Bímis toilteanach a thuiscint cé chomh dáiríre is atá an jóc…

Ní féidir linn a bheith ag súil go ndéanfadh ealaíontóirí machnamh ar nóiméid mhóra an tsaoil chuile lá den tseachtain

Bímis toilteanach a thuiscint cé chomh dáiríre is atá an jóc…

Bhásaigh an dordveidhleadóir Meiriceánach, Miriam Rader le gairid agus í sé bliana agus ceithre scór d’aois, de réir an tsuíomh gréasáin Menorca. Sheinneadh sí i gCeolfhoireann Shiansach na nOileán Bailéaracha ó 1980 go 2004 agus mhúin sí an dordveidhil do ghlúin mac léinn ar na hoileáin ansin.

Chuir mé aithne uirthi i mBarcelona sa mbliain 1976. Bhí sise agus roinnt cairde léi díreach théis teach a athchóiriú agus a mhaisiú i mbaile Vulpellach san Ampurdan, in aice le Girona sa gCatalóin. Nuair a thug mé cuairt ar an teach chuir an stró a a bhí curtha acu orthu féin an áit a athchóiriú iontas orm. Léirigh sé an cion ollmhór a bhí acu air. Roghnaíodh gach feistiú, gach dath, gach píosa troscáin go cúramach, fiú na hearraí criadóireacha agus na cuirtíní. Smaoinigh mé láithreach: cén fáth nach n-athraím isteach sa teach seo anois? Agus neartaigh an smaoineamh sin i m’intinn nuair a chonaic mé na leabhair a thug siad anall as na Stáit Aontaithe.

Ach an rud a bhain an anáil díom dháiríre ná an seomra ceoil, ní hé an seomra a mbíodh Miriam ag cleachtadh ann, ar cineál stiúideo é, ach seomra le toilg agus síleálacha arda agus córas fuaime an-mhaith.

Seomra ina raibh balla a bhí lán le LPs clasaiceacha, chuile cheann acu eagraithe go cúramach slachtmhar. Agus nuair a thug Miriam faoi deara cé chomh mór faoi dhraíocht agus a bhí mé, dúirt sí liom go bhféadfainn an lá uilig a chaitheamh sa seomra sin dá mba mhaith liom agus go mbeadh míle fáilte romham féachaint thart ar an tír máguaird.

Thionlaic sí i dtreo na gceathairéad téadach de chuid Beethoven mé, an lipéad Deutsche Grammophon, seinnte ag an Amadeus Quartet. Is cuimhneach liom teacht anuas go dtí an chisteanach fhairsing le haghaidh lóin agus mé ag rá: ‘Tá rud eicínt aisteach faoi cheann amháin de na ceirníní.’ Nuair a tháinig Miriam ar ais in éindí liom go dtí an seomra ceoil, bhí meangadh gáire uirthi. ‘Sea, ceann de cheathairéid dheireanacha Beethoven atá ann, sin an méid. B’fhéidir go samhlaíonn tú aisteach iad mura bhfuil eolas agat orthu.’

Is cosúil gur thosaigh mé ag éisteacht le ceann de na ceathairéid luatha d’opus 18. Agus ansin caithfidh gur roghnaigh mé ceirnín eile den bhailiúchán go fánach agus is dóigh gur opus 130 nó opus 131 nó opus 132 a bhí ann, agus bhí an tuin agus an struchtúr nua agus difriúil dom. Bhí an chosúlacht ar na ceathairéid sin go mba ón 20ú haois iad, díshondach agus géar go minic, agus neart athruithe neamhghnácha iontu, ach ansin d’fhilleadh an ceol ar bhinneas nó ar rithim damhsa nó ar fhonn éadrom. Stopadh ansin, agus d’éiríodh an ceol dúshlánach, neamhshólásach, neamh-chomhghéilleach.

Ar fhilleadh ar Bharcelona dom, fuair mé amach go raibh leabharlann Institiúid na Breataine ansin ina bhféadfaí ceirníní clasaiceacha a fháil ar iasacht as. Fuair mé na ceathairéid dheireanacha ar iasacht, an taifeadadh céanna a bhí ag Miriam. Is dócha gur thraoch mé an chéad taobh d’opus 131, agus gluaiseacht mhall fhada d’opus 132. Agus ansin, fuair mé bosca dlúthdhioscaí ar díol i siopa beag i gcroílár Bharcelona, taifeadadh le Quartetto Italiano atá anois ar CD agam.

Le gairid tá mé ag éisteacht le ceathairéid Beethoven i dtaifeadadh nua leis an Dover Quartet. Fillim arís agus arís eile chuig an adagio ar thosach opus 131 ar mó an chosúlacht atá air gur gluaiseacht mhall i lár ceathairéid é ná gluaiseacht oscailte.

Ní mé an bhféadfaí choíche cuid den tsollúntacht agus den tuin thruamhéalach atá sa ngluaiseacht oscailte seo, tuin a éiríonn níos corraí, níos tuarúla, a léiriú i dtús scéil nó úrscéil.

Tá sé tábhachtach, b’fhéidir, gan an iomarca focal a úsáid chun cur síos a dhéanamh ar an gceol seo. ‘Gan amhras, an rud is brónaí a dúradh riamh i nótaí,’ a dúirt Wagner agus é ag cur síos ar thús an phíosa seo. Chuir sé i gcomparáid é le ‘bheith ag múscailt le héirí gréine an lae – lá nach sásóidh mian ar bith, fiú an mhian is lú, dá fhad é mar lá.’

Ach ní roghnú ceoil é atá eagraithe mar a bheadh rogha do chlár ceoil; níl sé chun a chiall a ghéilleadh go héasca, má tá ciall nó meabhair ar bith atá intuigthe le baint as go díreach nó go hindíreach. Tá fuaim ann, agus freisin, de bhrí gur ceathairéad é, tá struchtúr air. Sna ceathairéid dheireanacha sin, baineann Beethoven triail as struchtúir éagsúla agus dá bharr sin tá seacht ngluaiseacht in opus 131 le dhá adagio agus trí allegro. Níl mothú amháin seasmhach sa gceol seo, rud a fhágann go leanann an ceann is ríméadaí an ceann is tuarúla agus is gairbhe.

Is furasta sin a fheiceáil mar ‘Stíl Dheireanach’ agus breathnú ar leabhar Edward Said faoin ábhar seo, agus, gan dabht, ar aiste Adorno faoi stíl dheireanach Beethoven. Ach tamall ó shin d’fhreastail mé ar léiriú d’opus 135 leis an Orion Quartet in Alice Tully Hall i Lincoln Center i Nua-Eabhrac. B’in é an ceathairéad iomlán deireanach a chum Beethoven. Ba chóir go mba cheathairéad lán le huigeachtaí dorcha a bheadh ann, é ag gluaiseacht chun cinn chun a chomhlíonadh ach dá choinneáil siar ansin, géilliúlacht ag streachailt le gníomh dúshlánach. Ach ina áit sin, bhraith mé go raibh an tuin éadrom sa gceol seo, é beagnach binn, beagnach suaimhneach.

Ní raibh sé scríofa ach cúpla mí sular bhásaigh Beethoven. Ós rud é go dtáinig meath ar a shláinte agus go raibh sé ag fanacht le nia a bhí ag teacht chuige féin ó iarracht féinmharaithe, is dóigh go raibh sé mealltach ceathairéad a chumadh a bheadh lán de dhuairceas. Ach tá cineál meidhre i gcroí opus 135, easpa coimhlinte. Athraíonn sin, áfach, i sraith ghearr ag fíorthosach na gluaiseachta deireanaí ina gcuireann Beethoven béim ar a nádúr duairc le nóta ar thug sé Der schwer gefasste Entschluss (‘An Comhréiteach Deacair’ is ciall leis) air.

Cheap mé i gcónaí gur bhain an nóta seo le deirí, saothar a bheith ag teacht chun críche, le bás, fiú. Ach i nóta mínithe an chláir le haghaidh an Chamber Music Society, fiafraíonn Jack Slevin: ‘An tagairt ghruama dá bhás a bhí roimhe atá ann nó aisfhreagra dírithe ar a fhoilsitheoir ar admhaigh sé dó go raibh sé drogallach an ceathairéad seo a scríobh?’

Scríobh Beethoven nótaí mínithe eile ar leathanaigh an cheoil scríofa, Muss es sein? (‘An gá é?’) agus Es muss sein! (‘Is gá!’) san áireamh. Bhí mé den tuairim ó am eicínt sa mbliain 1976 go mba thagairt a bhí ansin dá bhás dosheachanta a bhí ag cúngú chuige. Ach scríobhann Jack Slevin: ‘Tá réimse mór de mhínithe sochreidte air seo idir a bheith tromchúiseach agus suarach. Ba thagairt a bhí sa bhfocal ‘suarach’ d’easaontas a tharla idir é agus cara leis a raibh airgead ag Beethoven air agus ar scríobh sé canóin dó le Es muss sein! sna liricí.)

B’fhéidir gur míniú amháin ar thuin ghinearálta an cheathairéid dheireanaigh seo ná nach féidir linn a bheith ag súil le go ndéanfadh ealaíontóirí machnamh ar nóiméid mhóra an tsaoil chuile lá den tseachtain. Fiú an lá is measa agus is gránna den gheimhreadh, i dteach a bhfuil an braon anuas ann, ba cheart go bhféadfadh ealaíontóir tosú ag scríobh coiméide, má thagann íomhá ghreannmhar chuige. Nó dán liriceach nó scéal grá a scríobh. Agus, dá réir sin, freisin, d’fhéadfadh uachta gan choinne, filleadh duine muinteartha nó leannáin nó lá breá gréine samhraidh duine a chur ag smaoineamh faoi fhíor-uafás an tsaoil, faoina laghad dóchais atá ann d’aon duine againn dháiríre. (nó, ‘Neart dóchais, ach ní dúinne,’ mar a dúirt Kafka.)

I Nua-Eabhrac in earrach na bliana 1995, d’fhreastail mé ar léiriú leis an Tokyo Quartet d’opus ceathairéid 74, a bhfuil cáil air mar cheann de na meáncheathairéid. Le linn don cheol a bheith dá sheinm, rith smaoineamh liom, smaoineamh sách seanchaite, smaoineamh a rith le chuile dhuine uair eicínt ina saol, caithfidh sé. Bhuail an smaoineamh mé go dtiocfadh an t-am nach mbeinn beo chun éisteacht leis an gceol seo. Sheinnfí an ceol ina ainneoin sin. Thiocfadh daoine eile chun éisteacht leis. I hallaí mar seo bheadh lucht éisteachta ann ach ní bheinnse féin lasmuigh nó sa mbaile. Níorbh ann dom ar chor ar bith. Agus ní chloisfinn an ceol seo choíche aríst. Ní chuimhneoinn air fiú. Ní bheadh baint ná páirt aige liomsa mar nárbh ann domsa feasta. An rud a bhí ann tráth bheadh sé thart ansin. Le linn don cheol leanacht ar aghaidh, tháinig na smaointe sin chugam níos soiléire, níos tréine, agus le críochnaitheacht nach raibh agam riamh roimhe sin ná ó shin.

Céard ba cheart do scríbhneoirí a dhéanamh agus solas an tsaoil ar tí múchadh? Céard faoi na focail scoir nó an ráiteas mór deireanach faoin mbeatha is faoin mbás? Nó an smionagar a bheadh lán le féidearthacht a bheadh ann cosúil leis an gceann a frítheadh i bpóca an fhile Antonio Machado nuair a bhásaigh sé: ‘Na laethanta gorma seo. Grian na hóige seo.’ Nó na paidreacha a thagann ar deireadh in, ‘New and Collected Poems (1931-2001)’ de chuid Czeslaw Milosz. Seo an ceann deiridh:

Gathanna Dhalltacha Solais

Solas croite ó mhiotal,

Drúcht glé glinn neimhe,

Beannaigh gach neach beo,

Ar tugadh saol dóibh.

Bhí i bhfolach dháiríre,

Taobh thiar de chuirtín i gcéin.

Chaith ár saol ag tóraíocht

An ceadmhach is an neamhcheadneamh araon.

Is fios againn go gcríochnódh an fiach,

Go slánófaí faoi dheireadh thiar

A raibh stróicthe ina saol:

An cholainn bhocht is an t-anam fíor.

Le linn do W.B. Yeats a bheith ag saothrú an bháis, ní fhaca sé aon chúis le bheith ag paidreoireacht, ná píosa deireanach faoi leith a chumadh. Ina ionad sin, scríobh sé ‘Cuchulain Comforted’, an dara dán deiridh dá chuid – ba é an ceann deiridh ar fad ná ‘The Black Tower’ – a bhfuil an chuma air gur dhiúltaigh sé do go leor dár tháinig roimhe sin ina shaothar cruthaitheach féin, gné an ghaisce san áireamh. Scríobhadh an dán i terza rima, an fhoirm a bhfuil baint aici le Dante, foirm a bhí nua do Yeats. In ionad Cú Chulainn a léiriú mar ghaiscíoch fireann, dochloíte, uaigneach, tá sé leochaileach is i mbaol an bháis i ndán Yeats. Thart timpeall air tá lucht déanta na n-aiséadaí i mbun fuála. Tá siad, mar a deireann siad leis, ‘ina gcladhairí ciontaithe’ agus tugann siad misneach don ghaiscíoch atá ar tí a bháis teacht i bpáirt leo agus le linn dóibh a bheith dá gclaochlú:

‘D’athchruthaigh siad a gcuid scornaí ionas go raibh ina scornaí éan.’

Mórann an dán deireanach seo, dán atá scríofa mar liosta de ráitis shoiléire, an cineáltas, an neamhchrógacht, an gnáthshaol, socracht agus suaimhneas i mbéal an bháis. Agus an bás os a chomhair féin amach, tá an chosúlacht air go mba mhaith le Yeats dán a scríobh ina mbeadh gach smaoineamh a bheadh ann úrnua, réidh le tosú ag an tús arís.

Ag deireadh a shaoil nuair a d’aistrigh Thomas Mann ó California go dtí An Eilvéis, bhí úrscéal amháin eile le scríobh fós aige. Ós rud é go raibh sé faoi gheasa ag draíodóireacht agus ailceimic, chomh maith le bheith ag fulaingt tinnis agus gafa ag an ngnéasúlacht agus ag an mbás, agus gan amhras ag An nGearmáin agus a cuid staire, cheapfá go mbeadh cathú air leabhar dorcha deireanach a chur ar fáil agus é ag síormhachnamh ar gach ar tharla dá thír lena linn, nó úrscéal a cheisteodh a ghnéasúlacht rúnda féin.

Ach ina ionad sin, d’fhill sé ar phíosa éadrom a thosaigh sé dhá scór bliain roimhe sin ar thug sé Felix Krull air, scéal faoi fhear faille, mealltóir, duine ilchruthach. Agus leagan forbartha de sin ab ea úrscéal deireanach Mann, leabhar dar teidal The Confessions of Felix Krull, saothar atá éadrom agus ar nós cuma liom.

Filleann Mann ar sheantraidisiún Eorpach na scéalta faoin rógaireacht ina leanann cleas amháin cleas eile, saol ina bpioctar pócaí, nach gcúitítear dea-dhaoine agus ina n-athraíonn an caimiléara de laoch cliste s’againne a chruth is a chló féin ionas go dtagann slán. Is ní dhearna Mann de ghnéasúlacht Krull ach gné amháin eile dá chleasaíocht.

Nuair a bhí a ochtódú breithlá ag druidim leis – gheobhadh sé bás sa mbliain 1955 agus é ceithre scór bliain d’aois – scríobh Thomas Mann coiméide, amhail is dá mbeadh sé ag múineadh ceacht dúinn go léir, nó dúinne a bheadh toilteanach a thuiscint cé chomh dáiríre is atá an jóc.

  • Micheál Ó Conghailei gcomhar le Niklas Finka d’aistrigh go Gaeilge na hailt le Colm Tóibín sa tsraith seo, sraith atá á foilsiú againn i gcomhar leis an gComhairle Ealaíon. Tá Colm Tóibín ina Laureate i gcomhar Ficsean Éireannach, 2022-2024

Fág freagra ar 'Bímis toilteanach a thuiscint cé chomh dáiríre is atá an jóc…'

  • Eilís Ní Anluain

    Tús maith leis an tseachtain an píosa scríbhneoireachta seo a léamh.