Cainéal nua Gaeilge do pháistí ag dul beo ar an aer

Beidh Cúla4 i mbun craolacháin ar feadh 14 uair an chloig gach lá, óna sé a chlog ar maidin go dtí a hocht a chlog tráthnóna

Cainéal nua Gaeilge do pháistí ag dul beo ar an aer

Ag a ceathair a chlog tráthnóna tosóidh an chéad chainéal Gaeilge do pháistí ag craoladh ar fud na tíre.

Ag ceannáras TG4 i mBaile na hAbhann i nGaeltacht Chonamara a sheolfaidh Aire na Gaeltachta Catherine Martin Cúla4.

27 bliain ó seoladh Teilifís na Gaeilge, beidh Cúla4 ar an dara cainéal Gaeilge sa stát.

Beidh Cúla4 i mbun craolacháin ar feadh 14 uair an chloig gach lá, óna sé a chlog ar maidin go dtí a hocht a chlog tráthnóna.

Beidh sé ar fáil ar chainéal 18 ar Saorview, ar chainéal 602 ar Virgin Media, ar chainéal 624 Sky agus ar Eir. Beidh Cúla4 ar fáil ar líne chomh maith.

Is iad Seosamh Mac Seoin, as Béal Feirste, Síle Ní Chonghaile, as Gaillimh, agus Niamh Ní Chróinín, as Baile Átha Cliath, príomhláithreoirí an chainéil nua.

Chomh maith le cláir bheochana agus siamsaíochta, beidh seirbhís nuachta do dhaoine óga ar Cúla4, an chéad seirbhís dá leithéid i nGaeilge.

Beidh an mhír nuachta sé nóiméad, a chraolfar ón Máirt go dtí an Aoine, á cur i láthair ag Aisling Ní Dhonnabháin agus Seán Ó Maoilchiaráin, beirt láithreoirí óga as Luimneach.

Dírithe ar pháistí idir 0-12 bliain d’aois a bheidh Cúla4. Beidh ábhar oideachais idirghníomhach á chur ar fáil ar an gcainéal nua chomh maith “le ceangail shoiléire leis an gcuraclam, chun spraoi a bhaint as an bhfoghlaim”.

Tá conarthaí ag TG4 le roinnt comhlachtaí léiriúcháin neamhspleácha in Éirinn chun ábhar a chur ar fáil don chainéal.

Ar na cláir nua a bheidh le feiceáil ar an tseirbhís nua, tá na seónna cluichí Anfa, atá bunaithe ar an aimsir, agus Uiscenauts, atá bunaithe ar chúrsaí uisce.

Sraith do leanaí is ea M’Ainm Mo Scéal “ faoin mbrí agus na scéalta a bhaineann le hainmneacha baiste”.

Ag dearadh tithe súgartha a bheidh na páistí a bheidh le feiceáil sa tsraith Teach Spraoi.

“Is le daoine óga na hÉireann agus leis na glúnta Gaeilgeoirí atá le teacht Cúla4,” a deir TG4.

Cuirfidh Cúla4 tús le ré nua sa chraoltóireacht Ghaeilge, a deir bainisteoir an chainéil, Karina Feirtéar.

“Dúinne, is rud stairiúil é mar gheall go bhfuilimid ag freastal an aoisghrúpa seo is, chomh maith leis sin, go bhfuilimid ábalta saghas forbairt a dhéanamh ar ábhar Gaeilge do dhaoine óga.

“Is iad seo i ndeireadh na dála an chéad ghlúin eile ó thaobh na teanga de, ó thaobh an chultúir de.”

Dúirt Karina Feirtéar gur léirigh an taighde a rinne TG4 faoi bhunú an chainéil go mbeadh páistí ag súil le rudaí áirithe ón tseirbhís nua.

“Amach as an aiseolas ar fad a fuaireamar thar n-ais, ceann de na príomhphointí go bhfuil siad ag iarraidh go mbeadh ábhar, is dócha, gníomhach – go bhfuil siad ábalta ceangal, is dócha, ceart a bheith acu leis –agus léirigh sé dúinn go bhfuil siad ag iarraidh iad féin a fheiscint seachas a bheith ag féachaint ar, b’fhéidir, leanaí ó thíortha eile.”

Fág freagra ar 'Cainéal nua Gaeilge do pháistí ag dul beo ar an aer'

  • Ciarán BXL

    Tá súil am go mbeidh *a lán* cartúin nua ann chomh maith. Na cartúin ó thíortha eile.

    Transformers, Rick and Morty, The Loud House, Ninjago, Sonic, Teen Titans…

    Agus níos mó Miraculous, Adventure Time, Clarence…

    Tá sé deacair an riail “Cúla4 amháin” a cuir i bhfeidhm nuair atá cartúin níos fearr ar na cainéil i mBéarla.

    Ar aon nós: job maith!

  • Seán

    Ní aontaím le Ciarán. Tá mise ag tnúth níos mó leis na rudaí oideachasúila a chuirfidh intinn an linbh ag fás.

    Chomh maith leis sin …. Tá cód ar ár dteilifisean. Ní dóigh liom go mbeidh aon teangacha le cloisteáil air go dtí go mbeidh an leanbh níos sinne. Ach ansin … Beidh le feiceáil cinnte…. braitheann an dúshlán ar an aois is dócha.