Bonn eile ag Éirinn ach deireadh déanta ag Cléirigh Büttner

Chinntigh an dornálaí Aidan Walsh go bhfuil bonn eile buaite ag foireann na hÉireann ach bhí údar díomá ag an triúr ban as Éirinn a bhí ag rith sa chomórtas 800m

Bonn eile ag Éirinn ach deireadh déanta ag Cléirigh Büttner

An dornálaí Aidan Walsh. Pictiúr: INPHO/James Crombie

Tá bonn eile buaite ag foireann na hÉireann sna Cluichí Oilimpeacha ach ábhar díomá a bhí ag roinnt dár lúthchleasaithe, iarscoláire Gaelcholáiste san áireamh.

Bhí cúis cheiliúrtha ag an dornálaí Aidan Walsh, a bhuaigh a throid sa bhabhta ceathrú ceannais sa chomórtas marcmheáchain. Bhuaigh Walsh ar Mervin Clair ó Oileán Mhuirís agus é cinnte anois go dtabharfaidh an trodaí ó Bhéal Feirste bonn cré-umha abhaile leis as Tóiceo. Tá seans go fóill ag Walsh bonn airgid nó óir a bhuachan má éiríonn leis a throid sa bhabhta leathcheannais i gcoinne Pat McCormack ón Bhreatain Mhór a bhuachan Dé Domhnaigh.

D’éirigh go maith freisin le Kellie Harrington agus í ag troid sna Cluichí Oilimpeacha den chéad uair. Bhí bua cumasach ag Harrington ar Rebecca Nicoli na hIodáile sa rannóg éadrom-mheáchan. Tabharfaidh bean Bhaile Átha Cliath bonn cré-umha léi, ar a laghad, má bhuann sí ar Imane Khelif ón Ailgéir Dé Máirt seo chugainn.

Ní raibh an rath céanna ar chuid de lúthchleasaithe na hÉireann ar maidin, áfach, nuair a theip ar Shíofra Cléirigh Büttner, Nadia Power agus Louise Shanahan teacht tríd na babhtaí cáilithe i gcomórtas 800m na mban.

Síofra Cléirigh Büttner. Pictiúr: INPHO/Bryan Keane

Sa seachtú háit a chríochnaigh Cléirigh Büttner, iarscoláire de chuid Choláiste Íosagáin i mBaile Átha Cliath. Ní raibh ach an chéad triúr sa rás cinnte d’áit sna babhtaí leathcheannais.

Bhí Cléirigh Büttner ag glacadh páirt sna Cluichí Oilimpeacha den chéad uair. Bhris sí curiarracht na hÉireann sa rás 800m faoi dhíon níos luaithe i mbliana.

Sa seachtú háit freisin a chríochnaigh Nadia Power ina rás féin agus san ochtú háit a chríochnaigh Louise Shanahan.

D’éirigh níos fearr le Thomas Barr sa chliathrás 400m, tháinig an Déiseach sa dara háit ina rás cáilithe. Beidh Barr, a chríochnaigh sa cheathrú háit i Rio 2016, ag rith sna babhtaí leathcheannais Dé Domhnaigh.

Bhain foireann mheasctha 4x400m na hÉireann áit amach sa bhabhta ceannais freisin. Chríochnaigh Sophie Becker, Phil Healy, Cillín Greene agus Christopher O’Donnell sa cheathrú háit ina rás cáilithe ach díbríodh foireann na Stát Aontaithe agus foireann na Poblachta Doiminicí, rud a d’fhág go bhfuil na hÉireannaigh ag dul díreach ar aghaidh go dtí an rás ceannais. Fiú gan díbirt na bhfoirne eile, d’fhág am na nÉireannach, 3:16.84, go raibh seans maith acu an babhta ceannais a bhaint amach.

Sophie Becker, Cillin Greene, Phil Healy agus Christopher O’Donnell. Pictiúr: INPHO/Morgan Treacy

D’éirigh thar barr le Rory McIlroy agus Shane Lowry sa ghalf ar maidin freisin. Ceithre bhuille chun deiridh ar Xander Schauffle (-11) atá na hÉireannaigh agus dhá bhabhta fágtha.

Briseadh croí a bhí i ndán d’fhoireann haca na hÉireann, áfach, agus cluiche tábhachtach in aghaidh na hIndia caillte acu 1-0 tar éis d’Éire cúl a ghéilleadh agus gan fágtha ach cúpla nóiméad. Fágann sin go gcaithfidh Éire an ceann is fearr a fháil ar an mBreatain Mhór, curaidh 2016, más leo aon seans a bheith acu na babhtaí ceathrú ceannais a bhaint amach.

Fág freagra ar 'Bonn eile ag Éirinn ach deireadh déanta ag Cléirigh Büttner'