‘Buinneach ort a phéistín/Ní fiú mo chac thú a bhéistín’/Nollaig Shona mo thóin!’ – Gaeilge curtha ar na Pogues

Cloisfear ag an gceolchoirm 'Duanta Damnaithe: Tionscadal The Pogues', atá ar siúl ag Féile Litríochta Imram, den chéad uair leaganacha Gaeilge nua d’amhráin chailiúla na Pogues

the-pogues

Tá Gaeilge curtha ag beirt de mhórfhilí na teanga ar chuid de na hamhráin is mó ag na Pogues do cheolchoirm speisialta a bheidh ar siúl mar chuid d’Fhéile Imram an tseachtain seo chugainn.

B’iad Liam  Muirthile agus Gabriel Rosenstock a chuir Gaeilge ar liricí amhráin ar nós A Pair Of Brown Eyes, A Rainy Night in Soho, Sally Mac Lennane agus A Faiytale of New York.

Is iad an t-amhránaí agus an file Marcus Mac Conghail, agus an banna ceoil Feirsteach, The Pogoes, a chasfaidh den chéad uair ar stáitse na leaganacha nua de na hamhráin cháiliúla.

Ba sa bhliain 1982 i Londain a tháinig na Pogues le chéile agus tá príomhamhránaí an bhanna, Shane MacGowan, aitheanta mar dhuine de na liriceoirí is cumasaí riamh i réimse an cheoil chomhaimseartha. B’iad liricí tnúthánacha, spleodracha MacGowan agus an cleamhnas a dheineadar idir an punc agus ceol tradisiúnta na hÉireann ba mhó a thuill cáil do na Pogues.

Dúirt urlabhraí thar ceann MacGowan le Tuairisc.ie nach raibh sé ar fáil faoi láthair chun agallamh a dhéanamh toisc go raibh “timpiste” le déanaí aige.

Idir an dá linn, tá blaiseadh faighte ag Tuairisc.ie de shaothar aistriúcháin fileata Liam Uí Mhuirthile agus Gabriel Rosenstock.


 

Finscéal Nua Eabhrac/Faiytale of New York

Suarachán

Dúramán

Seanleiciméir andúil-a-lán

Diltálaire na beatha is tú sínte ar leaba

Buinneach ort a phéistín

Ní fiú mo chac thú a bhéistín

Nollaig Shona mo thóin

Nár fhága Dia tú slán

(You’re a bum/You’re a punk/You’re an old slut on junk/ Lying there almost dead on a drip in that bed/You scumbag, you maggot/You cheap lousy faggot/ Happy Christmas your arse/ I pray God it’s our last)

 


 

Searghuí Chúchulainn/The Sickbed of Cuchulainn

Dheinis do mhún ort fhéin i Frankfurt fuairis dós thíos i Cologne

Chualaís traenacha an bháis ag cleatráil caite siar ar do thóin

Thug Frank Ryan fuisce chugat i bordello i Maidrid

Leagais faisisteach mallaithe a dhamnaigh gach yid

Agus Cúchulainn ina sheargluí ar ár nglúine déanfam urnaí

Tá na góstaí ag an doras agus an diabhal ina shuí sa chúinne

(When you pissed yourself in Frankfurt and got syph down in Cologne/ And you heard the rattling death trains as you lay there all alone/ Frank Ryan brought you whiskey in a brothel in Madrid/And you decked some fucking blackshirt who was cursing all the Yids/ At the sick bed of Cuchulainn we’ll kneel and say a prayer/ And the ghosts are rattling at the door and the devil’s in the chair)


 

Sally MacLennane

Sheinn Jimí an t-orgán béil insan tábhairne a rugadh mé

Ó lár na hoíche sheinn sé é go fáinne geal an lae

Do sheinn sé dos na gealtaibh é chun iad a dhéanamh séimh

Is bhí cuma shásta orthu teacht na maid’ne.

(Well Jimmy played harmonica in the pub where I was born/He played it from the night time to the peaceful early morn/He soothed the souls of psychos and the men who had the horn/And they all looked very happy in the morning)


 

Peire Súl Donn/A Pair Of Brown Eyes

Is bhí scol ón éanlaith [i] mbarr na gcrann

Is an ghaoth go séimh ag gáire

Is ar fán mé, ar fán mé, ar fán mé go deo

Le haghaidh péire súl donn.

(And the birds were whistling in the trees/Where the wind was gently laughing/And a rovin’ a rovin’ a rovin’ I’ll go/For a pair of brown eyes)


 

Oíche Bháistí in Sóhó/A Rainy Night in Soho

Thugas grá duit ’nois le fada

Grá buan daingean le fada an lá

Is bhíos suaite is tú i dtrioblóid

Is bhí gáire againn, a ghrá

Is d’fhás ár gcairde suas ’nár dteannta

Bhíomar ann nuair bhíodar thíos

Cuid acu a chuaigh sna Flaithis

Thit a thuilleadh in Ifreann síos.

(I’ve been loving you a long time/Down all the years, down all the days/ And I’ve cried for all your troubles/Smiled at your funny little ways/ We watched our friends grow up together/ And we saw them as they fell/Some of them fell into Heaven/Some of them fell into Hell)


 

Sluaite ag Seoladh /Thousands are Sailing

Agus oíche mhaith, a Bhroadway

Is bheannaíomar ansin os ard

Do leithéidí Mister Cohan

Ar shean-Times Square rí na mbard

Agus sláinte gheal, a JFK

Agus sláinte gheal go leor

Ar ais dom i mo sheomra fuar

Is gach seans gur shileas deor’

(Then we said goodnight to broadway/Giving it our best regards/Tipped our hats to Mister Cohan/Dear old times square’s favourite bard/ Then we raised a glass to JFK/ And a dozen more besides/When I got back to my empty room/I suppose I must have cried)


 

Príomhshráid an sean-drag/The Old Main Drag

Bhíodh na Sé-fheara agus na Sí-fheara amuigh chuige san oíche

Agus drúis-chábóga an airgid ag sméideadh ort choíche

Ar chúig puint sa chaolsráid chaoch a dhéanfá an jab

Ceann smeartha le halt na láimhe ar phríomhshráid an sean-drag.

(There the he-males and the she-males paraded in style/And the old man with the money would flash you a smile/In the dark of an alley you’d work for a fiver/For a swift one off the wrist down on the old main drag)

 


 

Tá ‘Duanta Damnaithe: Tionscadal The Pogues’ ar siúl mar chuid d’Fhéile Litríochta IMRAM sa Grand Social i mBaile Átha Cliath Dé Máirt seo chugainn. Tá tuilleadh eolais ar fáil faoin ócáid ar shuíomh Imram mar a bhfuil eolas faoi na himeachtaí ar fad a bheidh ar siúl mar chuid den fhéile a bheidh ar siúl ón 10 – 17 Deireadh Fómhair.

 

Fág freagra ar '‘Buinneach ort a phéistín/Ní fiú mo chac thú a bhéistín’/Nollaig Shona mo thóin!’ – Gaeilge curtha ar na Pogues'

  • Feardorcha

    Mister Cohan
    Paddy ní Yid a bhí ann.