Tá dhá bhrainse de chuid Bhanc na hÉireann sa Ghaeltacht i measc an bhreis is 100 brainse atá le dúnadh ag an mbanc ar fud na tíre.
I nDún na nGall atá an dá bhrainse Gaeltachta atá le dúnadh, an banc ar an mBun Beag agus an ceann ar an gClochán Liath.
Tá roinnt brainsí eile a bhíonn ag freastal ar phobal na Gaeltachta le dúnadh freisin – brainse sna Gleannta i nDún na nGall, in Áth Buí i gcontae na Mí, agus in Uachtar Ard i gcontae na Gaillimhe.
D’fhógair Banc na hÉireann ar maidin go raibh siad chun 88 brainse ar fad a dhúnadh an taobh seo den teorainn agus 15 ceann eile ó thuaidh di.
Dúradh nach gcuirfeadh an cinneadh seo aon mhairg ar chustaiméirí go ceann sé mhí ar a laghad mar gur ó mhí Mheán Fómhair seo chugainn a bheadh doirse á ndúnadh.
Dúirt Banc na hÉireann gurb é an t-éileamh atá ar bhaincéireacht ar líne is cúis leis na hathruithe. Dúradh gur brainsí féinfhreastail a bhí i bhformhór na mbancanna a bhí le dúnadh.
D’fhógair Banc na hÉireann chomh maith go rabhthas le dul i gcomhpháirtíocht leis An Post chun seirbhísí baincéireachta a chur ar fáil in 800 oifig ar fud na tíre, oifigí ina mbeadh daoine in ann airgead a lóisteáil agus a thógáil amach.
Cordelia Nic Fhearraigh
Brainsí sa Ghaeltacht nó baincéireacht ar líne – is ionann iad – an dá cheann ag feidhmiú tré mheán an Bhéarla. Char chuala mé muintir na ‘Gaeltachta’ ná lucht gnó na ‘Gaeltachta’ ag cuardú gnó le Gaeilge ó bhanc ar bith sa ‘Ghaeltacht’. B’fhéidir go bhfuil siad siúd a bhíonn ag obair sna brainsí seo ina chónaí sa ‘Ghaeltacht’ ach is Béarlóirí an mhórchuid acu agus is cuma leo fan Ghaeilg agus níl iarracht ar bith déanta ag an bhainc seo an Ghaeilg a chuir chun cinn sna brainsí ‘Gaeltachta’.
Bhí an Ghaeilg mar rogha ar meaisíní airgid (poll sa bhalla) an bhainc seo ar fud na tíre roinnt blianta ó shoin ach níl Gaeilg ar ceann ar bith acu sa ‘Ghaeltacht’ anois! Agus tá comhlachtaí príobháideacha anois ag feistiú a gcuid meaisíní sa ‘Ghaeltacht’ – arís gan an Ghaeilg mar rogha orthu.
Cosúil leis na hoifigí poist a dhruid sa ‘Ghaeltacht’ tá roinnt blianta ó shoin, dá mbeadh na heagraíochtaí seo ag feidhmiú go hiomlán tré mheán na Gaeilge bheadh cás níos láidre ag pobal na ‘Gaeltachta’ leis na hoifigí/brainsí ‘Gaeltachta’ a choinneáil foscailte.
COINNÍOLL GAEILGE DON GHAELTACHT ANOIS!!