Bíodh díospóireacht cheart againn faoi Éirinn Aontaithe

B’fhéidir go bhféadfaí freastal ar riachtanais na bProtastúnach trí chumhacht a dhílárú ar fud na tíre

Bíodh díospóireacht cheart againn faoi Éirinn Aontaithe

Má tá an díospóireacht faoi athaontú na hÉireann ar an gclár cainte, nach bhfuil sé in am beagán sonraí a phlé –go háirithe cén chaoi ar féidir áit chompordach a chinntiú don Phobal Protastúnach ó thuaidh san Éirinn nua?

Labhair an Tánaiste, Leo Varadkar, ag an Tionól a d’eagraigh Todhchaí na hÉireann faoi seo, ach is beag fáilte a cuireadh roimh a chuid cainte, nuair a mhol sé institiúidí, cúirteanna, dlíthe is eile faoi leith a choinneáil don Tuaisceart i ndiaidh an Athaontaithe.

Thug cuid den slua faíreach faoi. B’fhéidir gur labhair sé go ciotach, ach níl sé ach cúpla bliain ó shin ó mhol iar-uachtarán Shinn Féin, Gerry Adams, mórán an rud céanna. Níor thug éinne faíreach faoi sin an tráth úd, ceapaim.

Ach ceapaimse go bhfuil dhá mhórlaige ag baint leis an moladh sin. Ar an gcéad dul síos ní limistéar nádúrtha é na Sé Chontae, ó thaobh na tíreolaíochta nó ó thaobh an gheilleagair ach an oiread. Ceapadh i 1921 gurbh é seo an limistéar ba mhó a d’fhéadfadh móramh ar son an cheangail le Sasana a chinntiú.

Ba chuma go raibh móraimh áitiúla i gcontaetha Fhear Manach is Thír Eoghain i gcoinne na críochdheighilte, cé go raibh na hAontachtaithe sásta droim láimhe a thabhairt do thrí chontae i gCúige Uladh – Tír Chonaill, an Cabhán agus an Muineachán.

Ach is é an laige is mó ná stair an idirdhealaithe is an chur faoi chois i gcoinne an phobail náisiúnaigh.

Tá nós ann sna meáin agus i bpáirtithe na bunaíochta ó dheas, dearmad iomlán a dhéanamh de sin. Tá a lán a deir gur chóir go n-oirfeadh an stát nua do riachtanais na bProtastúnach agus measaim an ceart acu. Ach is cóir freisin go n-oirfeadh sé don phobal eile.

Ní comharthaí maithe iad nimh an rialtais i gcoinne Shinn Féin, guth na náisiúnaithe ó thuaidh gan dabht, ná an t-achrann mar shampla a bhain le bua fhoireann sacair na mban faoi amhrán Poblachtach a chanadh – amhail is nach bhfuil sé ceadaithe labhairt faoin bpoblachtachas.

Má táthar dáiríre faoi Éire a bheith againn go léir le chéile, caithfidh gur ag Poblachtaigh a bheidh sí freisin.

Ní limistéar nádúrtha é na Sé Chontae ach limistéar a bunaíodh ar an seicteachas. Agus anois nuair nach bhfuil móramh feasta ag Protastúnaigh ann, is lú laige an argóint ar son é a choinneáil.

Tá bealaí eile ámh, b’fhéidir, go bhféadfaí freastal ar riachtanais na bProtastúnach agus sé sin trí chumhacht a dhílárú ar fud na tíre.

Is minic go deimhin go mbíonn lucht an iarthair ag gearán nach dtugann boic mhóra Bhaile Átha Cliath aon aird orthu. Agus, ar ndóigh, is beag cumhacht dháiríre atá ag na comhairlí áitiúla.

Bíodh fiorchumhachtaí acu, agus an tír ar fad roinnte ar bhealach eile.

Mar shampla, d’fhéadfaí Cúige Uladh a roinnt idir Béal Feirste Mór, Ulaidh Thoir (Aontroim, Tuaisceart an Dúin, Tuaisceart Ard Mhacha), Ulaidh Thiar (Tír Chonaill, Doire, Tír Eoghain) agus Ulaidh Theas (Fear Manach, an Cabhán, Muineachán, Deisceart Ard Mhacha agus Deisceart an Dúin).

Bheadh móramh Protastúnach in Ulaidh Thoir, agus mionlaigh shuntasacha sna limistéir eile. Agus Bille na gCeart ann agus comhionannas cearta geallta don uile phobal, bheadh deis ag Protastúnaigh fíorthionchar a bheith acu gan cur faoi chois a bheith i gceist.

D’fhéadfaí an chuid eile den tír a roinnt idir Connachta, Mumha Thiar (bunaithe ar Luimneach), Mumha Theas (bunaithe ar Chorcaigh), Laighin-Mumha Thoir (bunaithe ar Phort Láirge), Lár Tíre (bunaithe ar Áth Luain), Baile Átha Cliath agus ceantair ceangailte leis, An Mhí (agus an Iarmhí is Lú leis).

Dá mbeadh cumhacht ag na deich limistéar sin ar phleanáil, ar infheistíocht, ar oideachas is ar sheirbhísí áitiúla, d’fhéadfaí an daonlathas a threisiú ar fud na tíre trí guth a thabhairt don phobal go cothrom ina gceantair féin.

Agus ansin, ionadaíocht sa Seanad nua a thabhairt do na réigiúin sin, agus iarracht a dhéanamh páirtithe atá ionadaíoch ar na pobail éagsúla a thabhairt isteach sa rialtas – ar bhonn eatramhach ar a laghad.

In Éirinn den chineál seo ní bheadh muid ag iarraidh ar Chaitlicigh an Tuaiscirt glacadh go síoraí le stádas den dara grád, is ní bheadh muid ag iarraidh ar Phrotastúnaigh glacadh lena leithéid ach an oiread.

Níl anseo ach tuairim, ach nach fiú tuairimí a phlé ar mhaithe le teacht ar shocrú a chinnteos síocháin is comhréiteach?

Agus má labhair Varadkar go ciotach nach bhfuil freagra fós ag teastáil ar an gceist a chuir sé?

Fág freagra ar 'Bíodh díospóireacht cheart againn faoi Éirinn Aontaithe'

  • Dónall Mór Mac Billing(s)/Bilie

    *****************************************************************************************
    http://artpickle.com/Index.cfm?artpage=artistdetail&ID=11059
    *****************************************************************************************

    *****************************************************************************************
    http://artpickle.com/index.cfm?artpage=webhome&webtab=testsite&webid=11059
    *****************************************************************************************

    Chomh cinnte is atá cros ar asal agus táim cinnte go bhfuil, tiocfaidh plé, díospóireacht agus poblailbhreith faoin teoireann le toradh déarfa a fháil réidh le críochdheighilt.

    Ansin an bealach fada/nó gairid go ceann scríbé na bPoblachtach ‘Éire Aontaithe’ agus muid mar Poblachtaigh ag dúil le Éire Shoisialach, Ghaelach, Neamh-eaglasta, Neamhsheicteach mar mhúnla don Tír Aontaithe Nua seo.

    Ach baineann dhá fhadhb leis an fhís seo.

    An mbeidh Caitlicigh/Náisiúnaigh( cuid acu), aontaithe faoin idé-eolaíocht phoblachtach nó an mbeidh siad ró-chleachtadh leis an Saol Caipitileach Anglo-Mhéiriceánach agus an Béarla ag teoiriú an tSochaí leis an nasc Breatanach.

    Bheul, caidé faoin darna fadhb ag dul i dtreo na Tíre Aontaithe seo, na Aontachtóirí nó Protasúnaigh(cuid mhór acu) . Muna mbeidh siadsan sásta d’fhéadfaí an darna cogadh cathartha a bheith ar siúl.

    Scor ar bith beidh na Sasanaigh sáite ina bhfadhbanna féin le boilsciú gurbh fhearr leo fáil réidh leis an fhadhb a chruthaigh siadsan sa chéad dul siós( cé nár adhmaigh siad sin in am ar bith ). Ba lucht déanta na síochána iad i gcónaí mar an gcéanna leis an Saorstát.

    Leis an scéal a dhéanamh gairid agus ní scéal gairid é. Ní mór dúinn a toiseacht á dhéanamh ag cruthú an ‘Éire Nua’ casta seo.
    (tuilleadh le teacht amach anseo)

    Is mise le dóchas mór agus ceol binn ó na beanna/( ó na Túir)
    Dónall Mór Mac Billings
    Mac na Reablóide Teanga agus Polaitíochtaí

    An Ghaeltacht,
    Príosún Phort Laoise
    Ardán 1
    Bloc E
    Éire

    *****************************************************************************************
    http://artpickle.com/Index.cfm?artpage=artistdetail&ID=11059
    ****************************************************************************************

  • Ciarán Ó Coigligh

    A Eoin Chóir, Ní raibh Éire aontaithe riamh ach chúns a bhí sí ina cuid dhílis de Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus na hÉireann. Tá milliún duine i dTuaisceart Éireann nach mian leo aon bhaint a bheith acu le Poblacht na hÉireann nach bhfuil inti, dar leo, ach slusaí de chuid an Aontais Eorpaigh, aontas atá ar hob titim as a chéile. B’fhearr a d’fheilfeadh sé dóibh siúd ar mian leo pobal dílseach aontachtach protastúnach Thuaisceart Éireann a thabhairt ar a dtaobh féachaint le ceangal an ath-uair leis an gComhlathas agus leis an mBreatain Mhór. Tugtar cead cainte dóibh siúd i bPoblacht na hÉireann atá ar son Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus (Oileán) na hÉireann.

  • Dónall Mór Mac Billing(s)Bilie