Bosca leabhar Gaeilge le bronnadh ar bhreis is 1,000 bunscoil

Tá scéim nua le leabhair Ghaeilge a bhronnadh ar bhunscoileanna na tíre seolta ag Laureate na nÓg, Áine Ní Ghlinn

Bosca leabhar Gaeilge le bronnadh ar bhreis is 1,000 bunscoil

An Bosca Leabharlainne is teideal don scéim nua atá bunaithe ag an scríbhneoir aitheanta i gcomhar le Foras na Gaeilge agus an Chomhairle Ealaíon.

Bunsaothair ficsin Ghaeilge iad na leabhair atá le bronnadh ar 1,125 scoil, thuaidh agus theas, agus Laureate na nÓg féin a roghnaigh na leabhair.

An Bosca Leabharlainne an príomhthionscadal atá ag Áine Ní Ghlinn mar Laureate na nÓg, ról a bheidh aici go dtí 2023.

Tá Ní Ghlinn, arb as Tiobraid Árann ó dhúchas di, ar an séú Laureate na nÓg atá ceaptha ag Children’s Books Ireland agus an Chomhairle Ealaíon ó 2010 chun litríocht do pháistí a chur chun cinn in Éirinn.

Nuair a ceapadh í anuraidh, dúirt Áine Ní Ghlinn gur minic scríbhneoireacht na Gaeilge agus go háirithe scríbhneoireacht do pháistí i nGaeilge “i bhfolach faoi chlóca dofheictheachta” agus gur mian léi aird a tharraingt ar ardchaighdeán na litríochta Gaeilge do pháistí.

Gheobhaidh gach bunscoil 25 leabhar Gaeilge faoin scéim chomh maith le pacáiste tacaíochta. Gheobhaidh 20 scoil ealaíontóir nó scríbhneoir ar scéim chónaithe agus reáchtálfar  físcheardlanna ar líne freisin do na scoileanna go léir.

Ghabh Áine Ní Ghlinn buíochas le Foras na Gaeilge agus an Chomhairle Ealaíon.

Táimid go léir ar aon intinn faoi thábhacht na léitheoireachta do dhaoine óga agus faoin tábhacht a bhaineann le pléisiúr a bhaint as a bheith ag léamh as Gaeilge seachas a bheith ag smaoineamh air mar obair bhaile,” arsa Áine Ní Ghlinn, Laureate na nÓg.

Chuir Foras na Gaeilge €300,000 ar fáil do scéim An Bosca Leabharlainne agus dúirt Príomhfheidhmeannach na heagraíochta Seán Ó Coinn go raibh sé “an-tábhachtach” go gcothófaí “pobal gníomhach léitheoireachta” don Ghaeilge.

Dúirt Stiúrthóir na Comhairle Ealaíon, Maureen Kennelly go gcabhródh an scéim le “grá fadsaoil a fhorbairt do leabhair den scoth” agus “samhlaíocht” na bpáistí “a mhúscailt”.

“Tá an léitheoireacht mar chaitheamh aimsire ar cheann de na rudaí is aoibhne sa saol, agus is mór an chúis lúcháire dúinn é leabhair Ghaeilge den scoth a fheiceáil i lámha páistí ar fud na tíre,” arsa Maureen Kennelly.

Is féidir le bunscoileanna ar spéis leo An Bosca Leabharlainne a fháil dóibh féin foirm iarratais a líonadh amach ar shuíomh gréasáin Laureate na nÓg, childrenslaureate.ie. Is é Déardaoin an 14 Deireadh Fómhair 2021 an spriocdháta le hiarratas a dhéanamh.

Fág freagra ar 'Bosca leabhar Gaeilge le bronnadh ar bhreis is 1,000 bunscoil'

  • Maedhbh Hehir

    Bhéinn an bhuíochdíot dá bhféadfá bosca lea leabhair a sheoladh chuig ár scoil.
    I am retiring at Christmas and would to leave the bosca leabhair i leabharlann na scoile for the wonderful children in Straphaelasns.ie.
    Go raibh míle maith agat.
    Le dea-ghuí
    Maedhbh Hehir

  • alan titley

    iontach! eureka! ceann de na smaointe is fearr fós…comhghairdeachas le hÁine agus leis an bhForas agus leis an gComhairle Ealaíon!

  • Bríd O'Donoghue

    Hi Áine,
    Táim ag múineadh Rang 4 i nGaescoil Mhainisti na Corann.
    Sé seo smaoineamh iontach ar fad maith thú!
    Tháinig PJ Lynch nuair a bhí sé mar Laureate na nÓg mar chuid den Big Picture Project.
    Fáilte romhat anseo go dtí ár scoil má ta seans agat.
    Le gach dea ghuí,
    Bríd

  • Bríd O'Donoghue

    Rud iontach ar fad!!!

  • Caroline Uí Chárthaigh

    Haigh Áine, Ba bhreá linn bhosca leabhar a fháil I nGaelscoil an Inbhir Mhóir (Chill Mhántáin) Eagraím an leabharlann sa scoil agus bheadh sé ar fheabhas rudaí nua a fháil do na leanaí. 🤞🤞🤞

  • Rachel Tighe

    Ba brea linn bhosca leabhair a fháil do ár scoil- Dromindoora Scoil Náisiúnta I gcontae an Chláir. Deiseanna iontach ar fad chuig na daltaí chun na leabhair trí ngaeilge a hiniúchadh.

  • Rachel Guilfoyle

    Ba brea linn bhosca leabhair a fháil do ár scoil- Dromindoora Scoil Náisiúnta I gcontae an Chláir. Deiseanna iontach ar fad chuig na daltaí chun na leabhair trí ngaeilge a hiniúchadh.