Cainéal don ‘chéad ghlúin eile’ cainteoirí Gaeilge – Cúla4 seolta ag Aire na Gaeltachta

Ag a ceathair a chlog tráthnóna a thosaigh an chéad chainéal Gaeilge do pháistí ag craoladh ar fud na tíre

Cainéal don ‘chéad ghlúin eile’ cainteoirí Gaeilge – Cúla4 seolta ag Aire na Gaeltachta

Tá Cúla4, an chéad chainéal Gaeilge do pháistí, seolta ag Aire na Gaeltachta Catherine Martin ag ceannáras TG4 i mBaile na hAbhann i nGaeltacht Chonamara.

Ag a ceathair a chlog tráthnóna a thosaigh an chéad chainéal Gaeilge do pháistí ag craoladh ar fud na tíre.

Agus an cainéal nua á sheoladh aici, dúirt an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin, go raibh sé tábhachtach go bhfeicfeadh daoine óga a labhraíonn an Ghaeilge daoine óga eile ag labhairt na Gaeilge ar an scáileán.

“Agus mé i m’Aire don Ghaeilge agus don Ghaeltacht, tá ríméad orm a bheith anseo chun Cúla4 a sheoladh – cainéal lán-Ghaeilge do dhaoine óga a dhéanfaidh labhairt laethúil na Gaeilge a leabú agus a normalú don chéad ghlúin eile.

“Bíonn eiseamláir láidir ag teastáil ó dhaoine óga i ngach aon réimse den saol, agus ligeann Cúla4 do dhaoine óga a bhfuil Gaeilge acu a macasamhail a fheiceáil ar an scáileán.”

Dúirt Karina Feirtéar, Bainisteoir Chainéal Cúla4 gur “lá stairiúil” a bhí ann do TG4 agus don Ghaeilge ó tharla gurb iad “an chéad ghlúin eile” a bhainfidh leas as Cúla4.

Chomh maith le siamsaíocht a chur ar fáil do dhaoine óga. déanfaidh Cúla4 “iad a thumadh i dteanga bheo” le go mbeidh siad in ann foghlaim “faoin domhan thart timpeall orthu trí theanga a bhfuil cleachtadh acu uirthi”.

Dúirt Ardstiúrthóir TG4 Alan Esslemont go gcreideann sé go mbíonn an Béarla gach áit agus go raibh gá dá réir le Cúla4.

“Tá an Béarla i ngach áit sna meáin chumarsáide ar fud an domhain agus má tá an Ghaeilge fós le bheith ina teanga phobail amach anseo, ní mór do sheirbhísí do dhaoine óga TG4 a bheith feiceálach, fuinniúil agus tarraingteach chun caidreamh daoine óga leis na meáin chumarsáide Ghaeilge a threisiú agus trí sin an caidreamh atá acu leis an nGaeilge a chothú.”

Mhol ardstiúrthóir an stáisiúin Catherine Martin as tacú le bunú Cúla4 a “fís” do TG4.

Cuireadh €3.3 milliún breise ar fáil do TG4 i mBuiséad 2023 chun Cúla4 a fhorbairt agus a sheoladh.

Beidh Cúla4 i mbun craolacháin ar feadh 14 uair an chloig gach lá, óna sé a chlog ar maidin go dtí a hocht a chlog tráthnóna.

Beidh sé ar fáil ar chainéal 18 ar Saorview, ar chainéal 602 ar Virgin Media, ar chainéal 624 Sky agus ar Eir. Beidh Cúla4 ar fáil ar líne chomh maith.

Is iad Seosamh Mac Seoin, as Béal Feirste, Síle Ní Chonghaile, as Gaillimh, agus Niamh Ní Chróinín, as Baile Átha Cliath, príomhláithreoirí an chainéil nua.

Chomh maith le cláir bheochana agus siamsaíochta, beidh seirbhís nuachta do dhaoine óga ar Cúla4, an chéad seirbhís dá leithéid i nGaeilge.

Beidh an mhír nuachta sé nóiméad, a chraolfar ón Máirt go dtí an Aoine, á cur i láthair ag Aisling Ní Dhonnabháin agus Seán Ó Maoilchiaráin, beirt láithreoirí óga as Luimneach.

Dírithe ar pháistí idir 0-12 bliain d’aois a bheidh Cúla4. Beidh ábhar oideachais idirghníomhach á chur ar fáil ar an gcainéal nua chomh maith “le ceangail shoiléire leis an gcuraclam, chun spraoi a bhaint as an bhfoghlaim”.

Tá conarthaí ag TG4 le roinnt comhlachtaí léiriúcháin neamhspleácha in Éirinn chun ábhar a chur ar fáil don chainéal.

Ar na cláir nua a bheidh le feiceáil ar an tseirbhís nua, tá na seónna cluichí Anfa, atá bunaithe ar an aimsir, agus Uiscenauts, atá bunaithe ar chúrsaí uisce.

Sraith do leanaí is ea M’Ainm Mo Scéal “faoin mbrí agus na scéalta a bhaineann le hainmneacha baiste”.

Ag dearadh tithe súgartha a bheidh na páistí a bheidh le feiceáil sa tsraith Teach Spraoi.

“Is le daoine óga na hÉireann agus leis na glúnta Gaeilgeoirí atá le teacht Cúla4,” a deir TG4.

Fág freagra ar 'Cainéal don ‘chéad ghlúin eile’ cainteoirí Gaeilge – Cúla4 seolta ag Aire na Gaeltachta'

  • Breathnóir1

    Go n-éirí go geal leo.