Boinn tugtha leo ag rothaithe na hÉireann ag na Cluichí Parailimpeacha

Bhuaigh Katie-George Dunlevy agus Eve McCrystal bonn óir agus thug an lámhrothaí Gary O’Reilly bonn cré-umha leis i dTrialacha Ama ar maidin

Boinn tugtha leo ag rothaithe na hÉireann ag na Cluichí Parailimpeacha

Katie George Dunlevy agus Eve McCrystal. Pictiúr: ©INPHO/Tommy Dickson

Bhí ábhar ceiliúrtha ag rothaithe as Éirinn ag na Cluichí Parailimpeacha ar maidin agus boinn tugtha leo ag triúr eile.

Bhuaigh Katie-George Dunlevy agus Eve McCrystal bonn óir i dTriail Ama B na mban i dTóiceo ar maidin. Chríochnaigh an bheirt an rás in 47:32.07, nóiméad chun tosaigh ar Lora Fachie agus Corrine Hall na Breataine Móire, a tháinig sa dara háit.

Is é seo an dara bonn atá buaite ag Dunlevy agus McCrystal ag na Cluichí Parailimpeacha i dTóiceo. Dé Sathairn seo caite, tháinig siad sa dara háit sa rás tóraíochta aonair 3,000m.

Bhuaigh Dunlevy agus McCrystal bonn óir sa rás tóraíochta aonair agus bonn airgid sa Triail Ama ag na Cluichí Parailimpeacha in Rio cúig bliana ó shin.

Ar maidin freisin a bhuaigh an lámhrothaí Gary O’Reilly bonn cré-umha sa Triail Ama H5. Agus é san iomaíocht den chéad uair ag na Cluichí Parailimpeacha, 39:36.46 an t-am a bhí ag O’Reilly. Mitch Valize ón Ísiltír a tháinig sa chéad áit agus Loic Vergnaud ón bhFrainc a chríochnaigh sa dara háit.

Beidh O’Reilly san iomaíocht arís amárach agus é ag glacadh páirt sa rás bóthair H5.

Sé bhonn ar fad atá buaite ag foireann na hÉireann i dTóiceo go dtí seo agus na boinn sin saothraithe ag O’Reilly, Dunlevy agus McCrystal, Nicole Turner, Ellen Keane agus Jason Smyth.

Fág freagra ar 'Boinn tugtha leo ag rothaithe na hÉireann ag na Cluichí Parailimpeacha'