Rinneadh cáineadh láidir sa Dáil inné ar chur chuige an Rialtais i leith na Gaeilge agus cuireadh i leith Aire Stáit na Gaeltachta Seán Kyne nach raibh ar bun aige ach ‘fine words’ gan aon chur leis.
Ag tagairt dó don mhaoiniú a cuireadh ar fáil sa Bhuiséad do ghnóthaí Gaeilge agus Gaeltachta, dúirt an Teachta Dála neamhspleách Mattie McGrath gur léir “that when it comes to the Irish language lip-service continues to be the order of the day”.
Mhaígh an Teachta Dála as Tiobraid Árann ‘nach mbeathaíonn na briathra na bráithre’ fad is a bhaineann sé le polasaí Gaeilge an Rialtais.
“There is a huge disparity between what the Minister of State is saying and what I am being told. If this is what the Minister and the Department understand to be a robust commitment to the 20-year strategy, then serious questions have to be answered, and níl aon fhreagra anseo.”
Ag iompú ar an nGaeilge, d’fhiafraigh an Teachta Dála den Aire Stáit, “Cá bhfuil an t-airgead?”.
Thug McGrath suntas chomh maith don mhéid a dúirt an tAire Airgeadais agus an tAire Caiteachais Phoiblí lá an Bhuiséid faoin “gcineál Éire” a theastaíonn uathu “a chruthú”.
“Surely that ought to include a more passionate and resourced commitment to the growth and study of our Irish language. Without our teanga we will not have a nation. I strongly believe that. We need a commitment that the cuts to funding allocations will be reversed and increased,” a dúirt an Teachta Dála Neamhspleách.
Mhaígh McGrath go raibh laghdú 50% tagtha ar bhuiséad Údarás na Gaeltachta agus Fhoras na Gaeilge ó 2008, gur gearradh siar 35% ar líon na gcampaí samhraidh a bhíonn a reáchtáil ag Foras na Gaeilge agus gur tháinig laghdú 40% ar bhuiséad reatha Sheachtain na Gaeilge.
Dúirt sé nach raibh “aon airgead ag grúpaí Gaeilge” agus nach raibh “aon seans acu an obair a dhéanamh” dá bharr.
Níor ghlac an tAire Stáit Seán Kyne leis an áitiú sin agus dúirt sé gur cuireadh €60 milliún ar fáil do ghnóthaí Gaeilge, Gaeltachta agus Oileán i mBuiséad 2017.
Dúirt an tAire go raibh méadú ar bhuiséad caipitil an Údaráis don bhliain seo chugainn. Bhí cruinniú aige féin agus an tAire Heather Humphreys le Foras na Gaeilge le déanaí, a dúirt sé, agus leanfaidís beirt orthu féin ag iarraidh maoiniú breise a chinntiú don eagraíocht trasteorann agus don Ghaeilge agus don Ghaeltacht.
Dúirt sé gur chuir a Roinn maoiniú ar fáil do 183 campa samhraidh eile in 2016 agus gur fhreastail 6,077 gasúr ar na campaí Gaeltachta sin. D’fhreastail 26,004 gasúr ar choláistí samhraidh faoi Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge, a dúirt sé.
Dúirt an Teachta Dála Mattie McGrath nár cuireadh aon mhaoiniú breise ar fáil don Ghaeilge i mBuiséad 2017.
“They are fine words but the programme for Government states that the Government will increase investment in the Irish language, yet Foras na Gaeilge has had to reduce the number of Irish language summer courses,” a dúirt sé.
Fág freagra ar '‘Cá bhfuil an t-airgead?’ – cáineadh déanta sa Dáil ar ‘lip-service’ an Rialtais don Ghaeilge'