Bord eatramhach le ceapadh ar Údarás na Gaeltachta – O’Donovan

Dúirt an tAire Stáit freisin le RnaG go raibh a mhachnamh á dhéanamh aige ar Scéim Labhairt na Gaeilge a thabhairt ar ais

Bord eatramhach le ceapadh ar Údarás na Gaeltachta – O’Donovan

Tá ráite ag Aire Stáit na Gaeltachta go bhféadfaí bord eatramhach a cheapadh ar Údarás na Gaeltachta faoi cheann coicíse.

Agus é ag labhairt ar Adhmhaidin ar RTÉ Raidió na Gaeltachta inniu, dúirt an tAire Stáit Patrick O’Donovan go raibh obair ar bun chun an tsáinn ina bhfuil an tÚdarás faoi láthair a réiteach chomh luath agus is féidir.

D’imigh tréimhse an bhoird a bhí ann in éag an mhí seo agus tá imní ann go ndéanfaidh sé dochar d’obair na heagraíochta a bheith ag feidhmiú d’uireasa boird.

Dúirt an tAire Stáit sa Dáil inné nach mbeadh an próiseas chun bord ceart a cheapadh réidh go dtí deireadh mhí an Mhárta, ach dúirt sé chomh maith go rabhthas ag féachaint ar bhord eatramhach a bhunú. Dúirt sé inniu go bhfuil dul chun cinn déanta maidir leis an bplean sin.

“Beidh orm caint leis an Aire Martin agus leis na feidhmeannaigh sa Roinn ach tá súil agam go mbeidh an obair sin críochnaithe faoi cheann coicíse,” a dúirt O’Donovan.

Níor thug sé aon eolas maidir le conas a roghnófaí iad siúd atá le ceapadh ar an mbord.

Cuireann sé as go mór d’obair Údarás na Gaeltachta a bheith d’uireasa boird. Níl an eagraíocht fiontraíochta agus pleanála teanga in ann aon deontas a cheadú nó aon airgead caipitil a chaitheamh gan bord a bheith ann.

Dúirt iarchathaoirleach de chuid an Údaráis, Seán Ó Neachtain, go raibh sé aisteach gur scaoileadh leis an mbord a bhí ann gan réiteach a bheith déanta chun bord nua a chur i bhfeidhm.

Dúirt Ó Neachtain gur cheart go n-athcheapfaí an bord a bhí ann go dtí go mbeadh na socruithe cuí déanta toisc go mbeadh taithí ag na comhaltaí sin ar obair an Údaráis agus an baol ann nach mbeadh an taithí chéanna acu siúd a thabharfaí isteach ar bhord eatramhach.

Agus é ag labhairt sa Dáil, chuir an tAire Stáit O’Donovan an milleán ar an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí (PAS) as an moill atá le ceapadh an bhoird nua ar an eagraíocht fiontraíochta agus pleanála teanga. Dúirt sé gur thosaigh Roinn na Gaeltachta ar an obair chun bord nua a cheapadh mí Dheireadh Fómhair seo caite ach nach mbeadh PAS réidh chun tús a chur le comórtas poiblí go dtí tús na míosa seo chugainn.

Dúirt an tAire Stáit freisin le Raidió na Gaeltachta go raibh a mhachnamh á dhéanamh aige ar Scéim Labhairt na Gaeilge a thabhairt ar ais.

Faoin scéim sin, ar tháinig deireadh léi in 2011, cuireadh deontas ar fáil do theaghlaigh Ghaeltachta a léirigh gurb í an Ghaeilge an phríomhtheanga a bhí in úsáid sa bhaile.

Chinn Cumann Forbartha Chois Fharraige níos luaithe an mhí seo rún a chur faoi bhráid an Aire Stáit O’Donovan agus Aire na Gaeltachta, Catherine Martin, ag éileamh go dtabharfaí an scéim ar ais.

Dúirt an tAire Stáit go raibh an cheist á plé ag Roinn na Gaeltachta faoi láthair.

“Tá roinnt oibre críochnaithe go dtí seo ag an Roinn agus tá siad ag obair leis na páirtithe leasmhara maidir leis an ábhar sin. Tá breis airgid againn chun obair nua a dhéanamh sna réimsí sin,” a dúirt O’Donovan.

Fág freagra ar 'Bord eatramhach le ceapadh ar Údarás na Gaeltachta – O’Donovan'