Bíodh Gaeilge nó Béarla aige, is é an duine ‘an speiceas is mó atá i mbaol’ i gConamara…

An bhfuil sé mar sprioc ag Comhairle Chontae na Gaillimhe páirc ollmhór náisiúnta a dhéanamh de Chonamara?

Bíodh Gaeilge nó Béarla aige, is é an duine ‘an speiceas is mó atá i mbaol’ i gConamara…

Pictiúr: Eamonn Farrell/Photocall Ireland.

Dhá cheist a cheanglaíos le chéile agus mé ag caint ar RTÉ Raidió na Gaeltachta le gairid ná an Ghaeilge agus an fhostaíocht. Tarraingíodh ceist na mbóithre agus na tithíochta isteach sa phlé céanna.

Ó thaobh na mbóithre de, mar a thuairiscigh Máirtín Ó Catháin ar an suíomh seo cheana, socraíodh roinnt blianta ó shin ar chúrsa a bhí ó thuaidh de na bailte fearainn in iarthar Chonamara le haghaidh bóthar nua a dhéanamh. Isteach is amach le €3 milliún a d’íoc Comhairle Chontae na Gaillimhe leis an gcomhlacht a rinne taighde ar an scéal agus a mhol cúpla cúrsa malartach i ndeireadh báire.

Bhain roinnt buntáistí leis an gcúrsa a beartaíodh: bhí formhór an phobail ar a shon; bealach níos sciobtha isteach go Gaillimh a bheadh ann thar is na bóithre atá anois ann; ní scoiltfí aon bhaile fearainn ina dhá leath dá bharr; agus bhí formhór na gComhairleoirí Contae ar a shon.

Vótáil tromlach na gComhairleoirí Contae dá réir ach is dealraitheach gur chuir lucht bainistíochta na Comhairle cosa i dtaca, á rá leis na Comhairleoirí nárbh fhéidir glacadh lena vóta toisc go bhfuil an sliabh lena mbaineann an cúrsa a moladh ina limistéar faoi chaomhnú speisialta (SAC).

Fiú agus an daonlathas i bhfeidhm, mar dhea, sa Chomhairle Contae, b’éigean géilleadh do rialacháin na hEorpa agus tús áite a thabhairt d’fheithidí agus do phlandaí atá i mbaol a mbáis. ‘Speicis atá i mbaol’ a thugtar orthu seo – murab ionann agus an duine óg tuaithe, ar cuma ann nó as é, de réir dealraimh.

Ní ag fáil locht orthu atá mé ach tá muilte gaoithe tógtha ar an sliabh ceannann céanna ar diúltaíodh cead pleanála a lorg le bóthar a dhéanamh ann; is é sin, ó Mhaigh Cuilinn anoir go dtí Seanadh Phéistín thiar agus ó dheas i dtreo na mbailte fearainn Gaeltachta.

Admhaím nár mhar a chéile fairsinge na hoibre sa dá chás, ach bheadh go leor den obair cheannann chéanna i gceist le muilte gaoithe a shá i dtalamh agus a bheadh i gceist le bóthar nua a dhéanamh. An dá rud is mó a bheadh i gceist sa dá chás ná coincréit agus tochailt. É sin agus cur isteach ar phlandaí agus ar fheithidí a deirtear atá i mbaol.

Ceist agam, más ea, ar Chomhairle Chontae na Gaillimhe: ar seachnaíodh na háiteanna a bhí ina limistéir faoi chaomhnú speisialta agus na muilte gaoithe sin á dtógáil ar an sliabh a bhaineann le hábhar, nó an amhlaidh go ndearnadh beag is fiú agus neamhaird de chúrsaí SAC d’fhonn na comhlachtaí móra rachmasacha a thóg iad a shásamh?

An ionann an sliabh ar fad agus limistéar faoi chaomhnú speisialta trí chéile nó an amhlaidh go bhfuil paistí de anseo is ansiúd atá ina limistéir ar gá iad a chosaint? Más ionann an sliabh ar fad agus limistéar faoi chaomhnú speisialta, cén chaoi agus cén fáth ar ceadaíodh muilte gaoithe a thógáil ann? Cén fáth a ndearnadh an méid sin ar láimh amháin, ach ar diúltaíodh iarratas pleanála a lorg le haghaidh bóthair nua ann ar an láimh eile? Cén sainmhíniú atá ar an bhfocal ‘limistéar’ sa chomhthéacs seo? Cén tionchar atá ag comhlachtaí móra rachmasacha ar na cúrsaí seo?

Agus an bhfuil na ceisteanna seo fiú á gcur ag iriseoirí Chonamara agus ag iriseoirí na Gaillimhe?

Nílim ar nós cuma liom faoi chúrsaí dúlra agus caomhnaithe, ach is é an duine – go háirithe an duine óg – an ‘speiceas’ is mó atá i mbaol anois i gConamara agus in go leor áiteanna faoin tuath. Bánaithe nó leathbhánaithe atá go leor bailte fearainn i gConamara faoi seo, fiú sna ceantair is gustalaí lasmuigh den Ghaeltacht. Má leanann cúrsaí mar atá, is gearr uainn pleananna teanga Béarla sna ceantair úd i gConamara thuaidh – nó pleananna éigeandála pobail.

Ó thaobh na Gaeltachta de, áfach, ní fiú a bheith ag caint ar phleananna teanga mura bhfuil bóthar, teach agus post ag duine ina cheantar féin, áit a mbeadh comharsanacht bhríomhar Ghaeilge le fáil timpeall air.

Chomh fada is a bhaineann sé leis na bóithre, ba dhóigh leat nach bhfuil lucht bainistíochta Chomhairle Chontae na Gaillimhe ag iarraidh freastal ar an bpobal beag ná mór, mar is cinnte nach bhfuil siad ag iarraidh go ndéanfaí bóthar nua, ainneoin go dteastaíonn sé go géar, agus ainneoin mhianta an phobail is na gcomhairleoirí a chuir a dtuairimí in iúl dóibh ar fhóram daonlathach.

Idir an dá linn, d’fhéadfadh go mbeadh comhlachtaí de chuid Údarás na Gaeltachta ag bogadh amach as Conamara mar gheall ar a dhonacht atá na bóithre agus gur in olcas a rachadh scéal na dífhostaíochta dá bharr.

Teach. Post. Bóthar. Cuir le chéile iad agus beidh ‘pobal’ agat. 

An cheist nach bhfuil á cur ná an ionann an tsiléig agus an easpa gnímh ar fad agus polasaí de facto ann féin? An ionann neamhpholasaí neamhoifigiúil agus polasaí de facto ann féin?

Á bhánú atá Conamara thuaidh agus theas, de réir a chéile, agus an chuma ar an scéal nach bhfuil aon chomhairle contae ann atá sásta gníomhú ar bhealach dearfach thar ceann na ndaoine atá ina gcónaí ann. Páirc náisiúnta ollmhór a bheidh i gConamara sula i bhfad má leanann cúrsaí mar atá.

Cosnófar plandaí agus feithidí atá i mbaol a ndíbeartha – ach an gcosnófar an duine?

Fág freagra ar 'Bíodh Gaeilge nó Béarla aige, is é an duine ‘an speiceas is mó atá i mbaol’ i gConamara…'

  • tg lurgan

    Tá Gaeilge i gConamara leis na mílte bliain – cén fáth anois an port seo “Gaeilge nó Béarla” i gConamara a chur chun cinn?
    “Gaeilge nó bás” seachas “Gaeilge nó Béarla” an t-aon teachtaireacht.

  • Pól Ó Braoin

    Níl cónaí sa ngaeltacht orm féin ach tá an-mheas agam ar na daoine sin. Coinním suas le cúrsaí Chonamara agus feictear dom gur trua shaolta uilig é nach dtugtar aird ar dhaoine mar Kevin thuas agus ar a bhfuil le rá ar an bpointe seo aige. Ní bhíonn smid as na meáin bhéarla ar an ábhar seo. An ag iarraidh é a fhágáil go dtí go mbíonn sé ródheireanach atá muid!

  • Sibéal

    Ceantair Cultúrtha UNESCO?

  • sionnach

    Nílim in ann meabhair a bhaint as an alt seo ar chor ar bith. Tá dlús daonra réasúnta ard i gConamara Theas agus chuir na pleananna bóthair a bhí ann cosc ar an-oiread daoine le Gaeilge pleanáil a fháil ar na bealaí éagsúla a bhí ar intinn. Maidir le Conamara Láir ba cheart an bóthar ón Teach Dóite go Gaillimh a uasghrádú agus Cuarbhóthar a chur thart ar Uachtar Ard. Leigheasfadh sin bealach go Gaillimh a fháil níos tapúla. Teastaíonn jabanna do lucht na Gaeilge agus pleanáil do lucht na Gaeilge i gConamara. Is maith an rud nach mbeidh na bóithre mar a bhí beartaithe ag dul ar aghaidh sílim.