Caithfidh Aire Stáit na Gaeltachta cuairt a thabhairt ar Ghaoth Dobhair le dochar tuilte a fheiceáil

Fágadh dhá theaghlach sáinnithe nuair a scriosadh droichead abhainn na Cláidí ag an deireadh seachtaine

Caithfidh Aire Stáit na Gaeltachta cuairt a thabhairt ar Ghaoth Dobhair le dochar tuilte a fheiceáil

Tá ráite ag an iar-aire stáit Gaeltachta Pat ‘the Cope’ Ó Gallchóir gur cheart d’Aire Stáit na Gaeltachta Seán Kyne cuairt a thabhairt ar Ghaoth Dobhair an tseachtain seo i bhfianaise na dtuilte a bhí ann ag an deireadh seachtaine.

Bhí áiteanna i nGaeltacht Dhún na nGall i measc na gceantar ba mheasa a bhí buailte ag an mbáisteach throm sa chontae.

Dúnadh bóthar i Mín an Locha, mar gheall ar sciorradh talún agus fágadh dhá theaghlach sáinnithe nuair a scriosadh droichead abhainn na Cláidí.

Dúirt Pat ‘the Cope’ Ó Gallchóir, an Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil, gur cheart do Sheán Kyne teacht go dtí Gaoth Dobhair chun an dochar a rinne na tuilte a fheiceáil agus maoiniú a fhógairt don obair dheisiúcháin.

“In 2009 rinneadh go leor dochair i nGaoth Dobhair mar gheall ar thuilte agus tháinig an té a bhí ina aire [Gaeltachta] ag an am Éamon Ó Cuív ar cuairt láithreach agus chuir sé maoiniú ar fáil d’obair feabhsúcháin. Tá mise anois ag iarraidh ar an Aire Stáit Seán Kyne cuairt a thabhairt ar Ghaoth Dobhair agus an maoiniú atá riachtanach a cheadú,” a dúirt Pat ‘The Cope’ Ó Gallchóir.

Fág freagra ar 'Caithfidh Aire Stáit na Gaeltachta cuairt a thabhairt ar Ghaoth Dobhair le dochar tuilte a fheiceáil'