Buaiteoirí chomórtas #léinín Tuairisc.ie fógartha

Bhí idir óg agus aosta i mbun ‘léiníní’ le seachtain anuas do chomórtas Tuairisc.ie agus LoveLeabharGaeilge

Buaiteoirí chomórtas #léinín Tuairisc.ie fógartha

Bhí idir óg agus aosta i mbun ‘léiníní’ le breis is seachtain anuas do chomórtas Tuairisc.ie agus Love Leabhar Gaeilge agus tá na buaiteoirí fógartha inniu.

Is é Pól Mag Lionáin, bunaitheoir an Chlub Leabhar i mBaile Locha Riach, a bhuaigh an beart leabhar do dhaoine fásta leis an léinín seo.

Bronnfar beart leabhar ar an léitheoir óg Nell Nic Gearailt as Corca Dhuibhne as ucht an léinín seo a chur chugainn.

Is ionann léinín agus féinín nó ‘selfie’ a thógáil agus leabhar á léamh agat. Chum ár gcolúnaí Alex Hijmans an téarma ‘léinín’ le déanaí agus mhol sé do léitheoirí Tuairisc.ie ‘léinín’ a thógáil agus a roinnt ar na meáin shóisialta ar mhaithe le haird a tharraingt ar leabhair Ghaeilge.

Ghlac na Gaeil go fonnmhar le gairm chun gnímh an údair aitheanta agus spreagadh sinn chun comórtas a chur ar bun i gcomhar le Love Leabhar Gaeilge. Dhá bheart leabhar a bhí le buachan sa chomórtas seo, ceann do dhaoine fásta agus ceann do léitheoirí óga.

Seo chuid de scoth na léiníní a roinneadh ar na meáin shóisialta mar chuid den chomórtas.

Mar fhocal scoir, is deas an nós atá bunaithe agaibh leis na léiníní. Leanaigí oraibh á roinnt!

Fág freagra ar 'Buaiteoirí chomórtas #léinín Tuairisc.ie fógartha'

  • Aoileann nic Gearailt

    Cad a dhéanfadh mac an chait ach luch a mharú? Cad a dhéanfadh iníon mac iníne le Seán agus Bríghid Uí Éigeartaigh, bunaitheoirí an chomhlacht foilsitheoireachta Gaeilge Sáirséal agus Dill, ach leabhar a léamh…