Bonn óir eile tugtha leo ag Dunlevy agus McCrystal ag na Cluichí Parailimpeacha

Is é seo an dara bonn óir a bhuaigh beirt na hÉireann i dTóiceo an tseachtain seo agus an tríú ceann atá buaite acu ag Cluichí Parailimpeacha na bliana seo

Bonn óir eile tugtha leo ag Dunlevy agus McCrystal ag na Cluichí Parailimpeacha

Bhuaigh na rothaithe Katie-George Dunlevy agus Eve McCrystal a dtríú bonn ag Cluichí Parailimpeacha 2020 agus thug bonn óir leo sa rás bóthair B i dTóiceo ar maidin.

Tháinig beirt na hÉireann sa chéad áit sa rás 92.4km agus iad chun tosaigh ar Sophie Unwin and Jenny Holl na Breataine Mhóire agus Louise Jannering agus Anna Svaerdstroem na Sualainne.

Is beag a bhí idir Dunlevy agus McCrystal agus beirt na Breataine agus gan ach cuaird amháin eile den raon le déanamh ach chríochnaigh na hÉireannaigh go láidir agus d’fhág siad a gcéilí comhraic ina ndiaidh agus an lá fliuch sa tSeapáin. Chríochnaigh Dunlevy agus McCrystal in 2:35:53, seacht soicind chun tosaigh ar an mBreatain Mhór agus ar na Sualannaigh.

Ba é seo an dara bonn óir a bhuaigh beirt na hÉireann i dTóiceo an tseachtain seo agus an tríú ceann atá buaite acu ag Cluichí Parailimpeacha na bliana seo. Bhuaigh Dunlevy agus McCrystal bonn óir i dTriail Ama B na mBan Dé Máirt seo caite agus thugadar leo bonn airgid sa rás tóraíochta aonair 3,000m Dé Sathairn seo caite.

Bhuaigh an bheirt seo boinn óir agus airgid ag na Cluichí Parailimpeacha in Rio cúig bliana ó shin agus tá cual bonn buaite acu i gcraobhacha domhanda le blianta beaga anuas.

Seacht mbonn ar fad atá buaite ag foireann na hÉireann i dTóiceo go dtí seo agus na boinn sin saothraithe ag Dunlevy agus McCrystal, Gary O’Reilly, Nicole Turner, Ellen Keane agus Jason Smyth.

Fág freagra ar 'Bonn óir eile tugtha leo ag Dunlevy agus McCrystal ag na Cluichí Parailimpeacha'