Bua gan stró faighte ag Donald Trump in Iowa, tús curtha le feachtas fada

Bhí bua Trump ar an léiriú is déanaí ar a láidre is atá sé sa Pháirtí Poblachtánach, in ainneoin 91 cúis a bheith á gcur ina leith i gcásanna cúirte éagsúla

Bua gan stró faighte ag Donald Trump in Iowa, tús curtha le feachtas fada

Donald Trump. Pictiúr: Gage Skidmore

Tá tús curtha leis an bhfeachtas fada do thoghchán uachtaránachta Stáit Aontaithe Mheiriceá agus bua gan stró faighte ag Donald Trump i gcácais Iowa.

51% den vóta a fuair an t-iar-uachtarán, 30 pointe chun cinn ar Ron DeSantis a bhí sa dara háit agus 21% aige.

Ba é seo an bua is mó riamh in Iowa ag aon iarrthóir poblachtánach. Bearna 13 pointe céatadáin an bhearna is mó a bhí ann roimhe seo – b’in nuair a thug Bob Dole an lá leis i 1988.

Tá Trump ina rogha láidir na coitiantachta le hainmniúchán na bPoblachtánach a fháil chun dúshlán Joe Biden agus na nDaonlathach a thabhairt.

Bhí bua Trump ar an léiriú is déanaí ar a sheasamh sa Pháirtí Poblachtánach, páirtí a bhfuil ceannas iomlán aige air nach mór in ainneoin 91 cúis a bheith á gcur ina leith i gcásanna cúirte éagsúla.

Go deimhin, ag filleadh ar Nua-Eabhrac do cheann do na cásanna sin atá Trump inniu.

Agus ainmniúchán na bPoblachtánach á lorg aige den tríú huair, bhí Trump chomh mór sin chun cinn sna pobalbhreitheanna in Iowa gurb é an t-aon ábhar amhrais a bhí ann faoin rás ná cé a thiocfadh sa dara háit – Ron DeSantis, gobharnóir Florida, nó Nikki Haley, a bhí ina hambasadóir chun na Náisiún Aontaithe nuair a bhí Trump ina uachtarán.

Rinne DeSantis an beart ar éigean sa deireadh agus sa tríú háit a bhí Nikki Haley le 19%.

Measadh go gcaithfeadh DeSantis cruthú go maith in Iowa lena chruthú gurbh fhiú dó fanacht sa rás, go háirithe agus oiread infheistíochta déanta aige san fheachtas ansin.

Bhí sé ina imní go gcuirfeadh an aimsir fhuar isteach ar an líon daoine a vótálfadh agus ba thart ar 110,000 de Phoblachtánaigh cláraithe an stáit a vótáil.

186,000 an líon is mó daoine a vótáil in aon chácas Poblachtánach riamh in Iowa agus ní raibh ansin ach 25% de Phoblachtánaigh an stáit.

Cácais Iowa, a reáchtáladh aréir i 1,657 ionad difriúil i 99 contae an stáit, a chuir tús le gach toghchán uachtaránachta ó 1972.

Bíonn bús mór i gcónaí faoi na cácais seo mar gurb iad muintir Iowa is túisce a vótálann i bhfeachtais uachtaránachta.

56 réamhthoghchán ar fad a bheidh ann d’ainmniúchán an Pháirtí Phoblachtánaigh don toghchán uachtaránachta i mbliana.

Cé nach mbíonn ach 40 toscaire, nó 1.6% den iomlán, ar fáil in Iowa, is minic go mbíonn tionchar mór ag lucht vótála ansin ar chúrsaí agus uaireanta éiríonn leo borradh chomh mór sin a chur faoi iarrthóir gur sa Teach Bán a chríochnaíonn sé, mar a tharla i gcás Barack Obama.

Ní mar sin a bhí in 2008, 2012 ná 2016, áfach, agus ní hé an duine a raibh an bua aige in Iowa a fuair ainmniúchán na bPoblachtánach na blianta sin.

Fág freagra ar 'Bua gan stró faighte ag Donald Trump in Iowa, tús curtha le feachtas fada'