Bheadh sé sábháilte a rá gur beag duine sa tír seo go mbeadh mioneolas acu ar cheol na hIorua, bíodh sin clasaiceach, pop nó traidisiúnta, fiú má roghnaíomar Ioruach chun amhrán na hÉireann a chanadh dúinn san gcomórtas Eoraifíse le fíordhéanaí.
Sea is Ioruach mná, sin í Emmy, a chan ‘Laika party’ ar son na hÉireann i mbliana.
Is í a thug an svae léi i gcomórtas an Late Late Eurosong mí Feabhra seo caite.
Níl aon chosc ar aon iarrthóir, is cuma cén cine nó cér díobh iad cur isteach ar an gcomórtas céanna má roghnaíonn tír Eorpach iad.
Faraor tinn cráite, theip ar Éirinn ‘cáiliú’ don bhabhta ceannais i mbliana, ní bhfuaireadar ach 28 marc ar fad agus thángadar sa tríú háit déag, mar bharr ar gach donas. Pisreoga tá’s agat.
Agus theip ar Emmy na hIorua na geasa droma draíochta is léir atá ag cur laincis ar iarracht na hÉireann a shárú agus aon dul chun cinn a dhéanamh sa chomórtas don ochtú huair le deich mbliana. Craobh a cheapamar gur linn féin ar fad í, uair dá raibh.
Seacht n-uaire a bhuaigh Éire an comórtas Eoraifíse ó chan Dana an t-amhráinín ceolmhar ‘All Kinds of Everything’ is í suite ar a stóilín ina girseach bheag óg.
Níl faic le maíomh ag an Iorua bhocht i mbliana ach oiread, níor thángadar ach san ochtú háit déag as seisear is fiche iarrthóirí
Trí n-uaire atá an mórchomórtas tugtha leo ag an Iorua, agus nuair a bhuadar i 1995, bhí Éireannach mná, an veidhleadóir Fionnuala Sherry go lárnach san ensemble ceoil acu.
Bheadh sé fíor a rá, i gcás an cheoil thraidisiúnta sa dá thír, Éire agus an Iorua, gur mó cáil dhomhanda atá ar ár gceolna ná a gceol siúd.
B’fhéidir nach fada eile a bheadh an scéal amhlaidh.
Tá athbheochan ar a gceol traidisiúnta i measc na ndaoine óga ar a mbaistear Gen Z, iad siúd a saolaíodh idir na blianta 1997 agus 2012.
Ba fén dtuath is mó a chloistí an ceol traidisiúnta san Iorua ach tá iarracht á déanamh é a thabhairt isteach i gclubanna glóracha oíche ag an ndream óg.
‘Tuvas Blodklubb’ is ea an teacht le chéile míosúil a bhfuil ardéileamh air ag daoine óga gcathair Osló. Is amhlaidh atá i gcás chathracha Bergen, Trondheim agus Tromso.
Is í an ceoltóir Tuva Syvertsen a thosaigh an ‘ghluaiseacht’ seo agus maíonn sí gurb é an chéad chlub oíche ar domhan é ina bhfuil fíorcheol na ndaoine le clos.
Is léir nár fhreastail sí riamh ar an Oireachtas i gCill Airne, ná ar Chlub na Féile a bhíonn acusan go maidin gheal.
Ana-shuim aici sa cheol teicneo, agus teastaíonn uaithi anam agus brí a chur i gceol traidisiúnta na hIorua. Tagadh sí go dtí an tOireachtas, arsa tusa.
Idir an dá linn, measann sí gur mór an mhaitheas a dhéanfadh sé do dhaoine óga aird a thabhairt ar a ndúchas ársa ceoil, chun féinmhuinín is mórtas cine a spreagadh iontu agus iad a thabhairt aghaidh ar an saol corrach atá mórthimpeall orthu.
Seinntear an ceol ar uirlisí traidisiúnta ar nós an hardingfele, veidhlín cáiliúil atá á sheinm ag cuid mhaith Éireannach amhail Caoimhín Ó Raghallaigh, an bukkehorn, corn adharc gabhair, agus langeleik, uirlis théadach ar nós an dulcimer.
Tá béim á cur ar an amhránaíocht thraidisiúnta leis an joiking, a bhain leis an dtreibh sheachránach an Sami, amhránaíocht a bhí coiscthe le fada riamh ag na ‘húdaráis’ ar bhonn ciníoch, dar le Syvertsen.
Creideann sí go gcothaíonn na huirlisí traidisiúnta seo caidreamh osnádúrtha idir an ceoltóir agus an duine aonair is iad a’ rince, caidreamh draíochtúil a théann chun sochair a chéile.
Tá sí meáite air an ‘gluaiseacht’ cheoil seo a leathnú amach go dtí áiteanna ar nós Bheirlín agus Londain.
Caithfear dul i dteangmhail léi agus a rá léi teacht go dtí an tOireachtas i mBéal Feirste an fómhar seo chugainn.
Cá bhfios ná go lasfadh na Gaeil agus b’fhéidir an sárghrúpa Kneecap an ród roimpi.
Fág freagra ar 'Caithfear cuireadh go dtí an tOireachtas a thabhairt do cheannródaí ceoil na hIorua'