‘Gaeltacht uirbeach’ agus ‘Gaeltacht na gComaitéirí’ i measc na bpolasaithe nua Gaeilge atá ag Sinn Féin

€9.674m breise a chuirfeadh Sinn Féin ar fáil don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hoileáin in 2019, de réir a mbuiséid ailtéarnaigh

‘Gaeltacht uirbeach’ agus ‘Gaeltacht na gComaitéirí’ i measc na bpolasaithe nua Gaeilge atá ag Sinn Féin

Tá ‘Gaeltacht uirbeach’ agus ‘Gaeltacht na gComaitéirí’ i measc na bpolasaithe nua Gaeilge atá ag Sinn Féin.

De réir bhuiséad ailtéarnach Shinn Féin, chuirfí airgead ar leataobh chun staidéar a dhéanamh maidir le córas a bhunú faoina gcuirfí tithe ar fáil le taobh a chéile i gceantair uirbeacha do theaghlaigh ar mhaith leo a saol a chaitheamh trí Ghaeilge.

Ag labhairt dó le Tuairisc.ie, dúirt Peadar Tóibín, urlabhraí Gaeilge Shinn Féin, gur chóir go mbeadh “eagraíocht ar leith ann” chun tithe a cheannach agus a fhorbairt do theaghlaigh a bhfuil a gclann á dtógáil le Gaeilge acu.

“Faoi láthair, níl aon phróiseas oifigiúil ann le cúnamh a thabhairt do dhaoine ar mian leo a gclann a thógáil le Gaeilge. Bheadh an eagraíocht nua seo i mbun forbairtí a aimsiú agus tithe a cheannach i gceantair ina bhfuil an Ghaeilge láidir cheana féin le go bhféadfaí tithe a dhíol le teaghlaigh a bhfuil Gaeilge acu,” a dúirt Tóibín.

I measc na bpolasaithe eile atá i mbuiséad ailtéarnach an pháirtí, moltar go ndéanfaí Comhar na Múinteoirí Gaeilge a athbhunú agus go gcuirfí scoláireachtaí ar fáil do theaghlaigh a bhfuil an Ghaeilge mar phríomhtheanga an tí acu, amhail Scéim Labhairt na Gaeilge mar a bhíodh.

Deir Sinn Féin go gcuirfidís €9.674m breise ar fáil don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hoileáin in 2019.

Moltar sa bhuiséad ailtéarnach seo go gcuirfí €2 milliún breise ar fáil d’eagraíochtaí pleanála teanga agus go gcuirfí €2.3 milliún ar fáil do Phlean Infheistíochta Chonradh na Gaeilg.

Éilíonn Sinn Féin go gcuirfí €2.6 milliún breise ar fáil don oideachas trí Ghaeilge, lena n-áirítear €1.8 chun deontas na n-ábhar oidí le tréimhse a chaitheamh sa Ghaeltacht a thabhairt ar ais, €300,00 don scéim naíonraí sa Ghaeltacht agus €50,000 chun plean a réiteach chun ‘Gael-Ollscoil’ a fhorbairt.

Infheistíocht €1 milliún atá molta do TG4 i mbuiséad ailtéarnach Shinn Féin, cé gur fhógair an BAI le déanaí go raibh €6 milliún ag teastáil ón stáisiún ó 2018 ar aghaidh le go mbeadh sé “inmharthana”.

Agus é ag trácht ar thaighde an BAI, dúirt Peadar Tóibín go mbeadh Sinn Féin ag iarraidh “teacht chuig figiúr a bheadh níos cóngaraí don €6 mhilliún sna trí bliana amach romhainn”.

I measc na bhfiontar nua atá molta i mbuiséad ailtéarnach Shinn Féin, moltar go gcuirfí €500,000 ar fáil le Ciste Raidió Gaeilge a bhunú, macasamhail an Chiste Craoltóireachta Gaeilge ó thuaidh.

Tá €450,000 breise á éileamh don fhoilsitheoireacht i nGaeilge sa bhuiséad atá fógartha ag Sinn Féin chomh maith, cé nach gcaithfí aon chuid de sin ar an fhoilsitheoireacht ar líne.

Dúirt Peadar Tóibín go bhfuil géarchéim in earnáil na foilsitheoireachta Gaeilge agus go raibh an baol ann go mbeadh an earnáil sin “caillte ar fad” mura gcuirfí infheistíocht shuntasach ar fáil di.

Fág freagra ar '‘Gaeltacht uirbeach’ agus ‘Gaeltacht na gComaitéirí’ i measc na bpolasaithe nua Gaeilge atá ag Sinn Féin'

  • Aililiú!

    Is díol suntais é nár thuairiscigh Tuairisc.ie (‘seirbhís nuachta phobal na Gaeilge’) ar fhoilsigh Sinn Féin an cháipéis seo i mBéarla amháin nó go dátheangach. Is i mBéarla ar fad atá a suíomh gréasáin, sin nó tá cibé Gaeilge atá ann i bhfolach go maith acu.

    ‘A New Ireland’ a theastaíonn ó Sinn Féin. Is é rud a theastaíonn dáiríre, ar ndóigh, dá dtuigfidís é: sochaí nuachóirithe a bheas dílis don tsean-Éirinn i.e. d’Éirinn, óir níl aon Éire eile ann. Breast iad féin agus a New Ireland Béarla, rud nach mbeadh ann dáiríre ach ‘another/new England called Ireland’; b’fhiú go mór do cheannairí Sinn Féin staidéar a dhéanamh ar an chreideamh polaitíochta a bhí ag lucht intleachta an náisiúnachais faoi thús an chéid seo a chuaigh thart. Agus b’fhiú go mór dóibh an Ghaeilge a fhoghlaim; ar an dóigh sin b’fhéidir go bhfaighidís tuiscint ar stair na hÉireann.

  • Donncha Ó hÉallaithe

    Fuair mé litir um thoghchán inniu ar son Liadh Ní Riada, iarrthóir Sinn Féin don Uachtarántacht.
    Glacaim leis go bhfuil seolta amach ag Sinn Féin. Deirtear go bhfuil sé foilsithe ag Pearse Doherty. Is i mBéarla beagnach ar fad atá sé. Ar an leathanach tosaigh tá teachtaireacht aonteanga ón iarrthóir: ‘I will bring enthusiasm and commitment to the Presidency. I will represent a New Ireland – a fairer and more caring Ireland”.

    Ar a chúl tá teachtaireacht eile aonteangach ón iarrthóir, faoin teideal ar a bharr ‘Uachtarán Nua d’Éirinn Nua’. Gach rud ó Liadh i mBéarla seachas Baile Mhuirne agus ainm a athar. Tá abairt i nGaeilge ó Mary Lou Mc Donald, ceart go leor, a deireann “Táim ag iarraidh ort vótáil ar son Liadh Ní Riada mar uachtarán nua d’Éirinn nua”.

    Bheinn ag súil le billeog dhá theangach ar a laghad a bheith á scaipeadh i gceantar cosúil le Cois Fharraige ina bhfuil an Ghaeilge in uachtar mar theanga pobail, ag gach iarrthóir don Uachtarántacht. Bheinn ag súil le níos mó ó Liadh Ní Riada , ‘the daughter of Seán Ó Riada’, mar a luann sí féin ina theachtaireacht i mBéarla amháin.

    Níor tháinig billeog Mhichael D. fós ach deirtear liom go bhfuil a bhilleog, atá á scaipeadh sna Forbacha chomh dona céanna.