Faoin Máirt bhí na meáin, na meáin shóisialta agus na páipéir, ag bogadh ar aghaidh chuig an deireadh seachtaine seo agus craobh na peile. Ach cad é mar dheireadh seachtaine a bhí againn seachtain ó shin. Domsa cuireadh tús leis ag am lóin Dé hAoine ag lón speisialta a bhí ar siúl sa cheanncheathrú agus gradam saoil Chumann Imreoirí Gael [GPA] á bhronnadh ar bheirt, bean Átha Cliath, Kay Ryder a bhuaigh deich mbonn i gcraobh na hÉireann sa chamógaíocht agus an Corcaíoch, an Dochtúir Con Murphy a bhí ina dhochtúir le foirne sinsir peile agus iomána Chorcaí ó 1976 go dtí an lá inniu agus é fós ag cabhrú lena mhac Colm atá ag stiúradh cúrsaí leighis iománaithe an chontae. Mar aon leosan bhí iarimreoirí as foirne buacacha chraobh na hÉireann san iománaíocht agus sa chamógaíocht ó 1964 go 2014 ansin.
Bhí tráthnóna thar a bheith taitneamhach againn agus scéalta agus eachtraí spóirt á roinnt idir na seanlaochra. Agus, dar ndóigh, bhí chuid maith cainte faoi chluiche an Domhnaigh. Bhí sé sórt ait a bheith ag féachaint amach ar an staid fholamh agus an pháirc á hullmhú dos na laochra is déanaí a bheadh ag CLG. D’fhan roinnt mhaith de na leads ó fhoireann bhuacach Chorcaí 2004 san ardchathair mar bheadh ócáid eile acusan oíche Dé Sathairn agus bhí foireann bhuacach 1999 ag teacht le chéile chun an bua sin a cheiliúradh. Chuala go raibh chuid acu amuigh déanach ar an Aoine agus chuala an focal ‘Coppers‘ á lua minic go maith sa chomhrá oíche Dé Sathairn. Ach níos mó eolais ní bhfuaireas-sa!
Bhí foireann 1999 lonnaithe sa Burlington don deireadh seachtaine agus seachas an toradh ar an Domhnach, bhí deireadh seachtaine thar a bheith pléisiúrtha againn.
Nuair a bhíos le foirne Chorcaí a shroich craobhacha na hÉireann i 1999, 2003, 2004, 2005 agus 2006, is sa Burlington ar bhóthar Sussex i ndeisceart na cathrach a d’fhanadh muid an t-am ar fad. Bhí aithne mhaith againn ar an áit agus bhí na himreoirí ar a sáimhín só ann. Ach caithfidh mé a insint daoibh go raibh atmaisféar thar a bheith difriúil ann ar na hócáidí úd ar chaill Corcaigh.
Agus oíche Dé Domhnaigh seo caite agus foireann 2024 ag fanacht ann, bhí an t-atmaisféar thar a bheith díomách agus ciúin ansin. Is cuimhin liom go maith 2004 agus 2005, sinne buacach sásta agus an áit sin plódaithe.
Ag an leibhéal sin sa spórt tá an-difríocht idir a bheith buacach agus caillteach agus mar a chonaiceamar ar an Domhnach sa chluiche eipiciúil i bPáirc an Chrócaigh, ní raibh ach poc den sliotar eatarthu ar an bpáirc. Ach is ollmhór an bhearna atá idir an an dá champa ó shin maidir le mothúcháin, ceiliúradh agus clúdach sna meáin.
Agus bhí an cluiche féin ina eipic cheart agus ba mhór an trua nach raibh athimirt againn. Tá a fhios agam, anois, nach n-aontódh muintir an Chláir liom ach nuair a séideadh an fhead deiridh agus an gnátham caite, ní raibh mórán sa staid sin nach dtógfadh an comhscór agus an dara seans don dá fhoireann.
Ach ní mar sin a bhí agus bhuaigh an fhoireann ab fhearr ar an lá. Tá an t-uafás scríte agus cloiste againn faoi. Mar aon leis sin go léir, caithfidh mé ómós a thabhairt do Chúchulainn ár linne, Tony Kelly agus na scóranna cinniúnacha a scóráil sé, go háirithe an cúl draíochta úd. Bhí cúil Rob Downey agus Mark Rodgers den chéad scoth freisin.
Ach críoch agus deireadh na mbeart ná gur bhailigh Kelly an corn agus beidh an corn céanna le feiceáil ins gach sráidbhaile ón gCreatalach go dtí an Fhiacail idir seo agus tosach na chéad chraoibhe eile.
Agus sinn ag tagairt do 2025, táim ag súil cheana féin le chéad chluiche cúige na seaimpíní sa bhaile agus Corcaigh mar fhreasúra acu. Beidh dáileadh na dticéad suimiúil ansin!
Fág freagra ar 'Caithfear ómós a thabhairt do Chúchulainn ár linne, Tony Kelly'