Bus Choláiste Lurgan páirceáilte lasmuigh de Roinn na Gaeltachta mar agóid roimh chuairt Aire Stáit

Tá bus páirceáilte taobh amuigh de Roinn na Gaeltachta agus Údarás na Gaeltachta mar agóid faoin easpa dul chun cinn a mhaítear atá á dhéanamh maidir le forbairt fhoirgneamh Choláiste Lurgan in Indreabhán

Bus Choláiste Lurgan páirceáilte lasmuigh de Roinn na Gaeltachta mar agóid roimh chuairt Aire Stáit

Tá bus páirceáilte taobh amuigh de Roinn na Gaeltachta agus Údarás na Gaeltachta mar agóid faoin easpa dul chun cinn a mhaítear atá á dhéanamh maidir leis an bplean Ionad Oideachais agus Óige a thógáil ar shuíomh Choláiste Lurgan in Indreabhán.

Deir na comharthaí móra atá ar an mbus ‘Fís nó Frithfhís’ agus ‘Cainteanna = Comhthuiscint = Comhaontú’ scríofa air. Tá scrios déanta le líne dhearg ar ‘Lurgan… 2021, 2022, 2023’ agus comhartha ceiste ann faoi ‘2024’, ag tabhairt le fios go bhfuil éiginnteacht faoina bhfuil i ndán don choláiste samhraidh cáiliúil.

Páirceáladh an bus lasmuigh de cheannárais na Roinne agus an Údaráis inné, roimh chuairt Aire Stáit na Gaeltachta Jack Chambers ar Ghaeltacht Chonamara. Tá sé i gceist ag an Aire cruinniú a bheith aige le hionadaithe ó Choláiste Lurgan.

 

Tá sé curtha i leith na Roinne agus an Údaráis go minic ag úinéir Choláiste Lurgan, Micheál Ó Foighil, gur ag tarraingt na gcos atá siad i dtaobh an togra in Indreabhán. Deir lucht na Roinne agus an Údaráis, áfach, gurb amhlaidh go bhfuil siadsan ag fanacht ar úinéir Choláiste Lurgan glacadh leis an bplean atá acu don fhorbairt.

Deir Údarás na Gaeltachta gurb iad na príomhchéimeanna atá le baint chun an togra a chur i bhfeidhm ná teacht ar chomhaontú le Coláiste Lurgan maidir le húsáid an ionaid, beannacht a fháil ó bhord an Údaráis agus ó Roinn na Gaeltachta an togra a thabhairt chun cinn agus ansin cead pleanála a lorg don fhorbairt.

Deirtear go bhfuil sé mar sprioc ag Údarás na Gaeltachta cead pleanála a fháil sa tríú ráithe den bhliain seo agus go mbeadh an t-ionad nua tógtha agus réidh in am do shamhradh 2023.

Beidh an tAire Stáit i gCois Fharraige ar maidin chun seoladh a dhéanamh ar thaighde faoi staid na Gaeilge sa Ghaeltacht a choimisiúnaigh Tuismitheoirí na Gaeltachta. Casfaidh sé chomh maith le CONCOS, scáthghrúpa na gcoláistí samhraidh, atá fós ag fanacht ar scéala faoi cén cúiteamh a íocfar leo mar gheall ar na cúrsaí samhraidh a bheith curtha ar ceal don dara bliain as a chéile.

 

Fág freagra ar 'Bus Choláiste Lurgan páirceáilte lasmuigh de Roinn na Gaeltachta mar agóid roimh chuairt Aire Stáit'