Bonn óir buaite ag na rothaithe Katie-George Dunlevy agus Linda Kelly sna Cluichí Parailimpeacha

Cúig cinn de bhoinn atá buaite ag foireann na hÉireann ó thús na gcluichí an tseachtain seo caite

Bonn óir buaite ag na rothaithe Katie-George Dunlevy agus Linda Kelly sna Cluichí Parailimpeacha

Linda Kelly agus Katie-George Dunlevy lena mbonn. Pic: INPHO/Tom Maher

Tá a gcéad bhonn óir buaite ag foireann na hÉireann ag na Cluichí Parailimpeacha 2024 tráthnóna agus na rothaithe Katie-George Dunlevy agus Linda Kelly tagtha sa gcéad áit i dTriail Ama Aonair B na mban i bPáras.

Is é seo an tríú huair ag Dunlevy bonn óir a bhuachan sa gcomórtas agus í sa gcéad áit in Rio de Janeiro agus i dTóiceo nuair a bhí Eve McCrystal mar phíolóta aici.

Bhuaigh Dunlevy agus McCrystal bonn airgid i rás tóraíochta 3,000m B na mban sa velodrome Dé Sathairn seo caite agus seacht gcinn de bhoinn ar fad atá buaite ag Dunlevy ag na Cluichí Parailimpeacha, sé cinn aici-se agus ceann i dteannta McCrystal.

Chríochnaigh Dunlevy agus Kelly an cúrsa i 38:16.58 tráthnóna agus iad chun tosaigh ar Sophie Unwin agus Jenny Hall ón mBreatain. Beirt eile ó fhoireann na Breataine, Lora Fachie agus Corrine Hall a tháinig sa tríú háit.

Linda Kelly agus Katie-George Dunlevy. Pic: INPHO/Tom Maher

Is sa chúigiú háit, in am 41:57.61, a chríochnaigh an bheirt eile ó fhoireann na hÉireann a bhí ag rás tráthnóna, Josephine Healion agus Eve McCrystal.

Is é bonn Dunlevy agus Kelly an tríú ceann atá buaite ag Éirinn i bPáras le 24 uair an chloig anuas agus an cúigiú ceann san iomlán.

Bhuaigh an snámhaí Róisín Ní Riain a dara bonn ag na Cluichí Parailimpeacha seo nuair a chríochnaigh sí sa tríú háit sa mheascra aonair 200m sa rannóg SM13 aréir. Bhuaigh Ní Riain, iardhalta Ghaelcholáiste Luimnigh, bonn airgid sa snámh droma 100m S13 Dé hAoine seo caite.

A dara bonn buaite ag Róisín Ní Riain. Pic: INPHO/Tom Maher

Beidh Ní Riain san iomaíocht san La Defense Arena arís Déardaoin agus í sa snámh brollaigh 100m SB13.

Aréir bhuaigh Orla Comerford bonn cré-umha sa rás ráibe 100m T13 sa Stade de France. Chríochnaigh bean Bhaile Átha Cliath i 11.94, í chun deiridh ar Lamiya Valieya na hAsarbaiseáine a thug léi an bonn óir le curiarracht dhomhanda nua – 11.76 – agus Rayan Soares da Silva ón Brasaíl a tháinig sa dara háit (11.78).

Orla Comerford lena bonn cré-umha. Pic: INPHO/Tom Maher

Fág freagra ar 'Bonn óir buaite ag na rothaithe Katie-George Dunlevy agus Linda Kelly sna Cluichí Parailimpeacha'