‘Bíonn fearg orm mar ní raibh aon ghá leis’ – cuimhníonn Eoin Warner ar bhás a athar i dtubaiste Oileán Fhaoide

Cothrom an lae seo 40 bliain ó shin bhásaigh 50 duine nuair a phléasc tancaer ola i mbá Bheanntraí, ina measc David Warner, athair an láithreora teilifíse, Eoin

‘Bíonn fearg orm mar ní raibh aon ghá leis’ – cuimhníonn Eoin Warner ar bhás a athar i dtubaiste Oileán Fhaoide

Tá cur síos déanta ag an láithreoir teilifíse aitheanta Eoin Warner ar an lorg a fágadh air féin agus ar a mhuintir ag bás a athar i dtubaiste Oileán Fhaoide cothrom an lae seo daichead bliain ó shin.

In agallamh a chraolfar inniu ar eagrán speisialta den chlár An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, deir Warner go gcuimhníonn sé go minic ar a athair agus na fir eile a bhásaigh nuair a phléasc an tancaer ola an ‘Betelgeuse’ i mbá Bheanntraí ar an 8 Eanáir 1979. 

Dhá bhliain go leith a bhí Eoin Warner, láithreoir na sraithe dúlra iomráití Éire Fhiáin, nuair a cailleadh a athair sa dóiteán a bhí ar cheann de na tubaistí ba mheasa dá leithéid a tharla riamh in Éirinn. Deir sé, agus é faoi agallamh ag Helen Ní Shé, go dtagann fearg air i gcónaí nuair a chuimhníonn sé ar ar tharla.

“Bíonn fearg orm mar ní raibh aon ghá leis, ní raibh aon ghá go bhfaigheadh caoga duine bás.  Cuid dó bhí saint i gceist … an dá chomhlacht bhíodar ag gearradh siar ar rudaí, ar mhaithe le hairgead is dócha …  An rud is mó a chuireann isteach orm ná na deiseanna atá caillte agam rudaí a phlé leis… gnáthrudaí, comhairle a fháil uaidh.

“Fear mór farraige a bhí ann, iascaire, bhí ana-eolas aige.  Mór an trua nach raibh sé in ann an t-eolas sin a thabhairt ar aghaidh don chéad ghlúin eile.”

Cuimhníonn Warner go háirithe, a deir sé, ar an mbás uafásach a fuair na fir a cailleadh sa tubaiste.

“Cuimhním i gcónaí ar na leaids amuigh ann agus iad ag iarraidh na teachtaireachtaí raidió a chur isteach agus gan aon fhreagra in aon chor ar feadh 20 nóiméad agus na tinte ifreanda thart timpeall orthu agus ní raibh fiú na pumpanna ar siúl.  Ní rabhadar in ann é a throid, nó é a mhúchadh.    Ní fhéadfainnse bás níos measa a shamhlú, idir bheith do do bhá nó do do dhó, bhí sé go hainnis dóibh.”

Cé gur ar éigean gur cuimhin leis a athair mhothaigh sé an bhearna a d’fhág a bhás ina shaol.

“Bhíos an-óg ag an am, ní rabhas ach dhá bhliain go leith nuair a cailleadh é, só is beag cuimhne atá agam air … ceann amháin sin uile atá agam … Is mór an trua mar bhíos in ann cuimhneamh ar bheagnach gach rud ina dhiaidh sin.”

“Chuir sé sin isteach orm agus mé ag fás aníos, mar mo bheirt dheartháir bhí siadsan níos críonna – bhí siadsan cúig agus bhí an fear eile díreach naoi mbliana d’aois dhá lá roimis, agus bhí ana-chuimhne acu san air.”

Deir Warner go raibh saghas éad air lena dheartháireacha toisc an chuimhne a bhí acusan ar a n-athnair

“…Bhí siadsan in ann é a shamhlú, ní rabhas in ann é sin a dhéanamh … Ach ag féachaint siar anois agus mé níos críonna dhíoladar go daor as, na cuimhní sin, bhfuil fhios agat, mar  thuigeadar san céard a bhí caillte acu. 

“ Ní thuigeas féin céard a bhí caillte mar ní raibh aon aithne agam ar an bhfear, dáiríre.  Ach é sin ráite, agus mé ag fás aníos bhí an t-easnamh ann, bhí rud éigin in easnamh i gcónaí níl aon dabht faoi sin.”

Timpeall a haon a chlog maidin an 8 Eanáir 1979 a phléasc an Betelgeuse ag lamairne chríochfort ola Oileán Fhaoide, arbh le Gulf Oil é. Dúradh ag an am gur teip struchtúrtha na loinge agus an ola dá folmhú ba chúis le pléascadh an tancaeir arbh le Total S.A. é.

50 duine a bhásaigh sa tubaiste, 42 Francach, seachtar Éireannach agus Sasanach amháin. Bhásaigh tumadóir as an Ollainn le linn na tarrthála.

Craolfar inniu, Dé Máirt, tar éis na nuachta ag meán lae, an t-eagrán speisialta de An Saol ó Dheas faoi thubaiste Oileán Fhaoide.

Fág freagra ar '‘Bíonn fearg orm mar ní raibh aon ghá leis’ – cuimhníonn Eoin Warner ar bhás a athar i dtubaiste Oileán Fhaoide'