Brú damanta ar Cullen agus chuile chleas ag O’Gara

Don dara bliain as a chéile tabharfaidh Cúige Laighean agus La Rochelle aghaidh ar a chéile i gCluiche Ceannais Chorn na gCuradh

Brú damanta ar Cullen agus chuile chleas ag O’Gara

Nach ait an mac an saol.

An t-am seo anuraidh, bhí Cúige Laighean cáilithe le himirt i gcluiche ceannais Chorn na gCuradh i gcoinne La Rochelle i Marseille na Fraince.

Bhí buntáiste an bhaile ag Cúige Laighean an deireadh seachtaine roimhe sin i mbabhta leathcheannais an URC i gcoinne Sharks na hAfraice Theas.

Ach, díreach mar a tharla an Satharn seo caite i gcluiche leathcheannais URC na bliana seo i gcoinne Chúige Mumhan, agus don dara bliain as a chéile, bhí Leo Cullen ag iarraidh bainistiú a dhéanamh ar a chuid imreoirí chéad rogha.

Theip ar an triúr fichead a chuir sé chun páirce an jab a dhéanamh, agus b’in deireadh le Cúige Laighean sa gcomórtas sin.

Anois tar éis seachtain fhada cainte, cáinte agus caointe níl ach cloch mhór amháin ar phaidrín na Laighneach agus Leo Cullen, sin craobhchluiche Chorn na gCuradh a bheas á imirt i Staid Aviva tráthnóna inniu i gcoinne churaidh an chomórtais sin ó anuraidh, La Rochelle.   Seo iad na foirne ceannann céanna a bhí sa chluiche ceannais anuraidh, cluiche a bhuaigh foireann Ronan O’Gara, 24-21.

 Ronan O’Gara s ©INPHO/Laszlo Geczo

Ní raibh tada idir na foirne seo thar ochtó nóiméad imeartha, seachas an tionchar a bhí ag críonnacht O’Gara agus é ag réiteach La Rochelle don choimhlint. Chinntigh O’Gara gur mhoilligh a chuid tosaithe seachadadh na liathróide. Thug sin deis dá chuid imreoirí móra toirtiúla, agus tá neart acu siúd aige, a n-anáil a tharraingt agus níos tábhachtaí fós stop sé Cúige Laighean ag cur luas san imirt agus sa gcluiche. Níl aon dabht faoi ach go bhfuil chuile chleas ag O’Gara leis an gceann is fearr a fháil ar an bhfreasúra.

Ní hamháin gurb iad na foirne céanna atá sa gcraobh inniu don dara bliain as a chéile, ach níl mórán de dhifear i measc na n-imreoirí ach oiread. Cinnte, níl fáil ag Cúige Laighean ar Johnny Sexton ach níor imir sé ach seasca nóiméad den chraobh anuraidh.  Tháinig Ross Byrne, imreoir atá ag tosnú inniu, chun páirce de bharr gortú a bhain don chaptaen.

Bhí Cúige Laighean agus La Rochelle iontach sa dá chluiche leathcheannais ach más fiú é a chur san áireamh, bhí ar fhir Átha Cliath freasúra thar a bheith láidir, Toulouse, a chur ó dhoras. Ní féidir comparáid a dhéanamh idir Toulouse agus Exeter, an fhoireann a bhuail La Rochelle ar a mbealach chuig an gcraobh. Dá bhrí sin seans gur Cúige Laighean a fuair an réiteach is fearr do choimhlint an lae inniu, sin mura gcuirfidh an chailliúint i gcoinne na Mumhan an Satharn seo caite as rómhór dóibh.

Caithfidh Leo Cullen agus go deimhin, an réiteoir Jaco Jeyper, a chinntiú nach dtiocfaidh cleasaíocht O’Gara chun cinn arís i mbliana agus ag an am céanna caithfidh tosaithe Laighean an fód a sheasamh thar ochtó nóiméad chomh maith leis an slua baile a chaithfeas a bheith glórach ó thús go deireadh an chluiche. Má tharlaíonn sin níl cúis ar bith ann nach féidir le Cúige Laighean an corn a ardú arís.

Is furasta sin a rá.  Níl a dhath idir na foirne seo roimh thús an chluiche.  Seans go mbeidh an lá le pé acu foireann is díocasaí.  Ba cheart gurb iad Cúige Laighean a bheadh i gceist ansin.  Níl fágtha anois acu ach an cluiche seo le críoch mhaith a chur ar an séasúr agus leis an dara séasúr as a chéile gan corn ná craobh de chineál ar bith a sheachaint.

Tá brú damanta ar Cullen.  Tá O’Gara buíoch dá sheanfhoireann, Cúige Mumhan faoi sin.

Fág freagra ar 'Brú damanta ar Cullen agus chuile chleas ag O’Gara'