Cáineadh géar déanta ag Micheál Martin ar chur chuige ‘éighníomhach’ maidir le cáilíocht éigeantach Ghaeilge

Bhí ceannaire Fhianna Fáil ag trácht ar an scéal a foilsíodh ar Tuairisc.ie nach bhfuil aon tuairim ag an Roinn Oideachais cé acu an bhfuil nó nach bhfuil cáilíocht éigeantach bainte amach ag lear mór múinteoirí i meánscoileanna Gaeltachta agus lán-Ghaeilge

30/04/2014. Fianna Fail launch European Election Manifesto. Fianna Fail leader Micheal Martin pictured today at the RHA in Dublin where the party launched their European Elections Manifesto. Photo: Laura Hutton/Photocall Ireland
Micheal Martin. Pictiúr: Photocall Ireland

Tá cáineadh géar déanta ag ceannaire Fhianna Fáil ar an Rialtas as a gcur chuige “éighníomhach” maidir leis an nGaeilge. Bhí Micheál Martin ag trácht ar an scéal a foilsíodh ar Tuairisc.ie an tseachtain seo caite nach bhfuil aon tuairim ag an Roinn Oideachais cé acu an bhfuil nó nach bhfuil cáilíocht éigeantach bainte amach ag lear mór múinteoirí atá ag múineadh i meánscoileanna Gaeltachta agus lán-Ghaeilge.

Ba é Martin féin a thug isteach an cháilíócht éigeantach atá i gceist le linn dó a bheith ina Aire Oideachais.

Ba mar thoradh ar iarratas a rinne Tuairisc.ie faoin Acht um Shaoráil Faisnéise ar eolas a bhaineann leis an Teastas Gaeilge do Mhúinteoirí Iar-Bhunscoile (TGMI), a tháinig sé chun solais nach raibh aon taifead ann maidir le cé acu an bhfuil nó nach bhfuil an Teastas, a tugadh isteach 15 bliana ó shin, bainte amach ag lear mór múinteoirí.

Dar le Michéal Martin gur “drochtheist amach is amach” an scéal seo ar an mbeirt Airí Oideachais de chuid Pháirtí an Lucht Oibre a bhí ann le linn na Dála seo – Ruairí Quinn agus Jan O’Sullivan.

“Tá sé ina dhlúthchuid de pholasaí Fhianna Fáil go n-úsáidfí an Ghaeilge agus go gcuirfí an Ghaeilge chun cinn. Agus sinn sa Rialtas, cuireadh ar bun an Teastas Gaeilge do Mhúinteoirí Iarbhunscoile (TGMI) chun a chinntiú go mbeadh múinteoirí i scoileanna Gaeltachta agus lán-Ghaeilge líofa a ndóthain leis an teanga a mhúineadh.

“Thugamar isteach an Teastas mar fhreagra ar an imní a bhí léirithe ag daoine nár leor scrúdú na hArdteiste nó scrúdaithe tríú leibhéal chun cumas múinteoirí an Ghaeilge a theagasc a mheas. Is drochtheist amach is amach ar bheirt Airí Oideachais de chuid Pháirtí an Lucht Oibre an scéala nua seo nach bhfuil an Roinn ag déanamh monatóireachta ar cháiliú múinteoirí leis an TGMI agus [is] léiriú é ar chur chuige éighníomhach,” a deir Ceannaire Fhianna Fáil, Micheál Martin, le Tuairisc.ie.

De réir rialacha na Roinne Oideachais, is gá an Teastas Gaeilge a bheith bainte amach ag duine sular féidir é a cheapadh chun dul ag múineadh i scoil Ghaeltachta nó i scoil lán-Ghaeilge.

De réir eolais a chuir Coimisiún na Scrúduithe Stáit ar fáil do Tuairisc.ie le gairid, d’éirigh le 263 iarrthóir i scrúdú an TGMI le cúig bliana anuas, ach ní raibh aon eolas ag an gCoimisiún maidir le líon na múinteoirí atá fostaithe i scoileanna Gaeltachta agus Gaeilge nach bhfuil an cháilíocht éigeantach seo acu.

Ní raibh aon taifead eile ag an gCoimisiún i dtaobh an Teastais ná i dtaobh chur i bhfeidhm an riachtanais a bhaineann leis an Teastas.

Ba mhar a chéile an scéal ag an Roinn Oideachais, a dúirt le Tuairisc.ie:

‘…rinneamar fiosrúcháin bhreise sa Roinn, áit a cheapfaí go mbeadh an fhaisnéis [atá] ar iarraidh ar fáil. Tar éis dúinn dul i gcomhairle leis na rannáin chuí, cuireadh in iúl dúinn nach bhfuarthas taifead ar bith sa Roinn bunaithe ar an bhfaisnéis a cuireadh ar fáil.’

Nuair nach raibh aon teacht ag an Roinn ar an eolas a bhí á lorg ag Tuairisc.ie, sheol siad an t-iarratas ar aghaidh go dtí an Chomhairle Mhúinteoireachta, an t-eagras a dhéanann montatóireacht ar chaighdeán gairmiúil na múinteoireachta in Éirinn.

Dhearbhaigh an Chomhairle Mhúinteoireachta nach bhfuil aon taifid ábhartha acusan ach an oiread a bhaineann leis an Teastas Gaeilge do Mhúinteoirí Iar-Bhunscoile agus fostú múinteoirí nach bhfuil a leithéid acu.

Ba ag tús na scoilbhliana 1999/00 a tugadh isteach an Teastas Gaeilge do Mhúinteoirí Iar-Bhunscoile sa Ghaeltacht agus i scoileanna lán-Ghaeilge, ar gá scrúdú béil a dhéanamh chun é a bhaint amach. Roimhe sin, bhí ar gach múinteoir iar-bhunscoile riachtanas Gaeilge a chomhlíonadh.

Is éard atá sa scrúdú don Teastas Gaeilge do Mhúinteoirí Iarbhunscoile ná béaltriail a bhfuil siollabas ag gabháil leis dar teideal An Siollabas don Teastas Gaeilge do Mhúinteoirí Iarbhunscoile, atá ar fáil ó Choimisiún na Scrúduithe Stáit.

Déantar breith sa scrúdú ar stór focal agus cumas teanga an mhúinteora a bhfuil faoi dul ag múineadh i scoil Ghaeltachta nó i scoil lán-Ghaeilge.

Fág freagra ar 'Cáineadh géar déanta ag Micheál Martin ar chur chuige ‘éighníomhach’ maidir le cáilíocht éigeantach Ghaeilge'

  • Cordelia Nic Fhearraigh

    Tá níos mó ná ‘béaltriail’ de dhith le bheith i do mhúinteoir sa Ghaeltacht.

    Caidé fá na múinteoirí seo a bhíonn ag teagasc an Béarla – tré mheán an Bhéarla?? Nach dtig an teangaigh seo a theagasc tré mheán na Gaeilge i scoltachta Gaeltachta agus i nGaelscoltachta? Nach ndéantar seo le Fraincís agus Gearmáinis agus teangacha eile an domhain?