Bliain na Gaillimhe a bhí ann in 2017 gan aon agó

JOHN ALLEN: Caitheann ár gcolúnaí súil siar ar 2017, bliain inar bhuaigh an Ghaillimh chuile shórt

Bliain na Gaillimhe a bhí ann in 2017 gan aon agó

Joe Canning agus John Connolly. Pictiúr: INPHO/James Crombie

Ní raibh oíche Nollaig na mBan 2017 ach díreach curtha dínn nuair a thosnaigh na fochomórtais idirchontae peile agus iomána.

Ach amach ó pháirc na himeartha bhí ócáid i bhfad níos tábhachtaí ar siúl – seoladh Chumann na nImreoirí Club i mBaile Baodáin.

Labhair an rúnaí nuathofa Declan Brennan agus an Cathaoirleach Micheál Briody go láidir faoi chinniúint an imreora club agus an drochmheas a léiríonn an CLG air. Feicfimid conas a oibreoidh an córas nua sa dá chód idirchontae an bhliain seo chugainn.

Ar pháirc na himeartha thug Corcaigh leo an chéad chorn nuair a bhuaigh siad Sraith na Mumhan. Rinne Cill Chainnigh amhlaidh seachtain ina dhiaidh sin nuair a thug siad leo Corn an Bhreathnaigh.

Thug Tiobraid Árann comhartha ina gcéad chluiche sraithe i gcoinne BÁC go rabhadar ag leanúint ar aghaidh mar a chríochnaíodar 2016 le léasadh a thabhairt don fhoireann baile i bPáirc an Chrócaigh.

An tseachtain ina dhiaidh sin rinne BÁC an rud céanna do Chorcaigh i bPáirc Uí Rinn agus rinne Loch Garman an t-éacht is mó i gcaitheamh na seacht lá san nuair a bhuaigh siad ar Luimneach agus ar an nGaillimh chun áit a chinntiú dóibh féin  sa phríomhroinn in 2018.

Ba é cluiche na sraithe go dtí sin an cluiche a imríodh faoi shoilse idir na sean-naimhde Tiobraid Árann agus Cill Chainnigh, coimhlint a chríochnaigh ar comhscór agus cad é mar dhianchomhrac iontach eatarthu.

Thug Cuala Átha Cliath leo corn Chlubanna Sinsear na hÉireann ar Lá Fhéile draig i gcluiche a bhí aontaobhach go leor.

Ansin an lá i ndiaidh Lá na nAmadán bhí cluichí ceathrú ceannais na Sraithe againn agus i measc na mbuaiteoirí bhí Loch Garman a bhuaigh ar a seannamhaid Cill Chainnigh i bPáirc Uí Nualláin den chéad uair ó 1957.

Ach ba iad an Ghaillimh agus Tiobraid Árann a rith amach ar Pháirc na nGael, Luimneach ar an Domhnach do chluiche ceannais na Sraithe agus tháinig na fir ón iarthar aniar aduaidh orainn go léir nuair a thugadar greadadh dos na Tiobradaigh. Ón lá san amach bhí an Ghaillimh ar bharr liosta na ngeallghlacadóirí do chorn Mhic Cárthaigh, áit ar fhan siad go Meán Fómhair.

Cúpla seachtain ina dhiaidh sin thug Corcaigh speach eile dos na Tiobradaigh nuair a bhuadar orthu i gCraobhchomórtas na Mumhan i gcluiche iontach iomána.

Leanadar san le bua gan choinne i gcoinne na nDéiseach agus bua éasca go leor i gcluiche ceannais an chúige, lá ar theip ar an gClár ar an bpáirc agus ar an taobhlíne.

I gCúige Laighean thug seaimpíní nua na sraithe greadadh do Bhaile Átha Cliath agus, i gcluiche a bhí díolta amach Loch Garman, bhuaigh an fhoireann baile ar na Cait arís. Na Gaillmhigh a thrasnaigh an tSionainn agus corn Laighean ina seilbh acu áfach.

Mar a tharla le trí bliana anuas, bhí eipic cheart againn sa bhabhta leathcheannais idir an Ghaillimh agus Tiobraid Árann agus ba iad na Gaillmhigh a tháinig slán as an uair seo.

Sa chluiche leathcheannais eile thosaigh gach sórt ag rith le Port Láirge sa cheathrú dheireanach nuair a cuireadh lánchúlaí Chorcaí Damien Cahalane den bpáirc.

Bhí Tadhg De Búrca, Austin Gleeson agus Adrian Touhy sa treis sna meáin agus cur isteach ar chlogaid á phlé mar gheall ar eachtraí conspóideacha a thit amach.

Neamhghnách go maith mar sin, ba iad an Ghaillimh agus Port Láirge a bhí againn sa chluiche ceannais agus ticéid an-ghann ar fad. Bhí na saoithe ar fad beagnach den tuairim gurbh iad fir an iarthair a thabharfadh an corn leo agus dar ndóigh bhí an ceart acu. Chuir siad tús iontach leis an gcluiche ceannais agus chríochnaigh siad é go láidir leis.

Bliain na Gaillimhe a bhí ann mar sin, na craobhacha móra go léir buaite acu, seachtar acu ar fhoireann na All Stars agus Gradam Imreoir Óg agus Imreoir na Bliana acu freisin.

Ach bíonn an roth go síoraí ag casadh agus ní fada go mbeidh na chéad chluichí de 2018 againn agus na hathruithe ollmhóra a deineadh sa bhfómhar ag teacht i bhfeidhm. Táimid ag tnúth go mór leis.

Fág freagra ar 'Bliain na Gaillimhe a bhí ann in 2017 gan aon agó'