Boris Johnson agus na Tóraithe ar tí móramh mór a fháil agus tubaiste don Lucht Oibre – pobalbhreith iarvótála

Más fíor don phobalbhreith iarvótála beidh toradh an toghcáin ar an toradh olltoghcháin is fearr ag na Tóraithe ó 1987 agus an toradh is measa ag páirtí an Lucht Oibre ó 1935

Boris Johnson agus na Tóraithe ar tí móramh mór a fháil agus tubaiste don Lucht Oibre – pobalbhreith iarvótála

Beidh bua mór ag na Tóraithe in olltoghchán Westminster agus an chuma ar an scéal go mbeidh móramh mór ag Boris Johnson chun tabhairt faoina gheallúint go gcuirfidh sé an Breatimeacht i gcrích a chomhlíonadh.

Sin de réir thoradh na pobalbhreithe iarvótála a fógraíodh anocht.

De réir na pobalbhreithe toghchán tubaisteach a bhí ann do pháirtí an Lucht Oibre agus Jeremy Corbyn ar cosúil go bhfuil a chosa nite mar cheannaire ar a pháirtí agus deireadh tagtha lena ré le teip uafásach.

Más cruinn an phobalbhreith beidh sé ar an toradh olltoghcháin is fearr ag na Tóraithe ó 1987 agus móramh 86 suíochán acu agus beidh sé an toradh is measa ag páirtí an Lucht Oibre ó 1935 agus iad fágtha i dtaobh le 191 suíochán.


POBALBHREITH IARVÓTÁLA

Na Tóraithe: 368 (+ 51)

Lucht Oibre: 191 (- 71)

SNP: 55 – (+20)

Daonlathaigh Liobrálacha: 13 (- 1)

Plaid Cymru: 3 (- 1)

Greens: 1  (-)

Páirtí an Breatimeachta: 0

Eile: 22 (18 díobh le líonadh sa Tuaisceart)


Dealraíonn sé go mbeidh bua cuimsitheach ag na Tóraithe agus gur éirigh leo daoine ar béas leo vótáil do pháirtí an Lucht Oibre a mhealladh sa Bhreatain Bheag agus i lár agus i dtuaisceart Shasana. Lena chois sin, is cosúil gur éirigh leis na Tóraithe a gcuid a chosaint cuid mhaith i Londan agus ar fud dheisceart Shasana.

‘Cuirtear i gcrích an Breatimeacht’ an mana a bhí ag Boris Johnson agus na Tóraithe agus má bhíonn móramh chomh mór acu is atá á thuar sa phobalbhreith, ba chóir go n-éireodh leis an bPríomh-Aire gan an margadh imeachta a rinne sé leis an AE a chur tríd an bparlaimint roimh dheireadh mhí Eanáir.

Ní bheadh ansin ach tús aistir ar bhóthar casta crosta, áfach.

Tá geallta ag Johnson nach mairfidh an tréimhse eatramhach idirbheartaíochta níos faide ná deireadh na bliana 2020, ach measann mórán gur ar éigean go n-éireoidh leis an dá thaobh teacht ar mhargadh faoi chúrsaí trádála faoin am sin.

102 iarrthóir ar fad atá san iomaíocht do na 18 suíochán parlaiminte atá le buachan inniu i dtoghchán Westminster ó thuaidh.

 

 

Fág freagra ar 'Boris Johnson agus na Tóraithe ar tí móramh mór a fháil agus tubaiste don Lucht Oibre – pobalbhreith iarvótála'