Boinn óir le bronnadh ar chumainn CLG i gConamara agus i mBéal Feirste as a gcuid oibre chun an Ghaeilge a chur chun cinn

Bronnfar boinn ar 48 club ar fad mar chuid dFhondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha i mbliana

Boinn óir le bronnadh ar chumainn CLG i gConamara agus i mBéal Feirste as a gcuid oibre chun an Ghaeilge a chur chun cinn

Tá 48 bonn á mbronnadh ar chlubanna CLG ar fud na tíre an tseachtain seo as an obair atá déanta acu leis an nGaeilge a chur chun cinn.

Tá na boinn á mbronnadh mar chuid d’Fhondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha, an scéim tacaíochta de chuid Ghlór na nGael agus Chumann Lúthchleas Gael.

Cuireann an fhondúireacht deontais ar fáil do chumainn atá cláraithe leis an scéim chun gníomhaíochtaí a chuireann an teanga chun cinn a chur i gcrích. Tá 70 gníomh leagtha amach chun clubanna a mheas le haghaidh bonn a thuilleamh.

Tá an gradam is airde, an bonn óir, bainte amach ag trí chumann i mbliana, sin iad Naomh Anna, Leitir Móir agus Micheál Breathnach i gConamara, agus Naomh Éanna, Gleann Ghormlaithe, i gcontae Aontroma.

Ní mór do chumann 80% de na gníomhaíochtaí a chomhlíonadh chun bonn óir a bhaint amach.

Bhain 12 cumann an bonn airgid amach agus ar a laghad 50% de na gníomhaíochtaí comhlíonta acu. Bhí sé chumann Gaeltachta ina measc – Cumann Caide na Gaeltachta agus Daingean Uí Chúis i gCiarraí; Carna-Caiseal agus Cumann Pheil na mBan Mhaigh Cuilinn i gcontae na Gaillimhe; Cloich Cheann Fhaola i nDún na nGall; agus Cill Chomáin i gcontae Mhaigh Eo.

33 bonn cré-umha de chuid na Fondúireachta a bhronnfar ar chlubanna an tseachtain seo. Tá ceithre chumann Gaeltachta i measc an 29 cumann a chomhlíon 25% nó níos mó de na gníomhaíochtaí – Na Dúnaibh agus Naomh Muire, Íochtar na Rosann i nDún na nGall chomh maith le hOileáin Árann agus Cumann Liathróid Láimhe Micheál Breathnach i gcontae na Gaillimhe.

Rinne Uachtarán Chumann Lúthchleas Gael, Seán Ó hÓráin, comhghairdeas leis na clubanna ar fad a bhain boinn amach as an obair atá déanta acu ar mhaithe leis an nGaeilge a chur chun cinn i mbliain dhúshlánach 2020.

“Tá éacht mór déanta acu uile an Ghaeilge a chur chun cinn ina gcuid clubanna. Ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh ach go háirithe leis na trí chlub ar éirigh leo an bonn óir a bhaint amach. Cumann Naomh Anna, Leitir Móir, Cumann Micheál Breathnach, Indreabhán, agus CLG Naomh Éanna, Gleann Ghormlaithe. Tá ról fíorthábhachtach ag an nGaeilge i gCumann Lúthchleas Gael agus molaim go mór a gcuid oibre agus an dea-shampla atá leagtha síos acu,” arsa Uachtarán CLG.

196 cumann ar fad a ghlac páirt i bhFondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha i mbliana, méadú 45% ar an líon a ghlac páirt in 2019. Is í seo an ceathrú bhliain a reáchtáladh an scéim agus deir Frainc Mac Cionnaith, Bainisteoir Forbartha le Glór na nGael, go bhfuil sí ag dul ó neart go neart.

“Is cúis mhór áthais dúinn go bhfuil líon na gclubanna atá páirteach sa scéim ag dul i méid bliain i ndiaidh bliana agus go bhfuil siad chomh tiomanta agus chomh díograiseach leis an teanga a chothú sa spórt.”

Is in ómós d’iarUachtarán CLG Seosamh ‘Joe’ Mac Donncha (1953-2016) a ainmníodh an Fhondúireacht.

Bonn Óir:

Naomh Éanna CLG, Gleann Ghormlaithe Co. Aontroma
Naomh Anna Leitir Móir CLG Co. na Gaillimhe
Cumann Mícheál Breathnach CLG Co. na Gaillimhe

Bonn Airgid:

An Bheart CLG Co. Dhún na nGall
Cumann Báire Setanta CLG Co. Bhaile Átha Cliath
Cumann Caide na Gaeltachta CLG, Baile na nGall Co. Chiarraí
Cloich Cheann Fhaola, CLG Co. Dhún na nGall
Cill Chomáin CLG Co. Mhaigh Eo
Cumann Liathróid Láimhe, Eanach Cuan (Dhúin) Co. na Gaillimhe
Naomh Colmcille CLG, Baile an Bhiataigh, an Mhí Co. na Mí
Áit Tí Chathail CLG Co. an Dúin
Fine Ghallainn, CLG Co. Átha Cliath
Carna Caiseal CLG Co. na Gaillimhe
Daingean Uí Chúis, CLG, An Daingean Co. Chiarraí
Cumann Pheil na mBan, Maigh Cuilinn Co. na Gaillimhe

Bonn Cré-umha:

Naomh Séamas CLG Co. Aontroma
Cumann Naomh Pádraig, Droichead Mhaigh Eo Co. an Dúin
Na Dúnaibh CLG Co. Dhún na nGall
Naomh Muire, Íochtar na Rosann CLG Co. Dhún na nGall
Oileáin Árann CLG Co. na Gaillimhe
Long Cogaidh CLG Co. Átha Cliath
Naomh Fionnbarra, Cabrach. Co. Átha Cliath
Gaeil Raghnallach Co. Átha Cliath
Atháin CLG, Lios na Graí Co. Luimnigh
Cúl CLG Co. Chiarraí
Éire Óg, CLG, Inis Co. an Chláir
Cumann Peile Uí Chomhraí CLG Co. an Chláir
Lámh Dhearg CLG Co. Aontroma
Naomh Mochaí CLG Co. an Dúin
Ard Cloch CLG Co. Chill Dara
Gort na Móna Co. Aontroma
Cluain Tarbh CLG Co. Átha Cliath
Oileán na hÉireann Co. Átha Cliath
Gaeil Triúcha CLG Co. Mhuineacháin
Éire Óg CLG, An Charraig Mhór (Iománaíocht) Co. Thír Eoghain
An Droim Mór CLG Co. Thír Eoghain
Seamróga CLG, Ros Liath Co. Fhear Manach
Naomh Colmcille CLG, An Charraig Mhór Co. Thír Eoghain
Baile Dic CLG Co. Chill Chainnigh
Cluain Dá Ghad CLG Co. an Chláir
Seanchill CLG Co. Átha Cliath
Na Solláin CLG Co. Chill Dara
Naomh Éanna Baile Buadáin Co. Átha Cliath
Seamróga Chonachadh, CLG Co. Chill Chainnigh
Cumann Liathróid Láimhe Micheál Breathnach Co. na Gaillimhe
Na Mistéalaigh CLG, Caisleán an Bharraigh Co. Mhaigh Eo
Na Fíníní CLG Co. Chill Chainnigh
Carraig Seac CLG Co. Chill Chainnigh

 

Fág freagra ar 'Boinn óir le bronnadh ar chumainn CLG i gConamara agus i mBéal Feirste as a gcuid oibre chun an Ghaeilge a chur chun cinn'