Buaic-Ghradam Cumarsáide an Oireachtais ag Eoghan Ó Néill

Aitheantas do shaothar saoil in earnáil na meán cumarsáide Gaeilge atá sa bhuaicghradam a bhronntar ag searmanas bronnta Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais

Buaic-Ghradam Cumarsáide an Oireachtais ag Eoghan Ó Néill

Ar Eoghan Ó Néill, an craoltóir agus iriseoir aitheanta as Béal Feirste, a bhronnfar Buaic-Ghradam Cumarsáide an Oireachtais i mbliana.

 Aitheantas do shaothar saoil in earnáil na meán cumarsáide Gaeilge atá sa bhuaicghradam a bhronntar ag searmanas bronnta Gradam Cumarsáide an Oireachtais.

Máirín Nic Dhonnchadha, Ceannasaí an Oireachtais, go mbíonn “cumhacht, crógacht agus ionracas” i bhfocail Eoghain Uí Néill, bíodh sé ag craoladh nó ag scríobh. 

 Níor sheas sé siar ó dhúshlán riamh, fiú nuair ab oilce a bhí na Trioblóidí i dTuaisceart Éireann.  Bhí sé i dtús cadhnaíochta freisin ag baint leasa as teicneolaíochtaí nua chun an nuacht a chur amach os comhair an tsaoil mhóir.”

Dúirt Ó Néill féin gur buaicphointe i saol an iriseora é gradam dá leithéid a fháil.

“Agus is cinnte gur buaicphointe i mo shaolsa é m’ainm a bheith curtha leis an liosta le háireamh sin d’iriseoirí iontacha ar bronnadh an Buaic-Ghradam orthu.

“Is mór liom an t-aitheantas seo, atá ina aitheantas, ní hamháin domsa ach do na daoine sin uilig a bhí i mo chuideachta, seal fada nó gairid, feadh an bhealaigh.”

Dúirt sé go raibh “an t-ádh” air daoine “iontacha” a bheith ina thimpeall I gcónaí “idir dhaoine óga fuinniúla díocasacha agus daoine níos aosta a raibh taithí agus tallann ar leith acu”.

As ceantar Bhóthar na bhFál ó dhúchas Eoghan Ó Néill. Bhunaigh sé féin agus Gearóid Ó Cairealláin an nuachtán seachtainiúil Gaeilge Preas an Phobail in 1981. Athraíodh teideal an nuachtáin go dtí agus foilsíodh gach lá é.

Sna 1980idí chomh maith bhunaigh siad beirt an stáisiún raidió Gaeilge, Raidió Feirste, a bhíodh ag craoladh gan ceadúnas go dtí 2006, tráth ar deineadh athbhrandáil air mar Raidió Fáilte.  Ar na foilseacháin eile a raibh baint ag Eoghan Ó Néill leo bhí Nuacht24.com, seirbhís ar líne a bhunaigh sé féin in 2008, Lá Nua, Nuachtán Bhaile Andarsan, Gaelscéal, Foinse, an BBC agus RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Bronnfar buaicghradam cumarsáide an Oireachtais ar Eoghan Ó Néill ag Searmanas Bronnta Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais a bheidh ar siúl, san INEC i gCill Airne, Dé Céadaoin na seachtaine seo chugainn, an 1 Samhain. Fógrófar buaiteoirí 13 gradam eile ag an ócáid chéanna, a bheidh ar siúl mar chuid d’Oireachtas na Samhna.

Fág freagra ar 'Buaic-Ghradam Cumarsáide an Oireachtais ag Eoghan Ó Néill'

  • Éamonn Ó Gribín

    Tá an gradam tuillte go hiomlán aige!

  • Pádaí Rua Ó Baoill

    Comhghairdeas leat a Eoghain … tuillte go maith agat … scéal idir lámha i gcónaí agat agus de shíor i mbun fiosrúcháin nó i mbun tuairisce. Go maire tú do bhua

  • Tadhg Mac Alasdair

    Llongyfarchiadau – Comhghairdeas!

  • Colm Mac Séalaigh

    Comhghairdeas a Eoghain agus míle buíochas leat as ucht do dhuthrachta. Go maire tú

  • jpmorley0@gmail.com

    Gach rath ort a shárfhir!