh an chéad rialtas eile an ghéarchéim sa Ghaeltacht a aithint’ – Catherine Connolly

Tá ráite ag an Teachta Dála nuathofa Catherine Connolly gur chóir don chéad rialtas eile an ghéarchéim sa Ghaeltacht a aithint.

Dhiúltaigh an rialtas deireanach glacadh leis go raibh a leithéid ann, ach dúirt an Teachta Dála Neamhspleách a bhí ina cathaoirleach ar Choiste Gaeilge agus Gaeltachta an Oireachtais le linn an 32ú Dáil, gur gá don chéad rialtas eile an ghéarchéim “shoiléir” a aithint.

Ag labhairt di ar an chlár Iris Aniar ar Raidió na Gaeltachta an tseachtain seo, dúirt Connolly, a atoghadh i ndáilcheantar Ghaillimh Thiar, go raibh a “croí sáite i gConamara” agus go raibh sí “buartha” faoina bhfuil i ndán don Ghaeilge agus don Ghaeltacht.

“Tá mé buartha ó thaobh na Gaeltachta agus na Gaeilge de. Tá sé tábhachtach é sin a rá mar go bhfuil muid i ngéarchéim ó thaobh na Gaeltachta agus na Gaeilge de.”

Dúirt sí go mbeadh ar pholaiteoirí “obair as láimh a chéile” chun réiteach a fháil ar an ghéarchéim teanga.

Anuraidh d’fhoilsigh Coiste Oireachtais na Gaeilge, tuarascáil a d’éiligh go n-aithneodh an Rialtas go poiblí go bhfuil géarchéim sa Ghaeltacht.

Cé go bhfuil ráite ag saineolaithe éagsúla go bhfuil géarchéim teanga sa Ghaeltacht agus gur chruthaigh an daonáireamh deireanach go raibh meath mór ar an teanga sa Ghaeltacht, tá diúltaithe ag airí Gaeltachta éagsúla géilleadh go bhfuil a leithéid ann.

Dúirt an t-iarChoimisinéir Teanga Seán Ó Cuirreáin an t-am seo anuraidh go bhfuil an baol ann go mbeidh an Ghaeilge ina ‘Zombie-language’ má leantar ar aghaidh ag seachaint na fírinne faoi ghéarchéim na Gaeltachta.

Tá ráite ag Conradh na Gaeilge chomh maith gur gá an éigeandáil teanga a aithint.

Dúirt Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge Julian de Spáinn cheana gur chóir na “fíricí loma” maidir le labhairt na Gaeilge sa daonáireamh agus i staidéir eile a aithint.

Dúirt sé gur bheart tábhachtach a bhí ann nuair a ghlac Dáil Éireann go hoifigiúil leis go raibh géarchéim ann maidir leis an athrú aeráide agus gur chóir a aithint go bhfuil éigeandáil sa Ghaeltacht.

Fág freagra ar '‘Caithfidh an chéad rialtas eile an ghéarchéim sa Ghaeltacht a aithint’ – Catherine Connolly'

  • Máiread

    Tá suil agam go mbeidh nos mó béim ar an Gaeltacht sna rialtas nua.

  • Bríd

    Cinnte, tá géarchéim ann atá gar do mo chroí ach tá an ghéarchéim tráchta i gcathair na Gaillimhe práinneach chomh mhaith. Bean mhaith ach…….ní thagaim Lena dearcadh ar an gcuarbhóthar timpeall na cathrach.

  • Ferdia

    “….an Teachta Dála nuathofa (aththofa?) Catherine Connolly…”