‘Táim ag léamh na habairte seo le dhá lá anuas, agus fós féin ní thuigim i gceart í.’
Duine muinteartha liom a dúirt, agus tús gearrscéil le Pádraig Ó Cíobháin á léamh aige.
‘Nach cuma’, arsa mise leis, ‘seans gur chaith an scríbhneoir féin an oiread céanna ama agus dua léi agus é ag iarraidh í a mhúnlú. Fiú munar chaith, ná cuireadh sé lagmhisneach ort – is gá cuid d’allas na scríbhneoireachta a chúiteamh leis an scríbhneoir. Tiocfaidh tú isteach air.’
Sé seachtaine a thóg sé ormsa gluais a dhéanamh as an gcéad dá leathanach den ghearrscéal ‘An Bhearna Mhíl’ i dtreo is go dtuigfinn iad, ach bailíonn brobh beart, agus bhí rith an ráis liom ina dhiaidh sin. Ní raibh ach cúpla lá i gceist leis an scéal a chríochnú ansin, rud a mhíníos do mo dhuine. ‘Níorbh am amú na sé seachtaine sin,’ arsa mise leis, ‘ná níorbh ea an choicís a thugas ina dhiaidh sin á athléamh, ach oiread. Dhá mhí a caitheadh go fónta a bhí ann.’
Caint leis an Dr. Breandán Ó Cróinín a tharraing m’aird in athuair ar scríbhinní Phádraig Uí Chíobháin. Fear eile fós é a bhfuil a chuid féin déanta de scéalta miotaseolaíochta na tíre seo agus saibhreas nach beag bronnta aige orainn dá bharr.
Is gá a ainm a chur le liosta nach dealraitheach aon deireadh a bheith leis: Standish Hayes O’Grady, Robin Flower (‘Bláithín’); an Seabhac, Niall Ó Dónaill, Pádraig Ó Fiannachta agus Diarmuid Johnson. Cé is moite de scéalta Chríoch Lochlann, b’as an tobar céanna a tharraing leithéidí C.S. Lewis, JRR Tolkien, agus James Joyce, tobar a thug ar Lewis a fhógairt go raibh sé ‘cniogtha’ ag saibhreas na Rúraíochta, a cheann lán de Mhéabh, de Dhéirdre agus de Héilin in éineacht.
D’fhiafraigh tamaillín ina dhiaidh sin ‘Arbh é Borage a bhí i gceannas na scoile le fírinne nó Conchubhar Mac Neasa?’.
Is sna saothair Dréachta Crích Fódla, Imleabhar I agus Imleabhar II atá leaganacha miotais an Chíobhánaigh le léamh, áit a mbaintear leas as an iolra malartach ar ‘dréacht’ d’fhonn is gur féidir casadh beag a chur i línte úd Uí Rathaille, ‘Is atuirseach géar liom créachta chrích Fódla / fá scamall go daor ’s a gaolta clíbhreoite’.
Diminsean eile de chúiteamh an allais, más ea, is ea tuiscint as an nua a bheith ag an léitheoir ar chuid éigin de shaibhreas litríochta na tíre seo – tuiscint, dá laghad í, ar fiú an braon fola í, agus a bhronnann mórtas cine ar an té a chuireann de stró air féin beagán léimh a dhéanamh. Sin é agat ‘dréachta’ á ndéanamh de na ‘créachta’, sa tslí is gur féidir iad a chneasú.
Nuair a labhair Máirtín Tom Sheáinín le fear na Gráige ar ‘Comhrá’ an tacaid seo anuraidh, d’fhiafraigh sé de an raibh sé ag iarraidh aon airgead a dhéanamh agus é ag scríobh i nGaeilge. ‘Nílim’, arsa Pádraig leis. ‘Níl’, arsa Máirtín Tom Sheáinín, ‘mar níl aon airgead i leabhar Gaeilge’.
Mura bhfuil féin, ba dheas dá bhféachfaí le cuid éigin dár scéalta féin – litríocht dúchais na tíre seo – a chur in oiriúint don raidió agus don scáileán anois. Ba dheas an cúiteamh leis na scríbhneoirí é, agus a bhfuil d’allas curtha acu á múnlú, agus de dhua caite acu á dtabhairt chun foirfeachta. I leaba a bheith ag cur na léitheoireachta ar ceal, b’fhéidir gurb amhlaidh a chuirfeadh sé léi, agus go gcuirfeadh sé daoine nach léann ag léamh na leabhar den chéad uair.
‘Cad mar gheall ar an script?’, a deir tú. Tá an script againn. Agus maidir le hábhar, ná bí ag caint – arsa Gabriel Rosenstock: ‘The sagas and myths had qualities that would make them eminently suitable for an epic film: cattle raids, courtships, seductions, battles, slaughters, feasts, journeys, voyages external and internal – a pagan world of literally mythic proportions.’
Bíodh scannán nó sraith i gceist, b’fhiú tabhairt faoina leithéid, dar liom, go háirithe agus teicneolaíocht ar fáil anois againn a chuireann ar chumas an duine mórán a dhéanamh ar bheagán airgid.
Ba mhór an mhaith a rinne Raidió na Gaeltachta do leithéidí Baile an Droichid agus Cré na Cille, ar mhó de lucht éisteachta a bhí acu ná de léitheoirí; agus níl a fhios cén mhaitheas a rinne scannán TG4 do Cré na Cille ó shin.
Maidir lenár gcuid amhrán – atá beo beathaíoch i gcónaí – níl iontu sin ach dánta fara ceol, sa tslí is go mbaintear scáth na filíochta den duine, agus é de mhisneach aige aghaidh a thabhairt uirthi dá bharr.
Cuirimis filíocht an phróis i mbéal an phobail, más ea – trína craobhscaoileadh ar an scáileán – agus cúitímis a saothar agus a gcuid allais leis na scríbhneoirí.
Tá sé tuillte acu agus déanfaidh sé léitheoirí dínn de réir a chéile.
Fág freagra ar 'Bíodh Cú Chulainn ar an scáileán againn agus b’fhéidir go ndéanfaí léitheoirí Gaeilge dínn fós'