Bóthar nua na Gaillimhe – 23 bliain is €30 milliún agus gan sluasaid curtha i dtalamh fós

Caithfimid a dhul siar 23 bliain le roinnt tuisceana a fháil ar na cúiseanna gur ligeadh cúrsaí tráchta ó smacht i nGaillimh

Bóthar nua na Gaillimhe – 23 bliain is €30 milliún agus gan sluasaid curtha i dtalamh fós

Phléasc píopa soláthair uisce gar do Bhóthar Átha Cinn i gcathair na Gaillimhe tráthnóna Déardaoin seo caite. B’éigean a dhul in éadan obair dheisiúcháin go práinneach. Faoi cheann beagán nóiméad bhí an trácht i gcuid mhór den chathair ina staic. Coinníodh moill uaireanta an chloig ar dhaoine.

Tá sé tagtha sa déanamh go bhfuil an rud is lú ar bith in ann cúrsaí tráchta i gcathair na Gaillimhe a fhágáil ina gcíor thuathail uilig. Níl aon ghá le staidéar eile le tuiscint a fháil ar an gcúis atá leis sin. Níl sráideanna ná bóithre chathair na Gaillimhe ná i dtimpeallacht na cathrach in ann – beag ná mór – ag an lear tráchta atá ann anois. Mhínigh innealtóirí é sin go soiléir ag cruinniú den Chomhairle Cathrach le gairid. Pé ar bith beart nó plean atá le cur i bhfeidhm ar shoilse ná ar chiorcláin, tá an chathair tachta.

Caithfimid a dhul siar 23 bliain le roinnt tuisceana a fháil ar na cúiseanna gur ligeadh cúrsaí tráchta ó smacht i nGaillimh.

I 1996 d’fhostaigh Comhairle Chontae na Gaillimhe i gcomhar le Comhairle Cathrach na Gaillimhe comhlacht saineolaithe le staidéar a dhéanamh ar phleanáil agus ar fhorbairt an réigiúin atá i bhfoisceacht 30 ciliméadar ar chaon taobh den cathair. Staidéar Iompair agus Pleanála na Gaillimhe (Galway Transportation and Planning Study) a tugadh ar an taighde sin. Ba é an dualgas a cuireadh ar na saineolaithe sin na háiteacha ab fheiliúnaí le haghaidh leathnú na cathrach a aithneachtáil agus córas iompair agus tráchta a mhúnlú a bheadh bunaithe ar an eolas sin.

Cuarbhóthar a dhéanamh timpeall na cathrach agus droichead nua a thógáil trasna abhainn na Coiribe na moltaí ba shuntasaí a tháinig as an staidéar sin.

Is díol spéise anois é agus cathair na Gaillimhe plúchta ag trácht nach raibh ach vóta amháin le spáráil i bhfabhar an chuarbhóthair nuair a cuireadh an moladh faoi bhráid Chomhairleoirí na Cathrach i dtús aimsire. Bhí na Comhairleoirí Contae go hiomlán ar a shon. Measadh san am go gcosnódh an cuarbhóthar €444 milliún chomh maith le cáin bhreisluacha.

Seo achoimre ar na céimeanna agus na constaicí sa gcóras pleanála agus dlí a bhain leis an iarracht sin nó gurbh éigean é a chaitheamh in aer sa deiridh:

  • 1999 – Tosaíodh na beartais a bhain le pleanáil an chuarbhóthair timpeall ar Ghaillimh. D’fhostaigh Comhairle Chontae na Gaillimhe comhairleoirí innealtóireachta i mí na Samhna 1999.
  • 1 Nollaig 2006 – Cuireadh iarratas ar chead forbartha le haghaidh an chuarbhóthair go dtí an Bord Pleanála. Bhí Tuarascáil Tionchair Timpeallachta agus iarratas ar cheannach éigeantach talún (CPO) istigh leis an iarratas ar an gcead forbartha.
  • 28 Samhain 2008 – Thug an Bord Pleanála cead pleanála do chuid den chuarbhóthar, an píosa de ar imeall thoir na cathrach.
  • 2009 – Thug tríú páirtí an cás go dtí na cúirteanna agus rinneadh athbhreithniú ar bhreithiúnas an Bhoird Pleanála san Ard-Chúirt. Sheas an Ard-Chúirt le cinneadh an Bhoird Phleanála.
  • Ach rinneadh achomharc in aghaidh chinneadh na hArd-Chúirte go dtí an Chúirt Uachtarach.
  • Aibreán 2013 – D’eisigh an Chúirt Uachtarach a breithiúnas; cuireadh cinneadh an Bhoird Phleanála ar ceal ar fad. Eisíodh an breithiúnas seo tar éis don Chúirt Uachtarach comhairle a fháil ón Chúirt Eorpach um Chearta an Duine.
  • 2013 – Chuir Comhairle Chontae na Gaillimhe deireadh uilig leis an iarracht le cuarbhóthar na Gaillimhe a fhorbairt tar éis chinneadh na Cúirte Uachtaraí.

Cuireadh tús le hiarracht eile i nGaillimh gar do dheireadh na bliana 2013 le dhul i ngleic aríst le ceist an bhóthair a thabharfadh faoiseamh tráchta sa gcathair.

Cheap Comhairle Chontae na Gaillimhe comhairleoirí innealtóireachta in 2014 le plean a ullmhú aríst. Thóg an obair seo roinnt blianta. Baisteadh ainm nua ar an mbóthar mór an iarraidh seo – Bóthar Ciorclach Chathair na Gaillimhe – agus rinneadh roinnt athruithe ar an gcúrsa.

Cuireadh an t-iarratas ar chead forbartha le haghaidh an bhóthair seo chuig an mBord Pleanála i mí Dheireadh Fómhair 2018. Dá n-éireodh leis cead forbartha a fháil meastar go gcosnódh forbairt an bhóthair €600 milliún. Tá tionscnamh an bhóthair seo ina chuid den Phlean Náisiúnta Forbartha 2018-2027.

Chosain an réiteach agus an chomhairleoireacht uilig do phlean an chuarbhóthair €15 milliún.

Níl sluasaid curtha i dtalamh fós ná níl a fhios cén uair a tharlóidh sé sin, má tharlaíonn sé.

D’iarr an Bord Pleanála tuilleadh eolais ar Chomhairle Chontae na Gaillimhe le gairid. D’fhiafraigh siad cén lorg a d’fhágfadh an Bóthar Ciorclach ar an timpeallacht. Tá an Teachta Dála Noel Grealish ina measc siúd a cheapann go bhféadfadh tréimhse fhada ama a bheith i gceist aríst – fiú sula dtiocfaí ar chinneadh. Ní féidir, a deir sé, a chur as an gcomhaireamh nach mbeadh gníomhaíocht chúirte i gceist freisin.

Ach, ar an gcéad iarraidh, creideann an Teachta Grealish go bhfuil sé thar am teorainn a leagan síos maidir leis an achar ama a cheadófaí don Bhord Pleanála le cinneadh a ghlacadh i gcás ar bith a bhíonn faoina mbráid.

Má fhaightear cead pleanála sa deireadh thiar thall, beidh an obair ar an mBóthar Ciorclach ar bun ar feadh trí bliana ach tá sé roluath le bheith ag caint ar obair shluaisteála fós – fiú agus go bhfuil 23 bliain agus €30 milliún caite ag plé le plean bhóthar chathair na Gaillimhe.

Caithfear a bheith ag súil, dá dhonacht é an tranglam tráchta i nGaillimh go hiondúil, nach dtarlóidh aon phléasc in aon phíopa eile soláthair uisce ar shráideanna na cathrach ar feadh roinnt mhaith blianta.

Fág freagra ar 'Bóthar nua na Gaillimhe – 23 bliain is €30 milliún agus gan sluasaid curtha i dtalamh fós'

  • Anna Heussaff

    Mura gcuirtear córas iompair phoiblí mar is gá ar fáil do cheantar na Gaillimhe, is cur amú airgid a bheas sa €600 milliún nó breis ar bhóthar mór nua – mar is éard a dhéanann bóithre iontu féin (mar atá cruthaithe ar fud an domhain le 40 bliain anuas) ná tuilleadh tráchta a mhealladh. Dá mbeadh bus ar luach réasúnta gach uair a chloig ón gCeathrú Rua, gach leathuair ón Spidéal, cúpla uair sa lá ó cheantair eile i gConamara agus an dála céanna as Droichead an Chláirín, Magh Cuilinn agus mar sin de, mar aon le seirbhís cheart ó na bruachbhailte, laghdófaí an trácht sa chathair idir aon trian agus a leath, go háirithe dá ndéanfaí níos deacra é carr a pháirceáil ar feadh an lae sa chathair, mar a dhéantar i gcathracha na hEorpa. Caithfear smaoineamh ar bhealach difriúil ar na ceisteanna seo feasta i bhfianaise athrú aeráide agus truailliú aeir. B’fhéidir gur gá an bóthar mór freisin ach cinnte tá géarghá le cóir iompair busanna agus fiú tramanna.