Is léir anois go mbeidh blianta fada ann sula mbeidh bóthar nua as Gaillimh go Conamara

Tá na pleananna do ‘Bhóthar Chonamara’ caite i dtraipisí tar éis cuimse staidéir a bheith déanta

Is léir anois go mbeidh blianta fada ann sula mbeidh bóthar nua as Gaillimh go Conamara

D’fhéadfadh sé a bheith blianta fada sula réiteofar ceist na tráchta agus fadhb an bhóthair sa gcuid ó dheas de Chonamara. Shocraigh Comhairleoirí Chonamara inné go gcuirfí deireadh anois leis an iarracht atá ar bun le breis agus deich mbliana le bóthar nua a fhorbairt as Scríb go Gaillimh. 

Dúirt Stiúrthóir Sheirbhísí Bóthair na Comhairle Contae, Jim Cullen leis na Comhairleoirí go mb’fhacthas dó gur beag seans a bheadh ann anois go bhféadfaí an bóthar nua a fhorbairt ar chuid ar bith de na cúrsaí a bhí leagtha síos as Gaillimh siar go Cois Fharraige agus go Ros an Mhíl. Bhí sé nó seacht de chúrsaí marcáilte amach agus staidéar déanta orthu ag an gcomhlacht comhairleoireachta a bhí fostaithe ag Comhairle Chontae na Gaillimhe ó bhí 2009 ann. Chosain an obair thaighde agus phleanála thart ar €3 milliún ar fad.

Bhí roinnt maith tacaíochta i measc an phobail – agus tacaíocht ó fhormhór Chomhairleoirí Contae Chonamara – ag cúrsa a bhí ó thuaidh de na bailte fearainn agus teannta amach sa sliabh. Bhí go leor daoine in iarthar Chonamara fabhrach don chúrsa seo freisin mar go rabhadar ar an intinn gur bealach i bhfad níos sciobtha a bheadh ann isteach go Gaillimh agus amach.

Ach, ba í tuairim lucht bainistíochta Chomhairle Chontae na Gaillimhe nach mbeadh ach toradh diúltach ar iarracht ar bith a dhéanfaí leis an gcúrsa sléibhe a chur tríd an gcóras pleanála. Bhí sin amhlaidh mar go raibh an sliabh ina cheantar caomhnaithe agus ina limistéar faoi chaomhnú speisialta (SAC). Ní raibh luí ar bith ag pobal dheisceart Chonamara le cúrsa ar bith a thabharfadh an bóthar nua isteach thrí cheartlár bhailte fearainn agus a dhéanfadh scoilt orthu.

De réir mar a chuaigh an scéal in ainseal, tháinig deacrachtaí chun cinn i gCois Fharraige sa mhéid agus nach ndéanfadh an Chomhairle Contae aon scrúdú ar iarratas ar bith ar chead pleanála do theach nua má bhí an suíomh i ngar do na cúrsaí a bhí leagtha amach don bhóthar. Bhí leithead 250 méadar leagtha amach do chaon chúrsa a bhí ceaptha don bhóthar agus bhí sé nó seacht acu sin ann in áiteacha. D’fhágfadh sin go raibh réimse mór talún nach bhféadfaí tógáil air. Bhí go leor gearán faoi seo agus tháinig brú ar na Comhairleoirí Contae dá bharr.

Gar do dheireadh na bliana seo caite, d’iarr Cathaoirleach na Comhairle Contae, Seán Ó Tuairisg go gcuirfí ceist an bhóthair de thaobh éigin. Mura mbeadh seans sách réalaíoch ann go bhféadfaí an bóthar a fhorbairt ba cheart éirí as, a deir sé agus na cúrsaí uilig a ghlanadh den léarscáil. Thángthas ar an socrú sin go foirmeálta inné. Cé go bhféadfadh beagán dintiúirí reachtúla a bheith le réiteach fós – seans go gcaithfear an bhóthar a bhaint as Plean Forbartha an Chontae go foirmeálta – ní fada go mbuailfear sa mhullach an plean don bhóthar nua as Scríb go Gaillimh.

Bhí Comhairleoirí Contae Chonamara ar aon intinn faoi seo inné cé gur dhúirt cuid mhaith acu go bhfuil drochfhadhbanna tráchta idir Conamara agus Gaillimh. Dúirt cathaoirleach Chomhairle Bhardasach Chonamara, an Comhairleoir Noel Thomas, gur thuig sé féin nach raibh aon rogha chiallmhar anois acu ach deireadh a chur leis an iarracht. San am céanna is léir go mbeadh sé an-deacair a bheith ag súil, go bhféadfaí, nó gurbh fhiú, forbairt mhór a dhéanamh ar Chalafort Ros an Mhíl d’uireasa bóthar ar ardchaighdeán amach go dtí é, a deir an Comhairleoir Thomas. Sin ceist thromchúiseach, dar leis.

Dúirt an Comhairleoir Tomás Ó Curraoin go raibh seisean i bhfabhar deireadh a chur leis an iarracht a bhí ar bun. Ach dúirt sé go bhfuiltear ag damhsa thart ar an gceist mhór a bhaineann le bóithre agus infreastruchtúr ceart i gConamara le fada. “Céard faoi cheantracha ar nós Charna, Ros Muc agus siar i dtreo an Chlocháin?” a d’fhiafraigh an Comhairleoir Ó Curraoin. “Ní féidir dul chun cinn a dhéanamh in iarthar Chonamara gan bóthar ceart amháin amach díreach as Gaillimh agus caithfimid aghaidh a thabhairt air sin.” Dúirt an Curraoineach go bhfuil neart fianaise ann go bhfuil bóithre curtha trí cheantracha caomhnaithe sléibhe i dtíortha eile, Albain ar cheann acu. Luaigh sé cás chomhlacht HID Global atá ag aistriú as Baile na hAbhann isteach go cathair na Gaillimhe. “Cé mhéad comhlacht eile atá imithe agus cé mhéad ionad de chuid Údarás na Gaeltachta atá folamh idir Carna agus Bearna? Is baolach gur mar sin a bheidh mura mbeidh na bóithre againn,” a deir sé. 

Cé gur fada caint sa gComhairle Contae faoin mbóthar – rinne an t-iarchomhairleor contae agus an t-iarFheisire Eorpach Seán Ó Neachtain iarrachtaí láidre sna 1990idí – tháinig an borradh is mó faoin iarracht le bóthar nua a chur siar ó dheas trí Chonamara ó 2006 ar aghaidh.

Mhair an chéad chuid den obair a rinne comhlacht comhairleoireachta RPS trí bliana. Bhí cruinnithe ag an gcomhlacht agus ag ionadaithe as Comhairle Chontae na Gaillimhe leis an bpobal sa tréimhse sin. Faoin mbliain 2012 bhí leathdhosaen cúrsaí éagsúla curtha ar an mapa ag na saineolaithe. Ach ba léir nach raibh glacadh ag an bpobal sa taobh ó dheas de Chonamara le go leor de na moltaí sin. Bhí daoine in aghaidh cúrsa ar bith a bheadh ag scoilteadh bailte fearainn. Bhí go leor daoine fabhrach do chúrsa a bheadh ó thuaidh de na ceantair a raibh daoine lonnaithe iontu – b’in é an cúrsa a raibh an ‘cúrsa donn’ baiste ar. Ach bhí imní ar an gcomhlacht comhairleoireachta agus ar bhainistíocht Chomhairle Chontae na Gaillimhe nach mbeadh glacadh leis an gcúrsa donn ó tharla go raibh ceantair chaomhnaithe agus limistéir SAC sa réimse sin sléibhe.

Thug formhór Chomhairleoirí Contae Chonamara a dtacaíocht don ‘chúrsa donn’ agus bhí vótáil ina measc. Ach níor laghdaigh sin an t-amhras a bhí ar an gComhairle Contae nach n-éireodh leis an gcúrsa sin sa gcóras pleanála. Rinneadh tuilleadh staidéir agus roghnaigh an comhlacht comhairleoireachta an bealach ab fhearr a mbeadh seans aige, dar leo féin. Arís, ní raibh aon fhonn ar chomhairleoirí Chonamara tacaíocht a thabhairt dó sin agus ní raibh toil an phobail leis ach an oiread. 

Fág freagra ar 'Is léir anois go mbeidh blianta fada ann sula mbeidh bóthar nua as Gaillimh go Conamara'