Bláthnaid Ní Chofaigh ‘dearg le fearg’ ar Chearnóg Mhuirfean agus stop curtha le mugálaí

Chabhraigh láithreoir Bláthnaid Libh ar RTÉ Raidió na Gaeltachta le mugálaí a stopadh i lár chathair Bhaile Átha Cliath ar maidin

Bláthnaid Ní Chofaigh ‘dearg le fearg’ ar Chearnóg Mhuirfean agus stop curtha le mugálaí

Tá fear cúisithe ag an nGarda Síochána as an eachtra mugála inar chabhraigh an láithreoir teilifíse agus raidió cáiliúil Bláthnaid Ní Chofaigh le robálaí a stopadh i lár chathair Bhaile Átha Cliath inné.

Thug an láithreoir, arb as Gaeltacht Ráth Chairn ó dhúchas di, le fios do Tuairisc.ie tráthnóna nach bhféadfadh sí a thuilleadh a rá faoin eachtra toisc go bhfuil na Gardaí anois ag plé leis an scéal.

Ag labhairt di leis an Herald níos túisce inniu, rinne láithreoir Bláthnaid Libh ar RTÉ Raidió na Gaeltachta cur síos ar an eachtra a tharla agus í ag teacht ó chruinniú ar Chearnóg Mhuirfean.

Agus í ina seasamh ar thaobh na sráide, chuala Ní Chofaigh bean a bhí trína chéile ag glaoch ar chabhair.

Tuairiscítear gur turasóir as an Astráil a bhí sa bhean a raibh a sparán sciobtha uaithi ag fear a bhí anois ag teitheadh ón láthair.

Chinn bean RTÉ láithreach dul sa bhearna bhaoil.

“Bhí mé díreach tagtha amach as cruinniú gnó nuair a chuala mé an glaoch scáfar seo ó dhuine éicint ag rá ‘Stop é! Stop é!’. Chas mé timpeall agus chonaic mé fear a raibh sparán ina lámh aige ag rith suas an tsráid. Troid nó teitheadh, an rogha a bhí ann.

“Rinne mé i ngan fhios dom féin. Sula raibh a fhios agam céard a bhí ag tarlú bhí mé amuigh i lár an bhóthair os a chomhair amach. Buíochas le Dia, nach raibh aon charranna ag teacht. Cheapfá go raibh mé imithe as mo mheabhair, gur ghealt chruthanta a bhí ionam,” a dúirt sí leis an Herald.

Thug Ní Chofaigh fogha faoin mugálaí agus rinne iarracht é a bhualadh lena mála ríomhaire glúine. Cé nár aimsigh sí a sprioc, níor chuir an méid sin dá buille í, thug sí iarraidh eile faoin robálaí agus bhrúigh uaithi é.

Tuairiscíodh go raibh cúigear eile ar an láthair faoin tráth seo agus fonn orthu an mugálaí a choinneáil faoi chois nó go dtiocfadh na Gardaí.

“Ba bhean eile a leag chun talún sa deireadh é. Bean rua ab ea í sin freisin,” a dúirt Ní Chofaigh.

Dúirt an láithreoir gur leagadh an bhean sin í féin chun talún san eachtra agus gur bhuail sí a ceann faoin gcosán, rud a chuir imní ar Ní Chofaigh.

D’éirigh leo an mugálaí a choinneáil fúthu ar an talamh agus an sparán a sciob sé a bhaint de agus a thabhairt ar ais don Astrálach.

Tháinig na Gardaí ar an láthair go gairid ina dhiaidh sin.

Dúirt Ní Chofaigh leis an Herald go raibh na mórshiúlta ar son chearta na mban a tharla ar fud an domhain ag an deireadh seachtaine ina spreagadh aici agus í ag tabhairt faoin mugálaí.

“Is dóigh liom gur thug na mórshiúlta ar fad misneach dom. Bhí mé i láthair Dé Sathairn, agus is dóigh liom gurb é sin ba chúis leis an bhfonn a bhí orainn cuidiú leis an mbean seo – mhothaigh muid go raibh muid ag tacú lena chéile.”

Mhol Ní Chofaigh na Gardaí a bhí “tuisceanach” agus “cuiditheach” agus a léirigh meas ar an mugálaí féin chomh maith.

Fág freagra ar 'Bláthnaid Ní Chofaigh ‘dearg le fearg’ ar Chearnóg Mhuirfean agus stop curtha le mugálaí'

  • Séamas Mac Coitir

    Bean mhisniúil is ea Bláthnaid, gan aon agó. Tá an-chreidiúint ag dul di, agus tá sí le moladh go hard na spéire, bail ó Dhia uirthi! Go bhfága Dia a saol agus a sláinte aici.